Cuireadh
Smaoinigh ar an gcaoi a mbreathnaíonn Dia ortsa
- Moltar cúpla bealach le gluaiseacht isteach in am guí sa leabhar Na Cleachtaí Spioraadálta le hIognáid Loyola. Tá ceann amháin acu simplí go leor ach seans gurb aisteach leat ar dtús é. ‘Samhlaigh’ deir sé, ‘an chaoi a mbreathnaíonn Dia ort’ Céad é do bharúil den chuireadh sin agus tú a chloisteáil den chéal uair?
- Tarlaíonn roinnt uaireanata sa mBíobla go ndeirtear linn gur bhreathnaigh Íosa go grinn ar dhaoine mar a bheadh sé á meas. Mar sin féin, bhreathnaíodh sé orthu le trua agus ní hea le teann breithiúnais. Seans go gcuidíonn sé sin leat a raibh i gceist ag Iognáid a thuisicnt. Bain triail as. Ar feadh nóiméad nó dhó, smaoinigh ar an gcaoi a mbreathnaíonn Dia ortsa.
- Is é Íosa aghaidh dhaonna Dé. Is féidir an breathnú ar aghaidh Chríost a shamhlú dáiríre agus é ag breathnú ort, agus ag díriú airde ort. Cén cur síos a dhéanfá ar an mbreathnú sin do chara a cheisteodh thú ina thaobh?
- Lig d’Íosa coinneáil air ag breathnú ort mar sin agus tú ag éisteacht uair amháin eile leis na focail a labhair Zacairiá tar éis bhreith a mhic a réitigh an bealach i gcomhair Íosa.
Scrioptúr
Lúcás 1: 67 - 79
Agus líonadh Zacairiá a athair den Spiorad Naomh, agus rinne tairngreacht á rá:
“Moladh don Tiarna, Dia Iosrael,
óir rinne sé a phobal a fhiosrú agus a fhuascailt;
agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhar
i dteaghlach Dháiví a sheirbhíseach –
de réir mar a labhair
trí bhéal a naomhfháidh anallód –
mar shaoradh dúinn ónár naimhde
agus óna láimh siúd uile ar fuath leo sinn,
ag déanamh trócaire mar sin ar ár n-aithreacha,
agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa –
ar an mionn a mhionnaigh sé d’Abrahám ár n-athair –
go dtabharfadh sé dúinn,
tar éis ár saortha as láimh ár naimhde,
bheith ag seirbhís dó gan eagla,
i gcrábhadh agus i bhfíréantacht ina láthair gach lá dár saol.
Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde,
óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthair,
ag tabhairt eolas an tslánaithe dá phobal
trí mhaithiúnas a bpeacaí
de chionn thrócaire chroí ár nDé
a bhéarfaidh an Láchan dár bhfiosrú ó uachtar neimhe,
chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis;
chun ár gcéimeanna a sheoladh i mbóthar na síochána.”Machnamh
Oibríonn Dia trí na daoine a roghnaíos sé
- Cuirtear tús le tairngreacht Zacairiá trí bhreathnú ar Abrahám agus ar gach a ndearna Dia óna lá siúd leis na gealltaí a thug Dia do na daoine a chomhlíonadh. Le linn an chúrsa spioradálta seo, bhreathnaigh tusa ar chuid de na daoine seo ar bhain Dia úsáid astu lena phlean a chur i gcríoch. Agus an cúrsa spioradálta ag teannadh chun deiridh, céad é do bharúil faoin gcaoi a n-oibríonn Dia trí na daoine a roghnaíos sé?
- Níl aon athrú ar bhealaí Dé. Go fiú sa lá inniu, tá sé ag obair trí dhaoine eile le do shaol-sa a mhúnlú. Oibríonn sé tríotsa freisin le saol daoine eile a mhúnlú. Cén áit is mó a mbraitheann tú an múnlú seo ag tarlú faoi láthair?
Machnamh
An gcuirfidh tú am i leataobh le bronntanas na síochána a iarraidh ar Dhia
- Ceann de na habairtíní a mbaintear úsáid astu sa sliocht seo le suimiú a dhéanamh ar obair Dé is ea gur mian leis solas a sholáthar ‘chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas’. Ní comhtharlú ar bith é, sa leathsféar ó thuaidh ar a laghad, go dtiteann an Nollaig ag an am is dorcha den bhliain. Cén chaoi a mbraitheann tusa faoi Dhia a gheallas a theacht isteach sna póirsí is dorcha de do shaol?
