Cúrsa Spioradálta Carghais: Mná na Páise

Do chéad fáilte go dtí Cúrsa Spioradálta Carghais na bliana seo. Tugann cúrsa spioradálta deis duit a ghabháil ar leataobh ó ghnáthchúraimí an tsaoil, marana agus guí a dhéanamh ar staid an chaidrimh atá agat le Dia, leis na daoine thart ort, agus leis an saol mór. Ar mhaithe le cúnamh agus teoir inár nguí i mbliana, déanfaimid marana ar imeachtaí na Páise, mar a chonacthas iad do na mná a bhí i dteannta Íosa. Léigh an intreoir chun tosú.