Mórchiúnas
Lig do d’aird a bheith socair áit éigin gar do do chroílár féin
Agus tú ag tusú ar an am marana seo, dún do shúile ionas go mbí cúpla nóiméad agat le ciúnas a aimsiú istigh ionat féin. Tá tú anseo le solas nua a scairteadh ar do shaol. Iarr a bheith in ann teagmháil a dhéanamh leis na mianta is doimhne ionat. A Thiarna Íosa, dúirt tú go mba tusa solas an domhain agus ‘an bealach, an fhírinne agus an bheatha’ seo againne. Taispeáin dom an chaoi le taisteal i do theannta-sa tráth seo na hAidbhinte chun úire solais agus chugat-sa.
Scrioptúr
Matha 2:9-11a
Nuair a chuala siad caint an rí, d’imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas anmhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó.
Machnamh
Iarraidh go nglactar le do mhian féin casadh le Críost agus go gclaochlaítear an mhian sin ina mhian seisean a theacht chugat-sa
- Tá muid tagtha anois go dtí buaic an aistir ag na Saoithe, an nóiméad a n-aimsíonn siad Íosa agus a dtugann siad adhradh dó. Tá siad tar éis an achair ghairid de chúpla míle a thaisteal as Iarúsailéim go Beithil. Bhí corraíl, agus dearóile agus dorchadas inmheánach ag roinnt le hIarúsailéim dóibh-sean. Ach d’fhill solas na réalta lena dtreorú go baile beag Bheithile, gur sheas os cionn an tí a bhfuair siad ann Muire agus Íosa ann. Tabhair faoi deara arís go mbaineann ‘ríméad mór’ leis an stad seo den aistear. Ba chathair cumhachta agus uisce faoi thalamh Iarúsailéim Héaróid ach ba áit shimplí guí Beithil. Is comharthaí ar spásanna spioradálta an dá áit seo agus ní hea suímh thíreolaíochta. Scaití aithnímid go bhfuilimid ar an mbóthar ceart agus aithnímid an chaismirt idir an tsíocháin agus an bhréagacht. Dá réir sin is le neart-teann sóláis a shroicheas na Saoithe nóiméad an adhartha arb é buaic a n-aistir é. Deir an Soiscéal linn go ndeachaigh siad ‘isteach sa teach’. A ghabháil isteach sa spás sin, sin é cuireadh na coda seo den chúrsa spioradálta Aidbhinteach seo againne.
- Insíonn Agaistín linn ina chuid Faoistiní faoina chuardach fada trí neart scoileanna léinn ag iarraidh cinnteachta faoi Dhia. Ar deireadh b’éigean dó aghaidh a thabhairt ar an mbac deireanach: ‘Ní raibh mé sách umhal le glacadh le hÍosa umhal mar mo Dhia…Níorbh fhéidir liom a thuiscint cén mhistéir a bhí I bhfolach sa bhFocal a ndearnadh feoil de. (Leabhar VII, 24-25). Tharlódh go mb’éigean do na Saoithe freisin an tairseach iontach seo a thrasnú isteach san adhradh.
- Is amhlaidh atá na Saoithe ag déanamh ionaid do ghaois na dtraidisiún spioradálta neamh-Ghiúdach. Ar deireadh thiar threoraigh a ngaois féin iad gur aimsigh siad a Rí nua-bheirthe – sprioc a n-aistir uile. Ar thuig an lucht cuardaigh seo ón Oirthear láithreacht ar leith Dé sa leanbh seo? Ní deir Matha linn céard a bhí ag gabháil trína n-intinn ag nóiméad an adhartha, ach cuireann na focail a úsáideas sé in iúl go ndeachaigh na Saoithe cuardaigh seo i muinín Dé nuair a chuaigh siad ar a nglúine os a chomhair agus nuair a thug siad adhradh dó.
- Tá rud iontach ar fad ag tarlú anseo. Má shamhlaímid na Saoithe agus iad á thuiscint go bhfuil an leanbh seo diaga ar bhealach éigin, cuireann sé sin athrú ar gach uile rud dóibh. An t-aistear atá déanta acu siúd ón Oirthear, freagraítear é le h-aistear Dé isteach sa domhan seo. Is amhlaidh atá an lucht cuardaigh dá gcuardach anois. Seo nóiméad nach miste stopadh le haghaidh guí agus lena iarraidh go nglactar le do mhian féin casadh le Críost agus go gclaochlaítear an mhian sin ina mhian seisean a theacht chugat-sa.