- Is mian le Dia freisin “ár gcéimeanna a sheoladh i mbóthar na síochána.” “Síocháin ar talamh, agus do lucht na dea-thola” dúirt na haingil agus iad ag fógairt bhreith Íosa. Seans go gcloisfidh tú an nuacht sin faoi theacht na síochána i gcarúil agus i léamha na laethanta atá romhainn. An taitneamhnach leat sin? An gcuirfidh tú am i leataobh le bronntanas na síochána a iarraidh ar Dhia, i do shaol féin agus i saol an domhain anois?
Déan machnamh ar an gCúrsa Spioradálta
Caith tamall ag gabháil buíochais le Dia
- Sul má chuirimid deireadh leis an gcúrsa spioradálta seo, is maith is fiú breathnú siar agus a thabhairt faoi deara céard a fhanas leat, agus céard ab fhiú a thabhairt leat sna seachtainí agus sna míonna atá romhat. Tosaigh, mar sin, le trí fhocal a phiocadh a dhéanfadh cur síos ar an gcúrsa Aidbhinteach mar a chleacht tusa é i mbliana.
- An bhfuil ceann de na seisiúin ghuí nó ceann de na léamha scrioptúrtha nó ceann de na híomhánna a fhanas leat anois? Má tá céard é? Is fiú cúpla nóiméad a chaitheamh ag cleachtadh na guí sin an athuair, a oiread agus is féidir, agus a thabhairt faoi deara céard a tharlaíos i d’intinn agus i do chroí agus tú á dhéanamh sin.
- B’fhéidir gur léir duit athrú éigin ionat féin nó i do ghuí i gcaitheamh na seachtainí ó thosaigh an cúrsa spioradálta seo. B’fhéidir go raibh tú ag iarraidh bronntanas áirithe ar Dhia agus go bhfuil barúil agat go bhfuil an bronntanas sin nó cuid de faighte agat. Tharlódh gur thug Dia i bhfad níos mó duit ná ab fhéidir leatsa a iarraidh nó a shamhlú go fiú, nuair a thosaígh muid amach ar an aistear seo le chéile. Caith tamall ag gabháil buíochais le Dia as ucht gach a ndearna sé leat i gcaitheamh an achair seo.
Féach ar aghaidh
Iarr a bhfuil uait ar Dhia san am atá romhat amach
- Bíodh súil agat anois leis na laethanta agus leis na seachtainí atá le teacht. An bhfuil aon cheo a bhaineas leis an gcúrsa spioradálta nach bhfuil baileach críochnaihte? An bhfuil gné de do shaol ar léir duit Dia ag obair uirthi go géar crua i gcónaí? An bhfuil bronntanas ar dóigh leat call a bheith agat leis i gcónaí agus a bhfuil tú ag fanacht leis i gcónaí? Iarr a bhfuil uait ar Dhia san am atá romhat amach.
- Go leor acu siúd a luadh i gcuntas Mhatha ar shinsearacht Íosa, bheadh iontas orthu dá dtuigfidís an chaoi ar oibrigh Dia tríothu, trína sinsir féin, agus trína sliocht. Is ag labhairt le Dia, “an té úd ar féidir dó i bhfad níos mó a dhéanamh ná mar a d’iarrfaimisne nó smaoineamh féin air, atá Naomh Pól ina litir chuig na hEifisigh. Agus an cúrsa spioradálta seo ag teannadh chun deiridh, caith tamall ar do shuaimhneas agus déan do chuid féin de phaidir Phóil:
Eifeasaigh 3:14-21
Sin é an fáth a dtéim ar mo ghlúine i bhfianaise an Athar óna n-ainmnítear gach clann ar neamh agus ar talamh. Go dtuga sé daoibh as ollmhaitheas a ghlóire go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trína Spiorad, go gcónóidh Críost in bhur gcroí trí chreideamh, go mbeidh sibh fréamhaithe agus bunaithe sa ghrá ar shlí go bhféadfaidh sibh féin agus na naoimh go léir fad agus leithead agus airde agus doimhneas an ghrá a thuiscint; go gcuirfidh sibh eolas ar ghrá Chríost atá os cionn tuisceana agus go líonfar sibh de líonmhaireacht iomlán Dé. Glóir don té úd ar féidir dó i bhfad níos mó a dhéanamh ná mar a d’iarrfaimisne nó smaoineamh féin air, tríd an gcumhacht atá ag obair ionainn. Glóir go raibh aige san Eaglais agus i gCríost Íosa ó ghlúin go glúin go brách na breithe. Amen.
Aiseolas
Is brea linn chloisteáil ó dhaoine a bhaineann úsáid as an Tearmainn agus ár gCúrsa Spioradálta. Bain úsáid as an fhoirm teagmhála chun teachtaireacht a sheoladh chugainn.