Cuireadh
Déan iarracht an gciúnas bunúsach istigh a aimsiú
- Le linn dúinn ár mbealach a dhéanamh trí na seisiúin éasgúla den chúrsa spioradálta seo, treoraíodh thú trí bhealaí éagsúla lena éirí níos socra agus níos airdeallaí. Bhain tú úsáid as d’anáil féin, as na mothúcháin éagsúla i do cholainn, as aird chiúin a thabhairt ar thuile agus ar thrá do chuid smaointe agus mothúchán. Dhírigh tú ar rud fisiciúil ar mhaithe leis an gciúnas a aimsiú. Thug tú aird ar na fuaimeanna thart timpeall ort leis an gciúnas bunúsach istigh a aimsiú. Caith tamall ag cuimhneamh ar na bealaí seo agus féach le ceann amháin acu a d’oibrigh duit-se a thabhairt chun cuimhne.
Cleacht mórchiúnas
Lig do do thuiscint féin tú a threorú isteach i socracht agus i gciúnas
- Má tá ceann de na modhanna seo a bhí tairbheach duit-se, tabhair cúpla nóiméad duit féin le gabháil tríd. Ná bíodh imní ar bith ort mura gcuimhníonn tú ar na mionsonraí a tugadh anseo. Lig do do thuiscint féin tú a threorú isteach i socracht agus i gciúnas níos mó. Má tá tú nua ag na modhanna seo, b’fhéidir gurbh fhearr duit suí go socair anois agus cibé síocháin atá i ngach a bhfuil thart timpeall ort a aimsiú, agus tú ag fáil faoi réir lena éisteacht leis an sliocht scrioptúrtha a leanas liosta Mhatha de shinsir Íosa.
Scrioptúr
Matha 1: 18 - 24
Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin dó i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.” Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” – ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn. Dhúisigh Iósaef agus d’éirigh, agus rinne mar d’ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis."Machnamh
Tá plean Dé comhlíonta
- Is léir do Mhatha gurb eo é an nóiméad a gcuirtear barr slachta ar an obair a bhí Dia a dhéanamh anuas trí na haoiseanna. Tá liosta tugtha síos aige d’ainmneacha daoine ag gabháil siar dhá ghlúin is dá fhichead. Bhí Dia ag fáil faoi réir i ngach uile dhuine acu sin. Anois le breith Íosa do Mhuire agud do Iósaef tá plean Dé comhlíonta. Déan do mharana ar feadh tamaill ar scóip obair Dé i gcaitheamh an ama seo uile.
- Is léir óna bhfuil scríofa anseo gur cuireadh Muire i gcás deacair de bharr choinníollacha neamhghnácha bhreith Íosa. Tá Muire torrach agus gan í fós pósta. B’in rud a d’fhág séala dona sa bpobal mór sin. Agus ní bheidh sé éasca an míniú atá ar chúrsaí a chur abhaile ar na daoine thart ar Mhuire. Cé leis a raibh sé cosúil do Mhuire an t-ualach seo a iompar?
Ag labhairt le Dia
Tá Dia linn
- Seans go bhfuil eolas agat ó shoiscéal Lúcáis ar an scéal gur cuireadh an t-ardaingeal Gaibriéil chuig Muire ó Dhia. Sa gcuntas atá ag Matha, is é Iósaef agus ní hea Muire a ghlacas le míniú an aingil faoina bhfuil ag tarlú, agus lámh Dé ann. Céard é do mheas ar an gcaoi a nglacann Iósaef leis an méid a insíodh dó? Céard a insíos sé sin duit faoin gcineál fir atá ann?
- ‘Imeánúéil’, ainm a chiallaíos ‘tá Dia linn’, an t-ainm a bronnadh ar Íosa. Is amhlaidh atá Dia – a gceapfaí go raibh sé i bhfad ó dhaoine agus seachantach – is amhlaidh atá sé tar éis a theacht chun maireachtáil i gceartlár a dhaoine. Agus tá an t-ainm seo, ‘Imeánúéil’, i gcónaí i measc ainmneacha Íosa. Céard a chiallaíos sé duit-se a bheith in ann a rá ‘go bhfuil Dia liom nó go bhfuil Dia linn’ i gcás do shaoil laethúil?
- I gceann cúpla lá beidh an Nollaig á ceiliúradh againn – an fhéile mhór Chríostaí a mheabhraíos na himeachtaí seo dúinn. Labhair le Dia anois ar feadh cúpla nóiméad faoin méid a chiallós an fhéile duit-se i mbliana, agus faoina ndúisíonn sí ionat. Éist le cibé ar bith freagra is mian le Dia a thabhairt ort.