Mórchiúnas
Tabhair faoi deara anois ar feadh scaithimh a bhfuil ag tarlú ionat féin, i d’intinn agus i do chroí
- Agus muid ag tosú ar an seisiún seo den chúrsa spioradálta, bí socair go fisiciúil ar dtús. Is cuma má thograíonn tú a bheith i do sheasamh, i do shuí go compordach, nó i do luí; cuir thú féin sa gcruth go mbeidh tú socair agus airdeallach ar feadh cúpla nóiméad. Fan socair ansin ar feadh cúpla nóiméad agus tú dá thógáil go réidh.
- Tabhair faoi deara anois ar feadh scaithimh a bhfuil ag tarlú ionat féin, i d’intinn agus i do chroí. Cé na smaointe a thugas tú faoi deara ag gabháil trí d’intinn? Cé na mothúcháin a airíos tú? De réir mar a ghlacas tú am le bheith níos socra, céard is léir duit ag brú ar do choinsiasacht?
- Tabhair faoi deara an chaoi a líonas agus a thrás na smaointe seo ar nós abhann le linn duit a bheith dá scrúdú. Beidh an chuma ar chuid acu go bhfuil siad níos tábhachtaí agus níos fadmharthanaí. Ní bheidh i gcuid eile acu ach aireachtálacha fánacha a thagas agus a imíos go héasca. Ná déan ach breathnú ar feadh scaithimh ar ghluaiseacht na smaointe agus na mothúchán seo ag gabháil tríot.
- Féach le do scaradh féin tuilleadh ó na mothúcháin seo. Ní tusa abhainn choipthe na smaointe agus na mothúchán feasta; ina áit sin is amhlaidh atá tú ag breathnú ar an abhainn, ag breathnú ar na smaointe agus ar na mothúcháin agus tú i bhfad as láthair. Caith tamall go socair ag breathnú ar gach a bhfuil ag tarlú, gan aon chúram ort a bheith sáite ann láithreach. Lig d’abhainn na smaointe agus na mothúchán gluaiseacht ar aghaidh. Lena linn seo, agus tú in áit chiúin os cionn na habhann, éist le sliocht ó shoiscéal Mhatha ar scéal na Saoithe nó na dTrí Rí.
Scrioptúr
Matha 2:10-11a
Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas anmhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.
Machnamh
Cén bronntanas nó bua ar leith atá faighte agat-sa agus nach bhféadfaidh duine ar bith eile ach tusa a thabhairt don domhan seo?
- Scéal soiscéalach na Saoithe a bhfuilimid ag déanamh ár marana air le seachtainí anuas, is iomaí ealaíontóir a dhírigh a aird air i gcaitheamh na n-aoiseanna. Is é an nóiméad ar dhírigh a bhformhór air – tairiscint na dtrí bhronntanas: ór, túis, agus miorr. Dúirt Bede Beannaithe go mb’ionann an t-ór agus an ríocht, go mb’ionann túis agus an diacht agus go mba leid faoi Pháis Íosa an miorr. Thug San Bearnard míniú níos tíriúla: theastaigh airgead ó theaghlach bocht; d’úsáidfí an túis leis an scioból a dhí-ghalrú nó a dhí-fhabhtú; agus leigheasfadh miorr bolg tinn linbh.
- Ar ndóigh, is as seo a d’fhás nós na mbronntanas Nollag. In ainneoin an bhrú a chuirtear ar dhaoine a bheith ró-chaifeach agus dearmad a dhéanamh ar chiall na féile, maireann spiorad an charthanais. Tá gnéithe níos doimhne i gceist anseo nach mór marana a dhéanamh orthu. Thug gach uile dhuine de na Saoithe bronntanas ar leith. Céard a dhéanas tusa lena bhfuil faighte agat-san ó Dhia is ón saol? Cé mar a mhaireas tusa do réir do shaoirse?
- Cén bronntanas nó bua ar leith atá faighte agat-sa agus nach bhféadfaidh duine ar bith eile ach tusa a thabhairt don domhan seo? Ní mar a chéile a rinne Dia aon bheirt againn.Níl duine ar bith eile i stair an chine dhaonna a bhfuil an phearsantacht ná an suíomh céanna aige atá agat-sa. Is leat-sa amháin an ghairm a fuair tú agus is í do ghairm maireachtáil de réir do bhronntanais nó do bhua ar leith féin sa suíomh saolta áirithe a bhfuil tú ann.
