Cleacht mórchiúnas
Éist le focal Dé á labhairt san áit chiúin sin
- Agus tú ag tosú ar an am guí seo, tabhair aird ar gach gcloiseann tú d’fhuaimeanna i do thimpeall. Thiocfadh dó gur in áit fíor-chiúin atá tú. Mar sin féin, tá sé chomh dóigh go bhfuil fuaim éigin is féidir leat a chloisteáil. Tharlódh go bhfuil neart torainn timpeall ort – torann uile an ghnáthshaoil – nó tharlódh nach bhfuil le cloisteáil agat ach ceol an taifeadta seo. Cibé ar bith céard atá timpeall ort anois, tabhair aird ar na fuaimeanna éagsúla, agus tabhair aird freisin ar na háiteanna arb as iad.
- Anois tabhair aird ort féin agus dírigh ar na fuaimeanna is gaire duit. Scaoil leis an gcuid eile – beidh siad ann sa gcúlra i gcónaí. Dírigh ar rud ar bith a chloiseas tú in aice láimhe, sa seomra a bhfuil tú ann nó a chloiseas tú ó rud éigin nó ó dhuine éigin is gaire duit. Tabhair aird ar feadh scaithimh ar na fuaimeanna seo is gaire duit.
- Scaoil leis na fuaimeanna seo de réir a chéile anois go dtitfidh siad isteach sa gcúlra, agus dírigh isteach ort féin. Aimsigh áit chiúin ionat féin, agus lig do scíth ann ar feadh tamaill, i gciúnas do cheartláir féin.
- Éist le focal Dé á labhairt san áit chiúin sin, agus tú ag éisteacht leis an gcuntas ón gcéad bhean eile a chastar ort i scéalta na Páise.
Scriptiúr
Eoin 18:12-17
Ansin, gasra na saighdiúirí agus an captaen a bhí orthu, agus na póilíní Giúdacha, rinne siad Íosa a ghabháil agus a cheangal, agus sheol siad ar dtús go dtí Annas é, mar ba é athair céile Cháiafas é a bhí ina ardsagart an bhliain sin. Ba é Cáiafas seo a thug an chomhairle úd do na Giúdaigh gurbh é a leas é go bhfaigheadh aon duine amháin bás ar son an phobail. Rinne Síomón agus deisceabal eile Íosa a leanúint. B’aithnid an deisceabal sin don ardsagart, agus mar sin chuaigh sé isteach le hÍosa i gcúirt an ardsagairt, ach d’fhan Peadar ina sheasamh ag an doras lasmuigh. Ansin chuaigh an deisceabal eile amach – é seo ab aithnid don ardsagart – labhair leis an mbandoirseoir agus thug Peadar isteach. Labhair an bandoirseoir ansin le Peadar: “An ea gur duine thú de dheisceabail an fhir seo?” Dúirt seisean: “Ní hea.”
Machnamh
Féach le tú féin a shamhlú i gceartlár na n-imeachtaí seo agus tú ag guí anois
- Is iomaí rud atá tarlaithe ón mbéile a itheadh i mBéatáine go dtí an eachtra seo i gclós theach an Ardsagairt. Thugadh Íosa cuairt ar Iarúsailéim gach uile lá agus mhúineadh sa Teampall. Uair amháin ‘thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol is ag ceannach sa Teampall’ agus ‘bhí na gártha á gcur suas ag na sluaite’. Níos deireanaí an tseachtain sin thug sé treoracha do na haspail i dtaobh na Cásca. Chruinnigh siad le chéile sa Seomra Uachtarach agus bhí siad ina bhfinnéithe ar bhunú na hEocairiste. Ar ball chuaigh siad go dtí Cnoc na nOlóg agus bhreathnaigh go scáfar faiteach ar Íosa agus é ag guí go cráite i nGarraí Gheitséamainí. Ansin, agus Iúdás á gcinnireacht, thug na saighdiúirí ruathar faoin áit, gur ghabh Íosa agus gur thug leo é go seasfadh sé a thriail os comhair an Ardsagairt ar chúis go ndearna sé diamhasla, coir a thuill an bás. Féach le tú féin a shamhlú i gceartlár na n-imeachtaí seo agus tú ag guí anois. Déan iarracht an t-atmaisféar agus leis an mothú a bhlaiseadh.
