• Déan machnamh ar an gCúrsa Spioradálta

    Is féidir dá réir sin an breathnú ar éadan Chríost a shamhlú nuair a leagas sé súil ortsa
    • Tá cúpla moladh ag Iognáid Loyola in Cleachtaí Spioradálta le ham guí a thúsú. Tá ceann amháín acu sách simplí, ach seans go mbraithfidh tú aisteach é ar dtús. ‘Cuimhnigh ar an gcaoi a mbreathnaíonn an Tiarna ort’, deir sé. Céard é do bharúil den chuireadh seo nuair a airíos tú ar dtús é?
    • Tá cúpla áit sna Soiscéil a ndeirtear linn gur bhreathnaigh Íosa go grinn ar dhaoine ar nós a bheadh sé ag iarraidh iad a léamh nó a thomhas. Mar sin féin is le trua agus ní hea le teann géar-bhreithiúnais a bhreathnaíos sé orthu i gcónaí. Seans gur cúnamh duit an méid sin lena raibh i gceist ag Iognáid a thuiscint. Caith tamall anois ag smaoineamh ar an gcaoi a mbreathnaíonn Dia ortsa.
    • Is éard é Íosa Dia ina dhuine agus éadan daonna air. Is féidir dá réir sin an breathnú ar éadan Chríost a shamhlú nuair a leagas sé súil ortsa. Cén cur síos a dhéanfá ar an mbreathnú sin do chara leat a chuirfeadh ceist ort ina thaobh?
    • Lig ceada d’Íosa breathnú ort ar an gcaoi sin agus tú ag éisteacht le Soiscéal Eoin:
  • Scriptúir

    Eoin 20:1-18

    Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama. Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa. “Thóg siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.” Amach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama. Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama. Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí  agus an brat a bhí ar a cheann – ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin. Ansin an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé. Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh. Ansin d’imigh na deisceabail abhaile arís. Agus bhí Máire ina seasamh lasmuigh in aice an tuama agus í ag gol. Sa ghol di chrom sí síos agus d’fhéach isteach sa tuama, agus chonaic an dá aingeal in éidí geala ina suí mar ar luigh corp Íosa, aingeal acu ag an gceann agus an t-aingeal eile ag na cosa. “Cén fáth a bhfuil tú ag gol, a bhean,” ar siad léi. “Mar gur thóg siad mo Thiarna,” ar sí leo, “agus nach eol dom cár chuir siad é.” Arna rá sin di, d’iompaigh sí thart agus chonaic sí Íosa ina sheasamh ansiúd ach nár aithin sí gurbh é Íosa é. Dúirt Íosa léi: “A bhean, cén fáth a bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?” Mheas sí gurbh é an garraíodóir é agus dúirt leis: “A dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é.” “A Mháire,” arsa Íosa léi. D’iompaigh sise agus dúirt as Eabhrais: “Rabúnaí,” is é sin le rá: “A Mháistir!” “Scaoil liom!” arsa Íosa léi, “óir ní dheachaigh mé suas chun an Athar fós; ach imigh chun mo bhráithre agus abair leo: ‘Táim ag dul suas chun m’Atharsa agus chun bhur nAtharsa, chun mo Dhé-se agus chun bhur nDé-se.’” Tháinig Máire Mhaigdiléana leis an scéala do na deisceabail: “Chonaic mé an Tiarna,” agus go ndúirt sé na nithe sin léi.

  • Samhlaigh an radharc

    Nuair a bhaineas sí an tuama amach, is é an chaoi a bhfuil an chloch bogtha
    • Samhlaigh an radharc sin duit féin. Deireadh na hoíche, dorcha i gcónaí, agus an dá luas a thagas deireadh leis an tSabóid, téann Máire Mhaigdiléana faoi dhéin thuama Íosa, an té is áil léi. An chaoi ar airigh sí agus í ag gabháil amach sa dorchadas, an bhfuil tú in ann é a shamhlú duit féin? 
    • Ní móide gur chodail sí ró-mhaith. Seans gur meabhraíodh focail Laoi na Laoithe di: ‘Ar mo leaba dom i gcoim oíche a loirg mé grá m’anama, a loirg mé agus ní bhfuair.’
    • Is mian léi a chorp a ungadh. Ach cé a bhogfas an chloch? Nuair a bhaineas sí an tuama amach, is é an chaoi a bhfuil an chloch bogtha! Tá corp Íosa ar iarraidh? Ghoid duine éigin corp an té ab áil léi! Tá an tuama folamh, chomh folamh lena croí. Thug sí do na boinn ansin sí agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa agus í ag béiceach: “Thóg siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.” Baineann Peadar agus an deisceabal eile as go dtí an tuama. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil gach uile dhuine ag rith sa maidneachan. Ag rith le teann faitís? Ag rith le teann mearbhaill? Ag rith mar gheall air go bhfuil Íosa ar iarraidh? Cá bhfuil Íosa?
  • Teagmhaigh leis an Tiarna

