Cuireadh
Beidh sé níos fusa glór Dé a chloisteáíl sa gciúnas
- I gcomhair chleachtadh an lae inniu a dhéanas muid a threorú isteach sa gciúnas áit a mbeidh sé níos fusa glór Dé a chloisteáíl, caith beagáinín ama ag tabhairt airde ar an mothú i mbaill éagsúla do cholainne. Is cuma an bhfuil tú i do shuí i gcathaoir chompordach, i do luí, nó ag coisíocht. Tabhair aird ar dtús ar an mothú i do chosa, na bróga atá á gcumhdach nó an talamh a bhfuil siad á bhrú.
- Ansin oibrigh aníos trí do cholainn – óna cosa, na coróga, an chabhail, na géaga agus na lámha, go dtí d’éadan agus do bhaithis. Lig don mhothú i ngach uile bhall a ghabháil i gcion ort, agus ná bog ar aghaidh go dtí go dtarlaíonn sé sin.
Cleacht mórchiúnas
Lig do d’aird a bheith socair áit éigin gar do do chroílár féin
- Nuair a shroichfeas tú do cheann, filleadh d’aird ar do chosa, agus gluais go réidh trí do cholainn uair nó dhó eile.
- Ansin, nuair a bheas tú faoi réir, lig do d’aird a bheith socair áit éigin gar do do chroílár féin.
- Is ón lár ciúin sin a thig leat éisteacht anois leis an gcaoi ar chuimhnigh na glúine a tháinig ina dhiaidh ar Iahóiácaín rí.
Scrioptúr
2 Ríthe 24: 6, 8 – 15
Ansin chuaigh Iahóiácaím chun suain lena shinsir agus tháinig Iahóiácaín i gcomharbacht air. Bhí Iahóiácaín ocht mbliana déag d’aois ag teacht i gcoróin dó, agus bhí sé trí mhí ina rí in Iarúsailéim. Nachuisteá, iníon Ealnátán ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair. Rinne sé an t olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne a athair roimhe. San am sin mháirseáil sluaite Nabúcadnazar rí na Bablóine in aghaidh Iarúsailéim agus rinne siad an chathair a thimpeallú. Tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine é féin chun an chathair a ionsaí fad a bhí sí faoi léigear ag a mhuintir. Ansin ghéill Iahóiácaín rí Iúdá do rí na Bablóine, é féin, a mháthair, a oifigigh, a uaisle agus a choillteáin, agus chuir rí na Bablóine i mbraighdeanas iad. Ba é sin an t-ochtú bliain de réimeas Nabúcadnazar. Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna. Thug sé Iarúsailéim ar fad leis ar deoraíocht; na huachtaráin uile agus na laochra gaile uile, deich míle cime, mar aon leis na gaibhne agus leis na ceardaithe go léir; níor fágadh ina ndiaidh ach bochtáin na tíre. Dhíbir sé Iahóiácaín chun na Bablóine, mar aon le máthair an rí, mná an rí, a choillteáin agus uaisle na tíre; thug sé iad go léir leis ó Iarúsailéim ar deoraíocht chun na Bablóine.Machnamh
Cén bharúil atá agat den rí mífhortúnach seo ón méid atá léite agat
- Is é Iahóiácaín an t-ainm deiridh a luaitear ag Naomh Matha sa gcuntas ar shinsir Íosa sul má fhuadaítear an scothaicme Ghiúdach chun bealaigh go dtí an Bhablóin. (Baintear úsáid as leagan eile dá ainm, Iacoiniá, i soiscéal Mhatha.) Cén bharúil atá agat den rí mífhortúnach seo ón méid atá léite agat?
- Leathnú impireacht na Bablóine isteach i gceantar comharsan níos laige an míniú a thugas staraithe ar thitim Iarúsailéim a luaitear anseo. Tá míniú níos simplí ag údar an chuntais bhíobalta seo. Rinne Iahóiácaín ‘an t olc i bhfianaise an Tiarna’, agus dá réir sin gearradh pionós air féin agus ar a mhuintir. Cé acu de na mínithe seo is mó a dhéanas ciall duitse, go fiú agus gan an cúlra ar eolas agat?
Ag labhairt le Dia
Smaoineamh ar an gciall atá leis an imirce i do shaol féin
- Tá téama na himirce tábhachtach don phobal Giúdach ón lá sin go dtí an lá inniu. A bheith gan tír dhúchasach de do chuid féin, iallach a bheith ort cónaí i measc strainséirí a labhraíos teangacha éagsúla agus a chleachtas nósanna éasgúla. Bheadh an cleachtadh céanna ag Íosa, tamall gairid tar éis a bhreithe, nuair a bheadh air féin agus ar a chomhluadar teitheadh chun na hÉigipte. An bhfuil aon bharúil agatsa cé leis a bhfuil sé seo cosúil? D’fhéadfá cuimhneamh ar do chleachtadh féin nó ar chleachtadh dídeanaithe a luadh ar an nuacht.
- Cuimhnigh freisin orthu siúd a fágtar. Deir an scrioptúr linn gurb iad ‘bochtáin na tíre’ iad. A gcuid ceannairí uile, na haicmí uile a raibh oideachas orthu, go fiú an airm a bhí ann lena gcosaint, fuadaíodh as iad. Fágtar iad ina sclámhaithe ionann is ag na fórsaí forghabhála. Arís ar ais, an bhfuil tú in ann a thuiscint cé leis a mbeadh sé seo cosúil agus tú ag cuimhneamh ar scéalta atá cloiste agat faoi daoine a dhíoltar is a cheannaítear lenár linn féin?
- Agus an phaidir seo ag tarraingt chun deiridh, thiocfadh dó gur mhaith leat labhairt le Dia ar feadh cúpla nóiméad faoi imircigh agus faoi sclábhaithe, faoi dhídeanaithe agus faoi lucht iarrtha tearmainn. Sin nó b’fhéidir gur mhaith leat smaoineamh ar an gciall atá leis an imirce i do shaol féin. Is cuma cén cás é, bíodh a fhios agat go gcasfar ort Dia a shroicheas go cumhachtach go dtí iad siúd uile a dteastaíonn cúnamh uathu.