• Fáilte

    Is ócáid an–tráthúil an Carghas le haghaidh a leithéid de chúrsa spioradálta a dhéanamh
    • Do chéad fáilte go dtí Cúrsa Spioradálta Carghais na bliana seo. Tugann cúrsa spioradálta deis duit a ghabháil ar leataobh ó ghnáthchúraimí an tsaoil, marana agus guí a dhéanamh ar staid an chaidrimh atá agat le Dia, leis na daoine thart ort, agus leis an saol mór. Is ócáid an–tráthúil an Carghas le haghaidh a leithéid de chúrsa spioradálta a dhéanamh nuair a bhítear ag fáil faoi réir le Mistéir na Cásca a cheiliúradh, páis, bás agus aiséirí Íosa Críost ar Dhomhnach Cásca.
    • Ar mhaithe le cúnamh agus teoir inár nguí i mbliana, déanfaimid marana ar imeachtaí na Páise, mar a chonacthas iad do na mná a bhí i dteannta Íosa. Claochlaíodh a saol mar gheall air gur casadh Íosa orthu. Tá trácht i Soiscéal Eoin ar na mná a sheas ag bun na Croise le haghaidh bigil dheireanach a choinneáil le linn pháis Chríost. Tá a fhios againn ainmneacha cuid acu: Máire Mhaigdiléana, Máire máthair Shéamais agus  Iosaef, Salómae, agus ar ndóigh Muire a mháthair. Daoine anaithnide cuid eile acu: Tá trácht i Soiscéal Lucáis ar iníonacha Iarúsailéim a chaoineas é agus é ar a bhealach go dtí an Chros. Tá mná eile freisin a raibh baint acu le léiriú an drama: Marta agus Máire ag Béatáine, an freastalaí mná i gclós an Ardsagairt agus bean Phíoláit.
    • Le linn duit a bheith ag guí leis an ábhar a sholáthraítear anseo, tá súil againn go gcasa tusa freisin le hÍosa ar bhealach nua agus ar bhealach níos doimhne agus go gclaochlófar do shaol féin mar gheall air gur chas tú leis. Tá súil againn freisin go dtaga tú ar thuiscint níos doimhne ar Dhia agus é ag obair i do shaol. 
  • Praiticiúlachtaí

    Is é an chéad rud nach mór duit a chur san áireamh ná an méid ama is dóigh leat a fhéadas tú a thabhairt do gach uile sheisiún den chúrsa spioradálta

    Tosaimíd le roinnt moltaí praiticiúla a d’fhéadfadh cúnamh a thabhairt duit mura bhfuil cúrsa spioradálta ar nós an cheann seo déanta agat cheana, nó a d’fhéadfadh nithe a mheabhrú duit más rud é go bhfuil a leithéid déanta agat cheana.

    Is é an chéad rud nach mór duit a chur san áireamh: an méid ama is dóigh leat a fhéadas tú a thabhairt do gach uile sheisiún den chúrsa spioradálta. Is fiú cinneadh a dhéanamh faoi seo ar dtús agus féachaint leis an méid céanna ama a thabhairt do gach uile mharana. Ná héirigh as láithreach má airíonn tú go bhfuil an ghuí deacair agus ná lean ar aghaidh ró-fhada má bhíonn rudaí ag gabháil go maith. Tuairim is 15 nóiméad atá uaim le haghaidh gach uile cheann de na seisiúin. Tharlódh, mar sin féín, go mba mhian leat tuilleadh ama le tú féin a réiteach nó le filleadh i gcaitheamh an la ear ar smaointe a ritheas leat le linn an chúrsa spioradálta. Má tá acmhainní le cois uait le tú féin a réiteach i gcomhair an ama guí, gheobhaidh tú cleachtaí análaithe agus socrachta ar an suíomh gréasáin Pray as You Go.

  • Praiticiúlachtaí ar aghaidh

    Is é aidhm an chúrsa seo deis a thabhairt duit guí áit ar bith ar mian leat

    B’fhiú duit smaoineamh ar an am den lá is fearr a fheileas duit-se le haghaidh guí. Ní mar a chéile gach uile dhuine. Is fearr le daoine áirithe guí ag tús an lae, is fearr le tuilleadh guí tráthnóna, agus is fearr le cuid eile guí le linn sosa i lár an lae. B’fhiú duit smaoineamh freisin ar an áit a ndéanfaidh tú an cúrsa spioradálta seos é. Is é aidhm an chúrsa seo deis a thabhairt duit guí áit ar bith ar mian leat – ag gabháíl chuig do chuid oibre nó ag filleadh abhaile, amuigh ag siúlóid, ag baile, nó i dteannta daoine eile. Déan iarracht an rud is fearr a fheileas duit-se a dhéanamh amach.

    Ar deireadh, fiafraigh díot féin cad chuige a bhfuil an cúrsa spioradálta seo dá dhéanamh agat. Céard iad na bronntanais agus na grásanna a bhfuil súil agat lena bhfáil ó Dhia le linn na n-amanna guí seo? Bí cinnte go n-iarrann tú ar Dhia iad ag tús do chuid guí agus go n-iarrann tú rud ar bith eile is mian le Dia a bhronnadh ort freisin.

    Tar éis duit do mharana a dhéanamh ar na ceisteanna seo ar feadh scaithimh, beidh tú faoi réir le tosú ar an scrúdú seo i gcruth guí ar mhná na Páise. Sul má thosaíonn tú, bíodh a fhios agat go bhfuil fáilte dá cur ag Dia romhat casadh leis ar an mbealach seo. Bíodh a fhios agat freisin go bhfuil daoaine eile go leor ar fud an domhain i mbun an chúrsa spioradálta seo in éineacht leat.

