Conas an Nóibhéine a ghuí

Léigh an sliocht as an Scrioptúr agus déan do mhachnamh air go mall, glac sos nuair a théann rud éigin i gcion ort, léigh arís é

Is don 9 lá roimh Fhéile an Chroí Ró-naofa, 12ú Meitheamh 2015, í an Nóibhéine seo. Féadfaidh tú an Nóibhéine a ghuí go príobháideach sa bhaile, sa teaghlach, i ngrúpa paróiste nó in éineacht le comharsana agus cairde. Is í á dhéanamh agat le daoine eile, féadfaidh duine difriúil an Nóibhéine a threorú gach lá, nó féadfaidh sibh na codanna éagsúla a roinnt orthu siúd a bheidh páirteach.

Tá an Nóibhéine seo bunaithe ar na céimeanna a úsáidtear san ‘Lectio Divina’ ach iad a bheith leagtha amach níos simplí. Ná deifrigh. Léigh an sliocht as an Scrioptúr agus déan do mhachnamh air go mall, glac sos nuair a théann rud éigin i gcion ort, léigh arís é, déan do mhachnamh mar atá leagtha amach sna céimeanna thíos.

Seo a leanas na céimeanna:

1. Paidir oscailte 

2. Léigh an giota den Bhiobla roghnaithe don lá i gceist

  • Cad a deir an giota? Cad iad na fíricí atá ann?
  • Fan 1-2 neomat go ciúin*

3. Léigh an Scrioptúr arís

  • Éist le hÍosa ag labhairt leat
  • Fan 2-3 neomat go ciúin*

4. Léigh an píosa Scrioptúir don 3ú huair

  • Lig le do chroí labhairt le hÍosa
  • Fan 2-3 neomat go ciúin*

5. Léigh an Scrioptúr don uair dheireanach

  • Suigh go ciúin ar feadh 4 neomat i gcuideachta an Spioraid Naofa*

(* níl ann ach moladh)     

6.   Paidir ag an gcríoch

Abhaile