Cuireadh
Bíodh d’aird uile ar an rud seo atá tú a choinneáil i do lámha
- Is amhlaidh a thugtar cuiradh duit le linn ghuí gach uile sheisiúin den chúrsa spioradálta seo éirí níos ciúine agus a bheith níos dírí agus níos réitithe i gcomhair éisteacht le briathar Dé. D’fhéadfá tosú inniu trí rud fisiciúil éigin a thógáil i do lámh, rud éigin ar féidir leat é a choinneáil go comporadach i do lámh. Dhéanfadh cupán cúis, nó píosa de thoradh, cleite, nó cloichín. Mura bhfuil aon cheo eile in aice láithreach, d’fhéadfá d’aird a dhíriú ar bhall éadaigh atá tú a chaitheamh. Roghnaigh rud éigin agus suigh go socair leis ar feadh nóiméid.
- Anois iompaigh an rud seo timpeall i do lámha. Breathnaigh go grinn air. Tabhair faoi deara an chaoi a n-airíonn sé, a throime atá sé, an bhfuil sé garbh nó mín, crua nó bog. Bíodh d’aird uile ar an rud seo atá tú a choinneáil i do lámha.
Cleacht mórchiúnas
The object that you selected is ultimately a part of God’s creation
- Breathnaigh air anois an athuair. Céard a bhaineas leis an rud seo nár thug tú faoi deara an chéad uair? Céard a dhéanas rud ar leith de nach bhfuil a leithéid eile ann? Go fiú más rud olltáirgthe é, beidh rud éigin faoi a dhealaíos amach é óna leithéid eile.
- Caith tamall eile ag baint sásaimh as an rud seo atá roghnaithe agat, rud ar ball é de chruthaitheacht Dé i ndeireadh báire. Ansin agus tú breá ciúin, éist le cuid de chaint a rinne an Rí Dáiví lena phobal i dtreo dheireadh a shaoil.
Scrioptúr
1 Croinicí 28: 2, 4-8
Ansin sheas Dáiví rí ar a chosa deiridh agus dúirt: “A ghaolta agus a mhuintir liom, tugaigí cluas dom: Thogh an Tiarna Dia Iosrael mise, thar theaghlach uile m’athar, le bheith i mo rí ar Iosrael go deo. Thogh sé Iúdá mar thaoiseach, agus mo fhine-se laistigh de theaghlach Iúdá; agus thar chlann mhac m’athar, thug sé mise mar rí d’Iosrael go léir le barr dea-mhéine. Agus thogh sé mo mhac Solamh thar mo chlann mhac go léir – mar bhronn an Tiarna a lán mac orm – le suí ar ríchathaoir an Tiarna i gceannas Iosrael. Dúirt sé liom: ‘Solamh do mhac a thógfaidh mo theach agus mo chúirteanna dom, óir thogh mé é le bheith mar mhac agam, agus beidh mise mar athair aigesean. Daingneoidh mé a fhlaitheas go brách, má choimeádann sé m’aitheanta agus m’orduithe mar atá siad inniu.’ I láthair Iosrael go léir anois, dá bhrí sin, agus i láthair chomhthionól an Tiarna, agus in éisteacht ár nDé, comhlíonaigí agus faighigí tuiscint ar aitheanta uile an Tiarna bhur nDia, i dtreo go mbeidh an tír bhreá thorthúil seo in bhur seilbh agus go bhfágfaidh sibh mar oidhreacht é ag bhur gclann in bhur ndiaidh go brách.”Reflect
Féach le Dia a fheiceáil ag obair i gceann de na hamanna deacra i do shaol féin
- Is iad Dáiví agus Solamh, an bheirt is cáiliúla de shinsir Íosa gan aon amhras, a gcuimhnítear orthu mar na ríthe ab fhearr de chuid Iosrael. Ba cheannaire míleata Dáiví a fuair an lámh in uachtar ar naimhde Iosrael agus a bhunaigh Iarúsailéim mar ardchathair. Thóg Solamh an Teampall i gcroílár na cathrach sin. Agus mar a mheabhraíos Dáiví do na daoine anseo, thogh Dia iad leis na nithe seo a dhéanamh. Cén glacadh agat agatsa leis an smaoineamh go mb’fhéidir gur toghadh thusa freisin in aon turas ag Dia le cúnamh a thabhairt dó lena chuid pleananna don domhan seo againne a chur i gcríoch?
- Ní raibh saol réidh ag Dáiví. Chonactha don rí Solamh a tháinig roimhe go raibh Dáiví in iomaíocht leis agus shíl sé é a mharú. Ar ball d’éirigh roinnt dá chlann mhac amach ina aghaidh i gcogadh cathartha. Mar sin féin i ndeireadh a shaoil ba léir do Dháiví go raibh Dia ag obair trí na chleachtaí seo uile, iad siúd a raibh cosúlacht mhaith orthu agus iad siúd a raibh cosúlacht dhona orthu. Féach le Dia a fheiceáil ag obair i gceann de na hamanna deacra i do shaol féin. Nó iarr ar Dhia cúnamh a thabhairt duit é a fheiceáil iontu.
- Is í gaois Sholaimh is mó a gcuimhnítear uirthi. Ba bhronntanas ó Dhia í seo, dar leis, agus b’fhearr leis í ná saibhreas ná saol fada. Cé air a gcuimhníonn tusa nuair a chuimhníos tú ar dhuine gaoismhear? An léir duit gur bronntanas an ghaois a bhfuil tú féin ina seilbh, nó ar mhaith leat a bheith ina seilbh, ar bhealach ar bith?
Talking to the Lord
Labhair le hÍosa faoin gcaoi a n-oibríonn Dia i do shaol agus sa domhan thart timpeall ort
- Luaitear Íosa cúpla babhta sna soiscéil mar dhuine de shliocht Dháiví. Saolaítear é i mBeithil ó tharla go mb’éigean d’Iósaf agus do Mhuire triall ar chathair Dháiví le haghaidh an daonáirimh. ‘A Mhac Dháiví’ a ghair Bairtiméas bochtán dall ar Íosa. Mar sin féin, saolaítear é i stábla agus cuirear chun báis é mar fheallaire in aghaidh an stáit. Gealltar do Dháiví sa sliocht seo atá léite againn go mbeidh sé féin agus a shliocht ina ríthe ar Iosrael go brách. Is é Íosa comhlíonadh an gheallta seo de réir shoiscéal Mhatha. Cé mar a thaitníos leat smaoineamh ar an Rí Íosa?
- Agus muid ag teannadh chun deiridh an ama guí seo, labhair le hÍosa, a dtugtar ‘mac Dháiví’ air i soiscéal Mhatha, labhair leis faoi na sinsir seo dá chuid agus faoin a n-insíonn a saol duitse fain gcaoi a n-oibríonn Dia i do shaol agus sa domhan thart timpeall ort.