Mórchiúnas
Dún do shúile ionas go mbí cúpla nóiméad agat le ciúnas a aimsiú istigh ionat féin
Agus tú ag tusú ar an am marana seo, dún do shúile ionas go mbí cúpla nóiméad agat le ciúnas a aimsiú istigh ionat féin. Tá tú anseo le solas nua a scairteadh ar do shaol. Iarr a bheith in ann teagmháil a dhéanamh leis na mianta is doimhne ionat. A Thiarna Íosa, dúirt tú go mba tusa solas an domhain agus ‘an bealach, an fhírinne agus an bheatha’ seo againne. Taispeáin dom an chaoi le taisteal i do theannta-sa tráth seo na hAidbhinte chun úire solais agus chugat-sa.
Scrioptúr
Matha 2:1-8
Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.” Nuair a chuala Héaród rí an méíd sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna. Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d’fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú. D’inis siad dó: “I mBeithil Iúdáia: óir sin é atá sa scríbhinn ón bhfáidh: ‘Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá, níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá, óir is asat a thiocfaidh ceann urra a bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.’” Ansin chuir Héaród fios ar na saoithe os íseal agus fuair tuairisc uathu ar an am a bhfacthas an réalta. Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: “Imígí agus cuirigí fiafraí ghéar ar an leanbh. Nuair a bhíonn sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachainn féin ann ag déanamh ómóis dó.”
Machnamh
Iarrtar orainn anseo an difear idir na spioraid éagsúla i do shaol féin agus i do ghuí a aithint
- Más fíor gur réalta a bhí ag treorú na Saoithe, cad chuige ar thóg siad tuairisc an bhealaigh ó dhaoine in Iarúsailéim agus iad féin a chur sa gcruth gur cheisigh Héaród iad. Bíodh is nach ndeir an téacs Bíobalta go soiléir é, is cosúil gur imigh an réalta as radharc. Is éard a deirtear linn gur nocht an réalta arís nuair a d’fhág Iarúsailéim, rud a chuir ríméad orthu. Is rud suntasach é seo agus is rud é a ndéantar neamh-shuim de go minic. Cuireann sé dhá cineál mothúcháin in iúl, contrárthacht a shíl Naomh Iognáid a bheith bunúsach sa mbreithiúnas nó sa tuiscint – an difear idir ‘dólás’ agus ‘sólás’.
- Tá cleachtadh ag gach uile dhuine air seo ina bhealach féin. Bíonn amanna ann nuair a bhíos gach uile rud ag gabháil go maith, nuair a bhíos tú i dtiúin leis an Spiorad agus go dtig leat gluaiseacht ar aghaidh sa gCreideamh, sa dóchas agus sa ngrá. Bíonn tú ar nós na Saoithe agus iad faoi threoir mhuiníneach na réalta. Amanna eile, bíonn an chuma ar an scéal go bhfuil an solas blocáilte, nuair a bhíos tú trína chéile agus faoi imní agus in áit a bheith ag gabháil ar aghaidh is é an chaoi a mbíonn tú sioctha agus caillte, Is am contúirteach do d’anam é seo agus d’fhéadfadh an t-olc tú a chur amú. Iarrtar orainn anseo an difear idir na spioraid éagsúla i do shaol féin agus i do ghuí a aithint. Is le teann sóláis a thosaigh na Saoithe amach ar a n-aistear agus d’airigh siad an sólás sin arís tar éis dó a bheith as láthair ar feadh scaithimh. Is meafar Iarúisléim ar spiorad eile agus is beag nár rugadh iad sa ngaiste a leag Héaród dóibh.