Labhair le Dia
Is é Adhradh an cineál is airde guí é, áit a líontar duine le tuiscint ar ghlóir agus ar láithreacht Dé.
- Céard é adhradh? Is é an cineál is airde guí é, áit a líontar duine le tuiscint ar ghlóir agus ar láithreacht Dé. Ceanglaítear é sa mBíobla le tuiscint mhór mhillteach ar naofacht agus ar ghaireacht Dé, agus go minic ní freagra spioradálta amháin a thugtar: titeann an duine béal faoi ar an talamh i bhfís Eizicéil (Eiz 1:28) nó in eachtra Phóil ar an mbóthar go Damascas (Gníomhartha 9:4) nó ag fíor-dheireadh Shoiscéal Mhatha nuair a thit na deisceabail síos os comhair an Tiarna Aiséirithe. Is é an gníomh céanna a thairgeas na Saoithe – adhradh tostach.
- Léiríter eithne nó croí an adhartha go cumasach san iomann cáiliúil ‘Adoro te devote’:
Adoro te devote, latens Deitas,
Quae sub his figuris vere latitas;
Tibi se cor meum totum subiicit,
Quia te contemplans, totum deficit.A Dhiagacht anseo i bhfolach dá dtugaim adhradh,
Ar chúl na scáilí loma seo – cruth, sin uile,
Féach, a Thiarna, ar seirbhís duit os íseal anseo, tá croí
Amú, amú ar fad in iontas an Dé is tú.- Cumadh an salm ársa sin le haghaidh adhradh Eocairisteach ach freisin i gcás na Saoithe, bhí an láithreacht dhiaga i bhfolach i leanbh éidreorach gan chosaint. Bhí an grásta ag na Saoithe, is cosúil, gur éirigh leo an rud iontach a aithint sa rud coitianta agus a ghabháil isteach i ndomhan tostach na marana. Tugann sé seo misneach dúinn ag an staid seo den chúrsa spioradálta seo againne tabhairt faoi ghuí chiúin. Ní gan foighne a aimsítear an rud a dtugtar ‘ceol ciúin’ air. Is fiú cuimhneamh air go bhfuil tábhacht le hiompar corpartha mar chomhartha ar an adhradh. Is fiú athrá a dhéanamh ar nath éigin agus tú do do shamhlú sa suíomh soiscéalach: ‘A Thiarna Íosa’ nó ‘Is é do bheatha, a Mhuire’, nó ‘Tá an Tiarna leat’. Lig do na focail titim isteach sa tost, an áit a mbainfidh do chroí sásamh as láithreacht Íosa agus é ‘amú ar fad in iontas’ Dé. ‘Blaisigí is féachaigí a fheabhas atá an Tiarna’ (Salm 34 :9).
Labhair le Dia
- Castar ceann de na habairtí is iontaí ar fad de chuid Cleachtaí Spioradálta Naomh Iognáid orainn nuair a thairgeas sé treoracha do stiúrthóir an chúrsa spioradálta (# 15). Dearbhaíonn Iognáid gur mian le Dia labhairt go díreach leis an té atá ag déanamh an chúrsa spioradálta lena chroí a chur ar lasadh le teann grá dó agus nár cheart don stiúrthóir a bheith sa mbealach ar láithreacht ghar seo Dé. Siod é an áit le haghaidh adhradh agus le haghaidh claochlú go deimhin agus tá sé ar fáil do gach uile dhuine ina bhealach féin. Tugtar cuireadh dúinn isteach san adhradh ciúin nach dteastaíonn iomarca focal mar a dúirt Íosa féin (Matha 6:8).
- ‘Mistéir a nochtas í féin in iomlán a méide is ea a thúsaíos marana...tá an ní nach féidir tarlaithe: Nochtann Dia é féin i mbeatha duine’ (Hans Urs von Balthasar). ‘Tabhair dom thú féin, is leor dom Thusa’ (Julian Norwich). Bíodh misneach agat le stánadh do chroí a shimpliú os comhair na heipeafáine seo, os comhair na glóire seo atá faoi scáth agus gan scáth.