Cleacht mórchiúnas
Caith seal ag tabhairt airde ar na mothúcháin i bpáirteanna éagsúla do cholainne
- Déan iarracht tú féin a dhéanamh níos socra, níos ciúine, níos dírí agus muid ag tosú ar an am marana is guí seo. Tá bealaí éagsúla lena leithéid a dhéanamh agus tharlódh go bhuil ceann agat-sa a fheileas duit féin, ach i ngach uile sheisiún den chúrsa spioradálta seo, úsáidfimid foirm éagsúil de chleachtadh socrachta. Inniu, caith seal ag tabhairt airde ar na mothúcháin i bpáirteanna éagsúla do cholainne. Is cuma an bhfuil tú i do shuí i gcathaoir chompordach, i do luí, nó ag coisíocht. Ar dtús, caith tamall ag tabhairt airde ar do cholainn. Cuir eolas ar mhothúcháin éagsúla i bpáirteanna éagsúla de do cholainn. Dírigh anois ar do chosa, ar na bróga atá orthu, ar an talamh a bhfuil siad ag brú air, ar an mbealach a ngluaiseann siad. Is cúnamh ag an bpointe seo méara do chos a chorraí!
- Anois, dean do bhealach trí do cholainn – ó do chosa, do chorróga, do chabhail, do ghéaga agus do lámha go dtí d’éadan agus do phlait. Lig don mhothú i ngach uile bhall a ghabháil i gcion ort agus ná bog ar aghaidh go dtí go ngabhann.
- Nuair a shroichfeas tú do cheann, tabhair aird an athuair ar do chosa, agus gluais go mall trí do cholainn arís uair nó dhó.
- Ansin, nuair a bheas tú faoi réir, lig don phointe airde seo éirí socair, áit éigin i do lár féin. Is ón lár ciúin sin a fhéadas tú éisteacht anois leis an gcur síos ar theagmhái Mharta le hÍosa.
Scriptiúr
Eoin 11:1, 3-6, 17-27
Bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bhéatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr. Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig. Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.” Arna chloisteáil sin d’Íosa dúirt sé: “Ní chun báis an galar seo ach chun glóir Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd.” Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras. Nuair a chuala sé go raibh sé breoite, mar sin féin, d’fhan sé dhá lá mar a raibh sé.
Ar theacht d’Íosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama. Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim. Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár. Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D’fhan Máire ina suí sa teach. Dúirt Marta ansin le hÍosa: “A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás. Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.” Dúirt Íosa léi: “Éireoidh do dheartháir arís.” “Tá a fhios agam,” arsa Marta leis, “go n-éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.” Dúirt Íosa léi: “Mise an t-aiséirí agus an bheatha; An té a chreideann ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé, agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche. An gcreideann tú an méid sin?” “Creidim, a Thiarna,” ar sí, “creidim gur tú Críost, Mac Dé, atá ag teacht ar an saol.”Machnamh
Cé na focail a d’úsáidfeadh tusa le cur síos a dhéanamh ar an gcleachtadh atá agat féin ar ghrá Dé duitse?
- Is as Béatáine, i bhfoisceacht siúlóide d’Iarúsailéim, do Mharta, do Mháire agus do Lazaras. Is tearmann an teach seo acu d’Íosa le linn a mhinistéireachta. Bíonn Íosa compordach ag tabhairt cuarta orthu i gcomhair béile agus bíonn siad sin compordach ag glaoch ar Íosa de réir mar a bhíos call acu leis. An airíonn tusa compordach i gcomhluadar Íosa?
- ‘Tógáil Lazaras ó Mhairbh’ a thugtar ar an eachta seo go minic. B’fhearr dá dtabharfaí ‘Creideamh Mharta’ uirthi ó tharla gurb é comhrá Íosa le Marta is mó atá sa gcuntas. Claochlaíonn an comhrá acu scéal mhíorúilt Lazaras ina scéal faoi iomláine na beatha atá insroiche acu siúd a chreadeas in Íosa. An bhfuil tusa in ann ionannas a dhéanamh le Marta. Cén chaoi?
- Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras. Cuireann na deirfiúracha scéala go bhfuil a ndeartháir tinn, ach ní iarrann siad ar Íosa a theacht lena leigheas. Tabhair faoi deara a oiread muiníne agus a bhaineas siad as Íosa agus as a ghrá. Léiríonn Dia an grá atá aige dúinn ar bhealaí éagsúla go leor – lena thrócaire, lena leigheas, lena mhaitheanas, lena ghrá gan choinníoll, le gan ach cuid an bheagáin acu a lua. Cé na focail a d’úsáidfeadh tusa le cur síos a dhéanamh ar an gcleachtadh atá agat féin ar ghrá Dé duitse?
- An dá luas a airíos Marta go bhfuil Íosa abhus téann sí caol díreach faoina dhéin. An bhfuil fonn mór ort féin bogadh ón áit a bhfuil tú i do shaol anois agus a ghabháil amach le bualadh le hÍosa ar an gcúrsa spioradálta seo?
Labhair le Dia
Déan do mharana ar imeachtaí ar bith i do shaol a neartaigh do chreideamh
- Cé air a bhféadfadh Marta a bheith ag smaoineamh agus í ag gabháil faoi dhéin Íosa? Seans go raibh sí ag smaoineamh ar a ndearna sé do dhaoine eile: Baintreach Náín, ar tógadh a mac ó mhairbh, nó iníon Iáras a bhí básaithe freisin, ach a tháinig ar ais ó mhairbh. An bhfuil aon fhianaise agatsa ar Dhia a bheith ag obair go cumasach i saol daoine eile? Ar oibrigh Dia go cumasach i do shaol-sa? An gceapann tú gur féidir le Dia a leithéid a dhéanamh arís nó an bhfuil an chosúlacht ar an scéal go ndéanann sé moill?
- Is éard a deir Íosa le Marta: “Mise an t-aiséirí agus an bheatha; An té a chreideann ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé, agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche.” Cé leis a bhfuil sé cosúil duitse na focail sóláis agus leighis seo a chloisteáil?
- Le neart-teann creidimh, deir Marta, “Creidim, a Thiarna,” ar sí, “creidim gur tú Críost, Mac Dé, atá ag teacht ar an saol.” Cloistear go leor faoi admháil chreidimh Pheadair mar fhreagra ar cheist Íosa: “Ach cé hé a deir sibhse mé?” Ach tá an doimhneacht chéanna chreidimh ag Marta agus tá a hadmháil chomh cumasach céanna. B’fhéidir nár mhiste duit-se féachtaint le d’admháil chreidimh féin a scríobh amach.
- Déan do mharana ar imeachtaí ar bith i do shaol a neartaigh do chreideamh. Agus an phaidir seo ag tarraingt chun deiridh, téir chun cainte leis an Tiarna. Cén chaoi a gcríochnódh tusa an abairt: “Is ea, a Thiarna, creidim-se....”?