Cuireadh
Cé na smaointe a thugas tú faoi deara ag gabháil trí d’intinn
- Agus muid ag tosú ar an seisiún seo den chúrsa spioradálta, bí socair go fisiciúil ar dtús. Is cuma má thograíonn tú a bheith i do sheasamh, i do shuí go compordach, nó i do luí; cuir thú féin sa gcruth go mbeidh tú socair agus airdeallach ar feadh cúpla nóiméad. Fan socair ansin ar feadh cúpla nóiméad agus tú dá thógáil go réidh.
- Tabhair faoi deara anois ar feadh scaithimh a bhfuil ag tarlú ionat féin, i d’intinn agus i do chroí. Cé na smaointe a thugas tú faoi deara ag gabháil trí d’intinn? Cé na mothúcháin a airíos tú? De réir mar a ghlacas tú am le bheith níos socra, céard is léir duit ag brú ar do choinsiasacht?
Cleacht mórchiúnas
Caith tamall go socair ag breathnú ar gach a bhfuil ag tarlú
- Tabhair faoi deara an chaoi a líonas agus a thrás na smaointe seo ar nós abhann le linn duit a bheith dá scrúdú. Beidh an chuma ar chuid acu go bhfuil siad níos tábhachtaí agus níos fadmharthanaí. Ní bheidh i gcuid eile acu ach aireachtálacha fánacha a thagas agus a imíos go héasca. Ná déan ach breathnú ar feadh scaithimh ar ghluaiseacht na smaointe agus na mothúchán seo ag gabháil tríot.
- Féach le do scaradh féin tuilleadh ó na mothúcháin seo. Ní tusa abhainn choipthe na smaointe agus na mothúchán feasta; ina áit sin is amhlaidh atá tú ag breathnú ar an abhainn, ag breathnú ar na smaointe agus ar na mothúcháin agus tú i bhfad as láthair. Caith tamall go socair ag breathnú ar gach a bhfuil ag tarlú, gan aon chúram ort a bheith sáite ann láithreach. Lig d’abhainn na smaointe agus na mothúchán gluaiseacht ar aghaidh. Lena linn seo, agus tú in áit chiúin os cionn na habhann, éist le sliocht ó shoiscéal Lúcáis a bhfuil cur síos ann ar eachtra a bhaineas le hóige Eoin Baiste.
Scrioptúr
Lúcás 1: 57
Tháinig a hionú d’Eiliosaibeit agus rug sí mac. Agus chuala a comharsana agus a
gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.
Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag
tabhairt ainm a athar air, Zacairiá. Ach labhair a mháthair agus dúirt: “Ní hea, ach
glaofar Eoin air.” Agus dúirt siad léi: “Níl aon duine ar do chine a bhfuil an t-ainm sin
air.” Ach d’fhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air.
Agus d’iarr seisean cláirín agus scríobh air: “Is Eoin is ainm dó.” Agus rinne siad uile
ionadh de. Bogadh a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé.
Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in
Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile, agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad
chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin
bhí lámh an Tiarna leis.Machnamh
An cuimhneach leat féin am a raibh tú féin páirteach i gceiliúradh breithe linbh a rabhthas ag súil leis ar feadh i bhfad?
- Breathnóimid sa seisiún seo den chúrsa Aidbhinteach seo againne ar thriúr nach bhfuil ar liosta Mhatha de shinsir Íosa. Níl Zacairiá, Eiliosaibeit ná Eoin sa líne dhíreach a scrúdaigh muid ó Abrahám anuas. Ina leaba sin, is gaolta agus comhaoiseanna le hÍosa agus lena mháthair Muire iad. Síleadh nárbh fhéidir le hEiliosaibeit leanaí a bheith aici. Mar sin de, is údar ceiliúrtha go háirithe breith a mic di féin agus dá cairde agus dá comharsana. An cuimhneach leat féin am a raibh tú féin páirteach i gceiliúradh breithe linbh a rabhthas ag súil leis ar feadh i bhfad?
- Is é Eoin a réiteos daoine le fáilte a chur roimh Íosa. Léirítear dúinn anseo an chaoi a n-oibríonn Dia go cumhachtach ó thús a bhreithe. Is údar ionaidh agus umhain do dhaoine é. An cuimhneach leat-sa am arbh údar ionaidh agus umhain duit féin obair Dé?
Ag labhairt le Dia
Cén rud i saol agus i sampla Eoin Baiste is mó a théas i gcion ort-sa?
- Tá ainmneacha agus ciall ainmneacha tábhachtach do scríbhneoirí an Bhíobla. Tá Zacairiá teann as a thuairim gur ‘Íosa’ is ceart a thabhairt ar a mhac, ainm a bhronn aingeal a dúirt leis go mbeadh sé ina athair gan mórán achair. ‘Tá Dia tar éis a bheith grástúil’ an chiall atá leis an ainm ‘Eoin’. An léir duit-se gurb amhlaidh a bhí Dia grastúil duit-se i do shaol féin. Cén fhianaise ab fhéidir leat a thabhairt mar thaca le héileamh den sórt seo?
- As deireadh an tsleachta seo, is amhlaidh atá daoine ag fiafraí céard a bhainfeas don ghasúr seo. Tá a fhios agam an chuid eile den scéal. Baistfidh sé go leor, agus iarrfaidh sé orthu iompú ón bpeaca. Aithneoidh sé Íosa agus fágfaidh sé an bealach aige mar dhuine is mó le rá ná é féin. Agus tiocfaidh sé salach ar rí de bharr a chuid seanmóireachta, agus gheobhaidh bás mairtírigh i bpríosún. Cén rud i saol agus i sampla Eoin Baiste is mó a théas i gcion ort-sa?
- Labhair le hÍosa faoina chol ceathrar Eoin anois ar feadh scaithimh, agus faoina gciallaíonn saol Eoin duitse de bharr ar chleacht tú sa bpaidir seo.