- Tarlaíonn imeachtaí drámata na Seachtaine Móire chomh sciobtha sin go ndéanann formhór daoine neamhshuim den bhean ar dualgas ag an doras. Mar sin féin, luaitear i ngach uile cheann de na ceithre shoiscéal í agus tá siad ar aon fhocal gurbh é a gearán nó a cúiseamh sise a tharraing séanadh Pheadair. Is cailín aimsire ag an Ardshagart í a riabh ceann de na poist ba lú gradam ar fhoireann na seirbhíseach aici, agus í ina doirseoir. Mar sin féin, tá an cailín aimsire simplí seo in ann a oiread faitís a chuir ar Pheadar go séanann sé an cara ar gheall sé gairid roimhe sin go gcosnódh sé go bás é. Cén tsamhail a thugas tú don bhean seo ar dualgas ag an doras?
- Deir Eoin linn go labhraíonn deisceabal mistéireach eile léi, ag impí uirthi Peadar a ligean istach, is dóigh. An bhfuil sé le tuiscint as seo go raibh aithne réasúnta maith ag duine de na deisceabail ar a laghad uirthi?
- Ní hionann is an deisceabal sin, is beag eolas atá againne fúithi. Cén tsamhail a thugas tú di? An amhlaidh nach bhfuil ann ach go bhfuil sí fiosrach faoina bhfuil ag tarlú agus ag iarraidh a fháil amach cad chuige an bhfuil a oiread fuadair faoi dhaoine? Nó an dtugann tú samhail eile di? ‘Paidiske, caiín aimsire beag, geaarrchaile’, b’fhéidir, a thugas Marcas agus Lúcás uirthi. Dá réir sin, tharlódh gur cheist shaonta amach is amach a chuir sí ar Pheadar. Cén chaoi a dtruaillítear fiosracht i dtaobh daoine ina cúlchaint dhochrach?
Labhair le Dia
B’fhéidir go bhfuil rud éigin is mian leat a iarraidh ar Íosa a mhaitheamh duit
- De réir finscéil nach bhfuil mórán bunúis scrioptúrtha ag baint leis, is ionann an cailín aimsire ar dualgas i dteach an Ardsagairt agus Rodae a luaitear sna Gníomhartha. Is doirseoir ise freisin ach gur i dteach Mháire máthair Eoin Marcas é, an áit a ndeachaigh na deisceabail ag iarraidh dídine tar éis gur cuireadh príosún ar Pheadar. Aithníonn Rodae glór Pheadair agus tá a oiread ríméid uirthi go bhfágann sí ina sheasamh sa tsráid é a fhad is a théas sí á fhógairt don teaghlach.
- Is furasta an chaoi ar cumadh an finscéal a shamhlú. Bhí caitheamh ina dhiaidh ar chailín aimsire an Ardsagairt gur dhaor sí Peadar agus ansin cheangail sí le grúpa beag de lucht leanúna Íosa agus fuair sí post nua le fostaitheoir Críostaí. An bhfuil a leithéid do-chreidte? B’fhéidir. Ach b’fhéidir eile, ar nós Pheadair, gur tháinig athrú intinne ar an mbean seo. B’fhéidir go bhfaca sise freisin Íosa á chinnireacht amach sa gclós. B’fhéidir freisin gur bhreathnaigh sé uirthi agus go bhfaca sí ina shúile fíorbhrón faoina ndearna sise, ach fíor-mhaiteanas freisin. Ar tháinig athrú intinne ortsa riamh ar an gcaoi seo? An bhfuil a leithéid chomh do-chreidte sin?
- Níl duine ar bith nach féidir leis maiteanas a shaothrú i súile Íosa. Tugtar seans eile do Pheadar. B’fhéidir freisin go dtugtar an grásta don chailín aimsire a saol ar fad a athrú agus a bheith ina hinspioráid do dhaoine eile. Cén áit i do shaol a bhfeiceann tusa an call le seans eile a bheith agat?
- Samhlaigh thú féin i do sheasamh sa gclós? Céard a fheiceas tú? Cé a tharraingíos d’aird? B’fhéidir go bhfuil rud éigin is mian leat a iarraidh ar Íosa a mhaitheamh duit. B’fhéidir eile gur mian leat labhairt le hÍosa faoi gach ar airigh tú le linn an ama marana seo.