    Cén chaoi a n-aithníonn tú an Tiarna a bheith i láthair i do shaol?
    • ‘Agus bhí Máire ina seasamh lasmuigh in aice an tuama agus í ag gol.’ Ní thaobhaíonn na deisceabail Máire agus í go cráite. Ní thuigeann siad fáth a caointe. Ní bhaineann siad meabhair ar bith as deora mná. Tá sé thar a n-acmhainn í a thuiscint agus dá réir sin bailíonn siad leo abhaile. Agus í ag caoineadh, cromann Máire agus breathnaíonn isteach sa tuama. Is léir di dhá aingeal ina suí san áit a raibh corp Íosa ina luí. ‘Cén fáth a bhfuil tú ag gol, a bhean’, ar siad. ‘Mar gur thóg siad mo Thiarna,’ ar sí leo,’“agus nach eol dom cár chuir siad é.’ Tá sí chomh cinnte sin de go bhfuil Íosa básaithe nach bhfuil ar a cumas meabhair a bhaint as an dá aingeal seo. Iompaíonn sí timpeall ansin agus feiceann sí Íosa ina sheasamh ann, ach ní thuigeann sí gurb é Íosa atá ann.
    • Tá macalla chéad fhocail Íosa i Soiscéal Eoin sa méid a deir Íosa le Máire: ‘Cé atá uait?’ Céard é do fhreagra-sa?
    • ‘A Mháire’, deir Íosa os íseal. Glaonn sé uirthi ina hainm, ise atá ar a mine géire ag cuartú a choirp mhairbh. Is é Íosa a aimsíos ise. Is caidreamh ar leith a caidreamh seisean léi-se agus is caidreamh ar leith a caidreamh sise leis-sean. Sin é an t-údar go n-aithníonn sí é nuair a ghlaos sé uirthi ina hainm. Cén t-ainm a bhaisteas an Tiarna ort-sa? Cén chaoi a n-aithníonn tú é a bheith i láthair i do shaol?
  • Teagmhaigh leis an Tiarna

    Roinn do chuid smaointe agus mothúchán leis an Tiarna
    • Tá macalla fhocail Íseáia (43:1-4) le braith ar Íosa ag glaoch ar Mháire ina hainm: ‘Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d’ainm, agus is liomsa thú…is luachmhar thú i mo shúile, is mór liom thú agus is mór é mo chion ort.’ Aimsíonn Máire caidreamh nua le hÍosa. Tá sé fánach aici féachaint lena shealbhú nó le greim a choinneáil air, nó a cheapadh gurb ise amháin is áil leis. Caithfidh sí scaoileadh leis an am atá caite agus maireachtáil san am i láthair agus í i gcaidreamh nua inmheánach le hÍosa aiséirithe. An bhfuil tusa ag iarraidh greim a choinneáil ar íomhá shean-chaite d’Íosa nó ar bhealach sean-chaite le caidreamh a bheith agat leis? An bhfuair tú cuireadh ó Íosa aiséirithe caidreamh níos doimhne a chothú leis le linn an chúrsa spioradálta seo?
    • ‘A Mháistir’, deir Máire. Triomaíonn a cuid deor agus caitheann í féin ag cosa Íosa agus beireann greim air. ‘Scaoil liom!’ arsa Íosa léi, ‘óir ní dheachaigh mé suas chun an Athar fós; ach imigh chun mo bhráithre agus abair leo: “Táim ag dul suas chun m’Atharsa agus chun bhur nAtharsa, chun mo Dhé-se agus chun bhur nDé-se.”’ Tabhair faoi deara gur ‘bráithre’ agus ‘siúracha’ agus ní hea ‘deisceabail’ ná ‘cairde’ a bhaisteas Íosa ar a lucht leanúna! Is é a Athair seisean a n-Athair siadsan; is é a Dhia seisean,  a nDia siadsan, ár nDia muidne. An bhfuil tusa in ann smaoineamh ar Íosa ar an mbealach seo mar dheartháir. Cén chaoi n-airíonn tú dá réir sin?
    • Tá an umhlaíocht de dhlúth is d’inneach i scéal an aiséirí. Ní hamhlaidh atá Íosa buach ag iarraidh céim síos a thabhairt dóibh siúd a thug céim síos dó féin. Taispeánann sé é féin do Mháire Mhaigdiléana, an té is áil leis, an té ar maitheadh di, ar an uaigneas i ngarraí. Ní go cumhachtach a nochtas sé ach le grá cneasta. Maidin lae nua agus domhain nua atá ann. Sheol sé amach sa saol mór í. Ní furasta imeacht ón gcaidreamh dlúth le hÍosa isteach i bpobal mór a bhfuil a oiread riachtanas ann agus a oiread eile a bhfuiltear ag súil leis. An mar sin a bhraitheas tusa anois? An mbraitheann tú go bhfuil tú do do sheoladh amach ag deireadh an chúrsa spioradálta seo? Roinn do chuid smaointe agus mothúchán leis an Tiarna.
  • Déan machnamh ar ais ar an gCúrsa Spioradálta