- Léirítear pointe beag suntasach anseo. Is nuair a chaill siad teagmháil leis an solas fírinneach is ea a d’iarr na Saoithe cúnamh i dtreo contúirteach eile. Tabhair faoi deara go labhraíonn an téacs Bíobalta faoi Héaród agus faoin gcathair uile a bheith faoi imní nó mí-shocair i dtaobh scéal na Saoithe: cén áit a mbéarfar ‘Rí nua seo na nGiúdach’? (Tabhair faoi deara gurb iod é an teideal a chuirfeas Píoláit os cionn Chros Íosa.) Ach is iad na daoine contráilte atá na Saoithe seo a cheistniú. In Iarúisiléim, is amhlaidh atá siad timpeallaithe ag saol na cumhachta, saol an éada agus saol an fhoréigin. Níos deireanaí sa scéal cuirfear comhairle orthu i gcruth brionglóide gan gabháil ar ais chuig Héaród.
Labhair le Dia
Is é an cuireadh atá ann an chontúirt seo a aithint ionat féin agus saoirse uaithi a iarraidh
- Meabhraíonn an dráma seo uile dúinn ár línte cogaidh féin a aithint go háirithe nuair is féidir linn a ghabháil i gcathú.de chineálacha éagsúla. Bímid níos so-ghonta nuair nach mbímid i dteagmháil le solas an Spioraid Naoimh. Céard iad na pointí contúirte i do shaol-sa? Céard iad na foinsí coitianta misnigh agus sóláis atá agat? Bíonn amanna deacrachta i gceist san aistear iomlán Creidimh seo, ar siombail air scéal na Saoithe – cuir i gcás, nuair a thosaigh na hIosraeilítigh ag cnáimhseáil sa ngaineamlach nó nuair a ghéill siad do chineálacha éagsúla den íol-adhradh. Samplaí eile, is ea, nuair a thosaíos deiscibil Íosa ag imirt cluichí cumhachta le chéile nó níos deireanaí nuair a theith siad uaidh le linn a chéasta. Dá réir sin is rud folláin dúinne guí mar gheall ar ár luaineacht agus ár gclaonadh chun peaca. Tugaimis faoi deara gur minic leis na nóiméid laige seo a theacht le linn dóláis de chineál éigin – ar nós nuair atá an chosúlacht ann go bhfuil an réalta imithe I bhfolach.
- Tá gné bheag eile den den scéal ar fiú trácht uirthi. Téann intleachtóirí reiligiúnacha Iarúsaléim i mbun a gcuid leabhar agus tugann siad an freagra ceart i dtaobh áit bhreithe an Mheisiais, Beithil na hIúdáia. Thrácht San Agaistín go híorónta ar na saineolaithe seo: ba bheá leo treoracha a thabhairt do dhaoine eile agus ní thabharfaidís féin faoin aistear ar bith. Is cineál dóláis nó neamh-ghluaiseachta a leithéid. Ní hionann agus a leithéid is coda den sólás an fás agus an misneach a thugas ar dhuine athrú. Is é an cuireadh atá ann an chontúirt seo a aithint ionat féin agus saoirse uaithi a iarraidh.
- Is féidir léargas níos fairsinge a aimsiú trí léamh an scéil soiscéil seo faoi dhá chathair i gcás dhomhan neamh-aontaithe an lae inniu. Is siombail ar shaint lucht na cumhachta, iad siúd a dhéanas leatrom an bhoicht an tsaoil mhóir, in aon turas nó i ngan fhios dóibh féin. Is siombail ar leagan amach eile ar an saol Beithil, mar a fheicfimid, simplíocht atá oscailte don adhradh. Arís ar ais, féadfaimid marana a dhéanamh ar chontrárthacht eile, ceann a ndearna an Pápa Proinsias cur síos cumasach uirthi in Laudato Si: ‘Le linn do roinnt daoine a bheith i mbochtanas uafásach maslach, agus gan éalú uaidh, tá daoine eile nach bhfuil a fhios acu céard a dhéanfas siad lena gcuid saibhris agus iad ag iarraidh a gcuid uaisleachta a chur i gcéill.’ Ní mór seasamh ar son do Chreidimh i saol casta an lae inniu, agus taobhú le spiorad Bheithile agus ní hea le tíorántacht Héaród Iarúsailéim.