Cleacht mórchiúnas
Bíodh d’aird uile ar feadh cúpla nóiméad ar an rud seo atá i do ghlac.
- Agus tú ag tosú inniu, croch suas oibiacht fhisiciúil de chineál éigin, rud éigin ar féidir leat greim a choinneáil air go réidh. D’fhéadfaidh sé gur cupán é, píosa de thoradh, cleite, nó cloichín. Mura bhfuil aon rud eile in aice láithreach, d’fhéadfá d’aird a dhíriú ar feadh scaithimh ar bhall éadaigh éigin atá tú a chaitheamh. Roghnaigh rud éigin agus fan i do shuí leis go socair.
- Anois cas an oibiacht seo timpeall i do lámha. Breathnaigh go grinn air. Tabhair faoi deara an mianach atá ann, agus bíodh a fhios agat an bhfuil sé garbh nó mín, crua nó bog. Bíodh d’aird uile ar feadh cúpla nóiméad ar an rud seo atá i do ghlac. Breathnaigh arís air anois. An bhfuil aon cheo faoin rud seo nár thug tú faoi deara ar an gcéad bhreathnú? Céard a dhéanas rud ann féin de gan a leathcheann eile le fáil? Go fiú más rud olltáirgthe é, beidh rud éigin faoi a dhealaíos amach óna leithéid eile é
- Caith seal gairid eile os cionn staidéir ar an oibiacht a roghnaigh tú, rud ar cuid de chruthaíocht Dé é i ndeireadh báire. Ansin éist le sliocht gairid nach bhfaightear ach i Soiscéal Lúcáis:
Scriptiúr
Lúcás 23:27-31
Bhí slua mór den phobal á leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus á chaoineadh. Ach d’iompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: “A iníonacha Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall ormsa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann. Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: ‘Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.’ Ansin tosóidh siad ag rá leis na sléibhte: ‘Titigí orainn!’ agus leis na cnoic: ‘Folaígí sinn!’ Óir, más mar seo a dhéantar leis an adhmad glas, cad a bhainfidh don chríon!”
Machnamh
Déan iarracht an radharc ar an mbóthar go Calvaire a shamhlú
- An bhfaca tú an scannán Schindler’s List? Feictear Otto Schindler, oifigigh SS ina thimpeall, agus é ag breathnú ar chomplacht Giúdach atá díreach tagtha i dtrucanna beithíoch agus iarrann sé go ndoirtfí uisce fuar as na hósanna ar na trucanna. Cuirtear an t-ordú i gcríoch, agus feictear gur gníomh trócaireach gníomh a raibh an chosúlacht air ar dtús go mba chleas suarach é. Tá an lá te teolaí agus tá na daoine sna trucanna ag cur allais agus go dona leis an tart. Le linn don uisce a bheith á scairdeadh orthu, cuireann said fáilte roimh an uisce dubhfhuar agus féachann le cúpla braon de a ghabháil ina lámha agus ar a mbeola. Cáineann duine de na Naisithe Schindler faoina bheart: ‘Is é an chaoi a bhfuil tú ag soláthar dóchais dóibh’, deir sé. ‘Sin rud nach cóir duit a dhéanamh.’
- Anois déan iarracht an radharc ar an mbóthar go Calvaire a shamhlú. Samhlaigh thú féin i measc an tslua. Cén léamh a dhéanfá ar mheon na ndaoine? Céard is léir duit?
- Deir tráchtairí áirithe gur complacht ban Giúdach cráifeach iníonacha Iarúsailéim a théadh chuig céastaí agus a thairgeadh deoch fíona a raibh druga tríd leis an bpian uafásach a mhaolú. Dhéanaidís é seo mar ghníomh carthanais, agus mar chomhartha i gcoinne fhorghabháil na Rómhánach, b’fhéidir. Ar thug an faoiseamh a thairg siad dóchas do na híobartaigh? Is ar éigean é, óir bhí a fhios acu go gcrochfaí suas iad ar a gcuid cros iad in achar gairid agus go bhfágfaí iad le bás a fháil. Is cinnte ámh go bhfeicidís é mar ghníomh trócaireach, trua dreama amháin daoine do dhream eile a bhí ag fulaingt. Cén chaoi a mbaineann tú ciall as gníomhartha trócaireacha i láthair na fulaingthe daona?
Labhair le Dia
Cén chaoi a raibh tusa i d’údar dóchais agus cneasaithe do dhaoine eile?
- Deir Íosa leis na mná seo gan a bheith á chaoineadh ách iad féin a chaoineadh. Is dóigh le formhór na scoláirí gur ag trácht ar scrios Iarúsailéim ag na Rómhánaigh i 70 AD atá Íosa – léigear uafásach ar dhoirteadh fola gránna a dheireadh. Mar sin féin is cinnte gur fianaise eile é ar thrua gan teorainn an Tiarna. Tamall gairid ina dhiaidh sin i Soiscéal Lúcáis, déarfaidh Íosa i dtaobh na saighdiúirí a thiomáin na tairní trí chaol a lámh is a chos: ‘A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.’ Céard é do bharúil faoi sin?
- Deirtear gur baineadh tuisle as Íosa faoi ualach na Croise ar an mbóthar go Calvaire agus gur nocht bean as an slua agus gur thriomaigh sí an t-allas dá éadan le tuáille. Fagadh lorg a éadain ar an éadach mar luach saothair aici. Níl trácht ar an eachtra seo sna Soiscéil agus tharlódh nach bhfuil ann ach finscéal, ach léiríonn fírinne gan amhras gur taitneamhach i súile Dé gníomh trócaireach ar bith a dhéantar. Cén chaoi a raibh tusa i d’údar dóchais agus cneasaithe do dhaoine eile? Ar tháinig tú ar thuiscint níos fearr ar Dhia de bharr gníomhartha trócaireacha?
- Deir Íosa le hiníonacha Iarúsailéim agus linne freisin ár bpeacaí a chaoineadh. Le linn an Charghais, breathnaímid ar ár saol agus iarrtar orainn iompú ón bpeaca sul má thugaimid cúnamh do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh. Cé na rudaí i saol an lae inniu nó i do shaol féin a bhainfeadh deora as Íosa?
- D’fhéadfá deireadh a chur leis an am guí seo trí bhuíochas a ghabháil le Dia ar son duine éigin i do shaol féin arbh údar dóchais nó cneasaithe duit é. Nó d’fhéadfá an grásta a iarraidh go mbeifeá féin i d’údar dóchais agus cneasaithe do dhaoine eile.