    Caith tamall ag gabháil buíochais le Dia as ucht gach a bhfuil déanta aige leat le linn an ama seo
    • Sul má chuirimid deireadh leis an gcúrsa spioradálta seo, is fiú breathnú siar agus gach a bhfanann leat a thabhairt faoi deara, agus gach ar mhaith leat a thabhairt leat i gcaitheamh na seachtainí agus na míonna seo chugat a mheabhrú duit féin. Tosaigh le roinnt focal is cuimhin leat ón gcúrsa spioradálta – focail a d’fhan leat go háirithe.
    • Anois, agus tú ag iarraidh a bheith níos barainní, cé na focail áirithe ón Scrioptúr is mó a fhanas leat? Is fiú an ghuí sin a thabhairt chun cuimhne, a oiread agus is féidir leat, agus a dtarlaíonn i d’intinn agus i do chroí lena linn a thabhairt faoi deara agus tú ag tabhairt an chleachtaidh chun cuimhne. Cé acu de na mná seo is mó a thugas misneach duit? Cé na gnéithe dá scéal is mó a chuaigh i gcion ort?
    • Seans go dtugann tú athrú éigin faoi deara ionat féin, nó i do ghuí, le seachtainí anuas ó thosaigh an cúrsa spioradálta seo. Má rinne tú iarratas ar Dhia ag an tús, an bhfuair tú é? Tharlódh gur thug Dia i bhfad níos mó duit ná ab fhéidir leat a iarraidh nó a shamhlú go fiú. Caith tamall ag gabháil buíochais le Dia as ucht gach a bhfuil déanta aige leat le linn an ama seo.
  • Féach ar aghaidh

    An bhfuil rud ar bith ón gcúrsa spioradálta ar mian leat coinneáil ort ag guí ina thaobh?
    • Breathnaigh romhat, anois, go dtí na laethanta agus na seachtainí seo chugat, agus muid ag teannadh le séasúr na Cásca. An bhfuil rud ar bith ón gcúrsa spioradálta ar mian leat coinneáil ort ag guí ina thaobh? Gné de do shaol ar léir duit Dia ag obair go gear crua uirthi, bronntanas is dóigh leat atá uait agus a bhfuil tú ag fanacht leis i gcónaí? Iarr ar Dhia rud ar bith a bhfuil call agat leis, dar leat, san am atá díreach romhat.
    • Is éard dúirt Máistir Eckhart misteach meánaoiseach: mura ndéarfaimis de phaidir i gcaitheamh ár saoil ach ‘go raibh maith agat’ go mba leor sin. Caith seal ag gabháil buíochais le Dia as creideamh agus fianaise mhná na Páise agus caith seal ag gabháil buíochais leis an Tiarna Aiséirithe, leo siúd a ghuigh in éineacht leat agus ar do shon le linn an chúrsa spioradálta Carghais seo.
  • Aiseolas

    Is brea linn chloisteáil ó dhaoine a bhaineann úsáid as an Tearmainn agus ár gCúrsa Spioradálta. Bain úsáid as an fhoirm teagmhála chun teachtaireacht a sheoladh chugainn.

Abhaile