• Cleacht mórchiúnas

    Tabhair aird anois ar a bhfuil ag tarlú ionat féin
    • Déan thú féin socair agus tú ag tosú ar ghuí an lae inniu. Is cuma tú a bheith i do sheasamh, i do shuí go compordach, nó i do luí. Cuir thú féin ar feadh cúpla nóiméad sa gcruth go mbeidh tú sách suaimhneach agus airdeallach san am céanna. Fan ansin go socair ar feadh nóiméad nó dhó.
    • Tabhair aird anois ar a bhfuil ag tarlú ionat féin, i d’intinn agus i do chroí. Cé na smaointe a thugas tú faoi deara ag gabháil trí d’intinn? Cé na mothúcháin a thugas tú faoi deara? Nuair a thugas tú deis duit féin éirí níos socra, ar nós atá tú a dhéanamh anois, céad a thugas tú faoi deara ag ionsaí do choinsiasachta?
    • Agues tú os cionn staidéir ar na smaointe agus na mothúcháin seo, seans go dtabharfaidh tú faoi deara an chaoi a dtagann agus a n-imíonn siad ar nós fáinní ar abhainn a bheadh ag gluaiseacht nó ag sní. Beidh cuid acu, seans, a mbeidh an chuma orthu go bhful siad níos tábhachtaí agus níos fadmharthanaí. Cuid eile acu, ní bheidh iontu ach imprisiúin fhánacha a thiocfas agus a imeos go sciobtha. Caith seal ag breathnú ar na smaointe agus na mothúcháin seo agus iad ag tuile agus ag trá agus iad ag gluaiseacht tríot.
    • Bíodh a fhios agat gur ag breathnú ar abhainn na smaointe agus na mothúchán seo atá tú – fairtheoir thú agus ní hea abhainn. Féadfaidh tú breathnú ar do shuaimhneas ar a bhfuil ag tarlú gan aon chall duit lámh a chur sna himeachtaí. Lig d’abhainn na smaointe agus na mothúchán gluaiseacht ar aghaidh ar a turas. Agus tú ar do chompord os cionn na habhann, éist anois le cuntas mná eile gan ainm a bhfuil baint aici le Páis Íosa, bean Phointias Píoláit.
       
  • Scriptiúr

    Matha 27:15-19

    Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo. Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas. Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Píoláit leo: “Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?” – mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é a thabhairt ar láimh. Ach le linn dó a bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m’fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.”

  • Machnamh

    Smaoinímis ar an gcineál mná a bhí i mbean Phíoláit.
    •  Tar éis don Sainidrín é a chúisiú i ndiamhasla, tugtar Íosa os comhair an ghobharnóra Rómhánaigh Pointias Píoláit. Teastaíonn a chead seisean, má tá i ndán is go gcuirfear chun báis é. Ar dtús, tá an-drogall ar Phíoláit géilleadh d’iarratais an tSainidrín. ‘Mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é a thabhairt ar láimh’, deir Matha linn, agus is ansin a fhaigheas Píoláit scéala óna bhean: ‘Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m’fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.’ Tá an teachtaireacht seo tábhachtach mar de réir cosúlachta méadaíonnn sí ar imní Phíoláit agus ar a chuid amhrais i dtaobh na ciontachta atá á cur síos d’Íosa. Cuir thú féin ar feadh scaithimh i mbróga Phíoláit. Cén chaoi a n-airíonn tú?
    • Is é Matha amháin a luas bean Phíoláit agus ní scríobhann ach líne amháin faoin mbaint atá aici leis an bPáis. Cén chaoi a raibh a fhios ag Matha faoin mbrionglóid a bhí aici? An searbhónta nó an sclábhaí a bhí ina theachtaire, tharlódh gur inis seisean do dhaoine eile é agus go ndeachaigh ráflaí timpeall. Níl a fhios againn. De réir thraidisiún na hEaglaise Ceartchreidmhí, Cláidia Prócúla an t-ainm a bhí uirth agus rinneadh mairtíreach Críostaí de ar ball. Smaoinímis ar an gcineál mná a bhí i mbean Phíoláit.
    • B’iontach an misneach a thaispeáin sí nuair a chuir sí isteach ar obair a fir ar mhaithe leis an teachtaireacht thábhachtach seo a thabhairt dó. B’iontach cumhachtach an bhrionglóid a bhí aici, chomh cumhachtach sin gur fhulaing sí fulaingt de chineál éigin. Mar sin féin, bhraith sí nár mhór di labhairt amach. Cén sort brionglóide a spreag í chomh mór sin gur fhéach sí le gabháil i gcion ar chinneadh a fir?
  • Labhair le Dia

    • De bharr an eolais a bhí aige ar an Sean-Tiomna, thuigfeadh Matha a thábhachtaí a bhí brionglóidí dá chuid éisteoirí Giúdacha. Thuigfeadh Matha agus a lucht leanúna go mba theachtaire le Dia bean Phíoláit. Léirítear í mar bhean a raibh tiomantacht, gníomhaíocht, ionracas agus misneach ag roinnt léi. Bhí a fhios aici go raibh éagóir dá déanamh. Ní trócaire a bhí sí a iarraidh. Chreid sí go raibh Íosa neamhchiontach. Bhí sí ag iarraidh cur ar Phíoláit an chóir a dhéanamh gan beann ar a dtarlódh dá bharr sin. Ba í abhcóide aonair Íosa í. Dia a thug uirthi a iarraidh go dtabharfaí ómós don neamhchiontacht, ach is ag glór na ndaoine cumhachtacha a bhí an bua. Ní raibh a glór  féin sách láidir leis an lámh in uachtar a fháil ar fhórsaí an oilc ba léir iontu siúd a thug Íosa ar láimh do Phíoláit. An raibh tusa riamh sa gcás gur shíl tú iallach a bheith ort labhairt amach in éadan na héagóra? Ar nós bhean Phíoláit, ar fhulaing tusa? Arbh amhlaidh nár tugadh aird ar do chuid cainte? Nó arbh é an chaoi ar fhan tú i do thost? An raibh brionglóid riamh agata ar shíl tú go mb’éigean duit gníomhú da réir?
    • Cuir deireadh leis an seisiún guí seo trí smaoineamh orthu siúd uile a bhfuil údarás acu agus a mbíonn cúram orthu cinntí deacra cráite a dhéanamh scaití. Iarr ar an Tiarna gaois a bhronnadh orthu agus iad ag féachaint le réiteach cóir a aimsiú agus guigh go raibh an misneach agat féin freisin cur ar a son siúd a chúisítear go héagórach.
Abhaile