  • Intreoir

    Ba é Béatáine baile na beirte deirfiúracha, Marta agus Máire

    Is roimh an gcuntas ar an bPáis a thugtar cuntas ar thógáil Lazaras ó mhairbh i mBéatáine i Soiscéal Eoin. Tá na soiscéil uile ar aon fhocal gur i mBeátáine, i bhfoisceacht cúpla ciliméadar d’Iarúsailéim, a bhí Íosa ag tús na seachtaine a dtugaimid ‘An tSeachtain Mhór uirthi, agus de réir an seanchais, is as sin a thosaigh an dul isteach buach sa gCathair Naofa, ar lena linn a scaip na sluaite craobhacha pailme ag a chosa. Ba é Béatáine baile na beirte deirfiúracha, Marta agus Máire, agus dá réir sin, is cóir gur leis an mbeirt bhan seo a thosódh ár gcéad mharanaí i gcomhair an chúrsa spioradálta Carghais seo againne.

    Gluaiseann imeachtaí na Seachtaine Móire chomh sciobtha agus chomh drámata sin go ndéanann daoine go leor neamh-shuim den chéad phearsa bhaineann eile a chastar orthu i scéalta na Páise. Is í sin an freastalaí mná atá ar dualgas i detach an Ardsagairt. Is iontach sin ó tharla  sin go luaitear í i ngach uile cheann de na ceithre shoiscéal. Níl na cuntais bailecach mar a chéile, ach tá siad ar aon fhocal gurbh é a cúisiú sise faoi deara do Pheadar Íosa a shéanadh den chéad uair. Tá finscéal ann, nach bhfuil aon bhunús scrioptúrtha leis ach ar éigean, a deir gurb ionann í agus Rodae, an cailín aimsire sa teach a bhfuair Peadar coimirce ann tar éis dó éalú as príosún Héaróid le cúnamh aingil, rud a luiatear i gCaibidil 12 de Ghníomhartha na nAspal (12:13).

    Tar éis a chúisithe as diamhasla ag an Sainidrín, tugtar Íosa os comhair an ghobharnóra Rómhánaigh Pointias Píoláit. Le linn dó a bheith ag ceistiú Íosa, faigheann Píoláit teachtaireacht óna bhean, teachtaireacht a luaitear i véarsa aonair i Soiscéal Mhatha: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m’fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.” (Matha 27:19). De réir an tseanchais rinneadh duine de lucht leanúna Íosa os íseal de bhean Phíoláit arbh é Cláidia a hainm. Cáil naoimh atá uirthi san Eaglais Cheart-chreidmheach a gcreideann a cuid ball gur bronnadh an Creideamh urithi.

  • Intreoir ar aghaidh

    Is í Máire Mhaigdiléana an chéad duine a fheiceas Críost aiséirithe a labhraíos léi ina hainm

    Is dóigh gur complacht ban cráifeach Giúdach ‘iníonacha Iarúsailéim’, a luann Lúcás iad, a théadh chuig céastaí ar an gcros agus a thairgeadh deoch fíona agus druga eile meascthe tríd a chuideodh leis an bpian uafásach a mhaolú. Ba ghníomh carthanais a leithéid agus is ag caoineadh is ag sileadh deor ar son duine a bhí daortha chun báis faoin Dlí. Is léir ó fhreagairt Chríost go raibh trua aige dóibh agus imní air ina dtaobh.

    Dúirt Íosa le ‘hiníonacha Iarúsailéim’ gan a bheith ag caoineadh ar a shon-san ach ar a son féin, arae bhí a fhios aige, dá dtugadh an saol mór an chluas bhodhar dá theachtaireacht, go leanfadh tubaist go cinnte. Ní insítear dúinn céard a shíl siadsan den fhógra seo nó ar lean na mná seo é an bealach uile go dtí áit an chéasta. Is éard a insítear dúinn sna soiscéil uile go raibh grúpa beag ban ann i mbun bigile ag an gCros, ina measc Muire, a Mháthair, Máire, bean Chleopas, agus Máire Mhaigdiléana.

    Tar éis bhás Íosa ar an gCros, lean Máire Mhaigdiléana go bhfeicfeadh sí an áit a sinfí a chorp. ‘Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama’, deir Eoin linn. Téann sí amach sa dorchadas, agus go leor ceisteanna aici, is dóigh, ach faigheann sí luach saothair de bharr a dílseachta. Is í an chéad duine a fheiceas Críost aiséirithe a labhraíos léi ina hainm, agus seoltar í leis an Dea-scéal a inseacht do na haspail eile. Is í ‘Aspal na nAspal’ í. 

     

  • Labhair le Dia

    B’fhiú duit féin cuimhneamh ar an uair nó an áit ar theagmhaigh Dia leat féin
    • Castar gach uile dhuine de na mná se oar Íosa astu féin nó mar chuid de ghrúpa, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Agus tú ag tosú ar an gcúrsa spioradálta seo, b’fhiú duit féin cuimhneamh ar an uair nó an áit ar theagmhaigh Dia leat féin. Cén bhail a bhí ort ag an nóiméad sin?
    • Cé leis a raibh an teagmháil sin cosúil de réir do chuimhne? Cén toradh a bhí uirthi? 
    • Ar deireadh, cén áit a dteagmhaíonn tú le Dia anois? Cén áit ar mhaith leat teagmháil níos dlúithe a bheith agat leis?
Abhaile