Cleacht mórchiúnas
B’fhéidir go mb’fhearr leat inniu suí go socair anois agus féachaint le tú féin a chur i gcomhluadar na mban ag bun an Croise
- Treoraíodh muid trí bhealaí éagsúla lena éirí níos socra agus níos airdeallaí sna seisiúin éagsúla de chuid an chúrsa spioradálta seo. Beidh tú tar éis tarraingt ar do chleachtadh ar d’análú féin, ar na mothúcháin éagsúla a d’airigh tú i do cholainn, nó ar thrá agus ar thuile do chuid smaointe agus mothúchán. Trí aird a thabhairt ar oibiacht fhisiciúil, treoraíodh thú isteach sa gciúnas, agus trí aird a thabhairt ar na fuaimeanna thart ort, d’éirigh leat bunsraith chiúnais a aimsiú ionat féin. Cuimhnigh ar chuid de na bealaí seo ar feadh nóiméid, agus féach le cuimhneamh ar cheann acu a d’oibrigh go maith duit.
- Má tá ceann de na teicníochtaí seo a shíl tú a bheith fóintiúil, caith tamall á cleachtadh duit féin. Má tá tú nua ag na modhanna seo, b’fhéidir go mb’fhearr leat inniu suí go socair anois agus féachaint le tú féin a chur i gcomhluadar na mban ag bun an Croise.
Scriptiúr
Eoin 19:25-27
Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana. Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.” Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.
Machnamh
An bhfuil aon chleachtadh agatsa ar a bheith ag fanacht le duine a bhí i bpian ghéar chráite?
- Samhlaigh an radharc, más féidir leat. Deir na ceithre Shoiscéal uile linn go raibh grúpa beag ban a choinnigh bigil ag an gCros, mná a lean Íosa as an nGailíl den chuid is mó. Céard a bhí na mná seo a dhéanamh? Cad chuige a raibh siad ann, ag breathnú ar bhás mall cráite an Mháistir ar thug siad gean a gcroí dó?
- I scannán Pasolini, An Soiscéal de réir Naomh Matha, tá sraith nó seiceamh imeachtaí ina léirítear scata cros ag áit an bhásaithe agus bean ag bun gach uile cheann acu. Cuachta ina gcuid seálta agus iad i mbun faire – máthair duine éign, deifiúr duine éigin, bean nó cailín duine éigin – ag fanacht go mbásaí a bhfear. Is gníomh dílseachta a mbigil thostach. Is cuma leo go dtagann an saol mór le magadh a dhéanamh fúthu siúd a daoradh ina gcoirpigh. Is simplí an teachtaireacht atá acu dóibh siúd dá dtugann siad grá: ‘Tá muid anseo, tá grá againn duit i gcónaí, is cuma céard atá déanta agat, fanfaidh muid leat go dtí an deireadh.’ Cén chaoi mbraitheann tusa i bhfianaise na tiomantachta sin?
- De réir nós na nGiúdach, ba é dualgas na mná corp duine mhairbh a réiteach i gcomhair na huaighe. Samhlaigh an t-ualach uafásach a bhain lena leithéid. Tá sé sách dona suí le taobh leaba othair atá ag fáil bháis lena chinntiú nach mbeidh sé leis féin agus é ag fágáil an tsaoil seo, ach go gcaithfí é a dhéanamh i láthair daoine naimhdeacha a bheadh do do mhaslú agus tú ag roinnt na náire agus na míchlú a bhainfeadh le bású poiblí – b’in údar bróin as cuimse. An bhfuil aon chleachtadh agatsa ar a bheith ag fanacht le duine a bhí i bpian ghéar chráite? Duine a raibh grá agat dó nó ball de do theaghlach. Cé a bhí ann duitse in uair an cháis is na hanachaine. Cé mar a thacaigh siad leat?
- Sracadh a chuid éadaí d’Íosa agus crochadh ar an gCros é, ach mar sin féin is nóiméad é seo atá lán le huaisleacht agus le cineáltas. Breathnaigh ar Mhuire Mháthair ár dTiarna, agus í ag fanacht ag bun na Croise. Éist arís: ‘Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.” Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.’ Céard atá ag gabháil ag tarlú di-se anois?
Labhair le Dia
B’fhéidir go bhféadfá-sa do mharana a dhéanamh ar a ndearna Mac Dé duit-se i do shaol agus gabh buíochas
- An gníomh eile cineáltais de chuid Íosa é seo? Mac dílis ag smaoineamh ar a bhfuil i ndán dá mháthair. Tá nithe thairis sin i gceist leis an ngníomh deireanach seo de chuid Íosa i gcomhthéacs Shoiscéal Eoin ina iomláine. Is é gníomh deireanach Íosa Muire agus Eoin a thabhairt in aontas mar is aon iad Íosa agus a Athair.
- Ní hé a deir Íosa leis an deisceabal is áin leis ‘Sin í mo mháthair.’ Is éard a deir sé: ‘Sin í do mháthair.’ Agus é ag tabhairt a mháthar mar mháthair don deisceabal is áil leis, is é an chaoi a bhfuil Íosa ag iarraidh uirthi-se beatha a thabhairt don deisceabal ionúin, beatha a thabhairt d’Íosa ann, mar a déarfá, ionas go bhféadfaidh an deisceabáil maireachtáil in Íosa agus go bhféadfaidh Íosa maireachtáil sa deisceabal. Agus sa ngníomh céanna, iarrtar ar an deisceabal ionúin a bheith ina Íosa dá mháthair, óir níl aici ach aon mhac amháin: Íosa. Is radharc grá agus is radharc comaoinech é seo.
- Tá Cros San Damiano, cros Bhiosántach arb é Soiscéal Eoin a spreag an an t-ealaíontóir lena cruthú agus an chros a chuaigh i gcion ar Phroinsias d’Assisi, tá an chros seo fíor-thábhachtach sa dúchas Proinsiasach. Ní é Críost a d’fhulaing brúidiúlacht agus é céasta ar an gCros a nochtar uirthi ach Críost socair céasta a sileann uisce agus fuil as a thaobh lena phobal dílis a chothú agus iad ina seasamh ag bun na Croise. Is mór idir cuntas Eoin ar bhás Íosa agus cuntais na Soiscéal eile. Ní ar a ndearna daoine do Mhac Dé a chuireas Eoin an treise ach ar a ndearna Mac Dé dúinne. Agus an tamall guí seo ag teannadh chun deiridh, b’fhéidir go bhféadfá-sa do mharana a dhéanamh ar a ndearna Mac Dé duit-se i do shaol, le linn an chúrsa spioradálta seo, agus le linn an ama guí seo. Déan do mharana agus gabh buíochas.