Machnamh
Is maith is fiú na buanna atá agat a thabhairt faoi deara freisin agus ní hea na cinn a bhfuil tú dá n-uireasa
- Castar nóiméid eile orainn sna Scrioptúir, ar nós íomhá na Saoithe, a thugas cuireadh dúinn guí i dtaobh ár gcuid bronntanas nó buanna agus an misneach a chuardach le maireachtáil dá réir. Smaoinigh ar pharabal na dtallannacha arb éard atá ann cuireadh dúinne maireachtáil go cruthaitheach, agus na deiseanna a chastar orainn a thapú le fás agus le bheith flaithiúil. ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe (Matha 25: 21).
- Mar sin féin, castar orainn carachtar eile sa bparabal céanna a chuir a thallann i bhfolach le teann faitís agus a ndéantar casaoid ghéar chrua leis as ucht an tallann theoranta a bronnadh air a chur amú. Is léir gurb éard atá sa gcuireadh a bheith airdeallach ar na deiseanna a chastar orainn le bheith fial flaithiúil, in ainneoin cheangail na beatha aonair.
- D'oscail na Saoithe a gcuid taiscí. Cuimhnímis anseo ar pharabal Íosa a luaitear aimsiú taisce ann (Matha 13: 44). San áit a gcuireann an carachtar i bparabal na dtallannacha a thallann i dtaisce le teann faitís, is amhlaidh a chuireas an duine a aimsíos taisce i bhfolcach sa ngort i dtaisce arís í le teann áthais agus le súil gur leis an gort. Tá contrárthacht anseo idir dhá mheon i dtaobh dhúshlán na Saoirse seo againne: faitíos nó buíochas. Imní a shiocas nó a reos an duine i gcomórtas le muinín a spreagas misneach sa duine. Is maith is fiú stopadh agus smaoineamh agus tú i mbun guí ar an gcaoi a bhfreagraíonn tú féin de ghnáth. Is maith is fiú na buanna atá agat a thabhairt faoi deara freisin agus ní hea na cinn a bhfuil tú dá n-uireasa.
Ag labhairt le Dia
Is fiú cuimhneamh ar an saol mór lena chuid coimhlintí agus riachtanas agus sinn ag guí de réir ár gcuid buanna
- Ar ndóigh de réir mar a mhairimid, agus go háirithe le teacht na mean-aoise agus na sean-aoise, tosaímid ag lagú agus ar gan a bheith chomh gníomhach agus a bhíodh. Ní hann feasta a oiread agus a bhíodh do na sean-bhuanna, go háirithe iad siúd a bhíos ag brath ar spreacadh agus ar dhea-shláinte. Ach tharlódh go nochtar buanna nua, mar shampla, sásamh níos réidhe a bhaint as daoine nó gaois de chineál nua. Is minic go n-aimsíonn na buanna seo againne suaimhneas agus simplíocht nua in ainneoin na gceangal a bhíos orainn. Go deimhin féin, is iondúil go léiríonn déantúis na n-ealaíontóirí sean-duine le gruaig liath, taobh le h-ógánach misniúil, agus eisean taobh le duine ó chultúr nó ó chine eile.
- Tá dhá léas eile ar féidir leo cur go mór leis an marana a dhéanaimid ar mhaireachtáil de réir ár gcuid buanna. Seo mar a scríobh Naomh Pól: Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha (Eif. 2: 10). Is é poiema atá sa mbun-leagan Gréigise, focal a chiallaíos ‘dán nó déantús (liteartha)’. Is é an chaoi a bhfuil Dia dár múnlú de shíor chun na maithe agus na h-áilleachta. Is maith is fiú cuimhneamh ar phaidir cháiliúil Naomh Iognáid, ‘Tabhairt leat agus Faigh’: ‘Is tusa a thug dom mo chuid buanna uile. Is duit-se a thairgim iad uile. Beannaigh mé le do ghrá agus le do ghrásta agus mé ag maireahtáil dá reir. Is leor sin dom-sa.’
- Ar deireadh thiar is fiú cuimhneamh ar an saol mór lena chuid coimhlintí agus riachtanas agus sinn ag guí de réir ár gcuid buanna. Is foinse claochlaithe gach uile ghníomh maith dá laghad. Nuair a ghuímid na focail ‘go dtaga do Ríocht’, is é an chaoi ar mian linn gur cuid ár ngníomhartha féin de ghníomh mór Dé leis an domhan a shaoradh ón Olc. Dá mairfeadh gach uile dhuine de réir na mbuanna a fuair sé ó Dhia, bheadh pláinéad eile ann.