Cleacht mórchiúnas
Coinnigh d’aird ar an Spiorad i do chroílár féin
- Dírigh ar do chuid análaithe féin ar feadh cúpla nóiméad i dtús an tseisiúin seo ionas go n-éoireoidh tú níos ciúine. Ná déan iarracht ar bith an t-análú a athrú ó thaobh rithime ná doimhneachta de. Ná déan ach a thabhairt faoi deara. Tabhair faoi deara an t-análú isteach agus an t-análú amach.
- Bíodh aird agat ar an anáil á tarraingt isteach i do scamhóga, agus bíodh aird agat freisin ar a ligean amach san atmaisféar arís agus tú ag análú amach. Tabhair aird anois go simplí agus go socair, ar an gcéad leath-dhosaen análacha eile.
- Agus tú ag análú isteach an babhta seo, lig do d’aird an anáil a leanacht isteach i do chliabhrach. Is é ‘ruah’ an focal Eabhraise ar ‘anáil’ agus ‘spiorad’ mar atá sa Spiorad Naomh. Samhlaigh go bhfuil Spiorad Dé á análú isteach agat agus samhlaigh do lár féin á líonadh le teolaíocht agus le solas an Spioraid.
- Lean ort ag análú go ciúin sa gcúlra, ach coinnigh d’aird ar an Spiorad i do chroílár féin agus é ag ligean scíthe san áit chiúin shocair sin. Agus san áit chiúin shocair sin, tabhairt aird ar fhocal Dé agus tú ag triall anois ar theach Mharta, Mháire agus Lazaras Bhéatáine, agus déan iarracht an suíomh a shamhlú duit féin.
Scriptiúr
Eoin 12:1-8
Sé lá roimh an gCáisc tháinig Íosa go Béatáine mar a raibh Lazaras a d’ardaigh Íosa ó mhairbh. Thug siad dinnéar dó ansiúd, dá bhrí sin, agus bhí Marta ag freastal agus Lazaras ar an gcuideachta leis ag an mbord. Ansin thóg Máire punt meáchain d’ola an-luachmhar, nard dílis, agus rinne sí cosa Íosa a ungadh leis agus iad a chuimilt lena gruaig. Líon an teach de bholadh cumhra na hola. Ach dúirt duine dá dheisceabail, Iúdás ó Isceiriót, an fear a bhí ar tí a bhraite: “Cad chuige nár díoladh an ola seo ar thrí chéad déanar agus é a thabhairt do na boicht?” Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann. Dúirt Íosa ansin: “Lig di chun go gcoimeádfaidh sí é i gcomhair lá m’adhlactha. Óir bíonn na boicht agaibh i gcónaí in bhur measc, ach ní bhímse agaibh i gcónaí.”
Machnamh
Cén rud ar mhian leat-sa buíochas a ghabháil le Dia as a ucht ag an staid seo den chúrsa spioradálta?
- Scaitheamh tar éis thógáil Lazaras ó mhairbh agus scaitheamh roimh Cháisc na nGiúdach, tagann Íosa le béile a chaitheamh lena dhlúth-chairde Marta, Máire agus Lazaras. Is mian le Marta agus Máire a mbuíochas ó chroí a thaispeáint do Dhia as ucht a ndeartháir a thógáil ó mhairbh, agus cuireann siad cóisir ar bun dá réir. Cén rud ar mhian leat-sa buíochas a ghabháil le Dia as a ucht ag an staid seo den chúrsa spioradálta?
- Déan iarracht an suíomh a shamhlú. Ar nós i gcónaí, is í Marta a chuireas an béile ar fáil, is é Lazaras a itheas ag an mbord i dteannta Íosa (de réir an ghnáis Ghiúdaigh), ach is í Máire a dhéanas an beart fíor-neamh-ghnách. Gan focal a rá, ungann sí cosa Íosa go grách le hola chumhra dhaor. Líontar an teach le boladh iontach mar gheall ar an ngníomh fíor-rabairneach seo.
- As taghad a ghníomhaíos sí, de réir cosúlachta, ó tharla nach bhfuil tuáille ná ceirt aici, agus úsáideann sí a oiread ungtha! Arís as taghad agus gan bheann ar chreideamh na ndaoine an t-am sin go mba scanallach an mhaise do bhean a cuid gruaige a nochtadh go poiblí, baineann sí a caipín di, scaoileann a cuid gruaige, agus caitheann í féin síos ag cosa Íosa. Baintear siar as a bhfuil i láthair. Tá Máire tar éis í féin a iompar ar bhealach scanrúil mí-mhodhúil, agus thairis sin, tá sí tar éis a bheith rabairneach caifeach. Is é Iúdás a chuireas a gcuid mí-shásaimh in iúl. Nach mór an trua gur briseadh séala! Nach mór an náire an t-ungadh a bheith ag sileadh ar fud na háite! Ar cháin tusa duine nó ar thaispeáin tú mí-shásamh le duine ar an gcaoi seo riamh?
Labhair le Dia
An cuimhin leat-sa gníomh rabairneach grá a fheiceáil?
- Freagraíonn Íosa do bhronntanas fial Mháire lena fhlaithiúlacht spioraid féin. Ní fhaigheann sé locht uirthi. D’fhéadfaí an t-ungadh a dhíol gan amhras agus an t-airgead a thabhairt do na boicht, ach níorbh in é mian Mháire. Ba mhian léi rud éigin a dhéanamh ar son Íosa. Taispeánann Máire go hoscailte an grá atá aici d’Íosa agus an buíochas atá aici dó lena ungadh agus é fós beo. An cuimhin leat-sa gníomh rabairneach grá a fheiceáil? Ar nós Mhuire ar cáineadh thusa as rud éigin a rinne tú?
- Breathnaigh arís ar fhreagairt Íosa. Glacann sé leis an taispeántas grá seo mar atá sé, agus féachann sé le Máire a chosaint. Bíonn sé seo fíor i gcónaí: Tugtar aird ar gach uile thaispeántas grá dó. Téann sé i gcion air agus freagraíonn sé. An é seo do chleachtadh-sa?
- Smaoinigh ar shuíomh a raibh an aird ort féin. An bhfuil rud éigin ab fhéidir leat a dhéanamh inniu a thaispeánfadh go soiléir an creideamh atá agat sa Tiarna agus an grá atá agat dó? Labhair leis an Tiarna faoin gcaoi arbh fhéidir leat é seo a dhéanamh anois.