• Mórchiúnas

    Dún do shúile ionas go mbí cúpla nóiméad agat le ciúnas a aimsiú istigh ionat féin

    Agus tú ag tusú ar an am marana seo, dún do shúile ionas go mbí cúpla nóiméad agat le ciúnas a aimsiú istigh ionat féin. Tá tú anseo le solas nua a scairteadh ar do shaol. Iarr a bheith in ann teagmháil a dhéanamh leis na mianta is doimhne ionat. A Thiarna Íosa, dúirt tú go mba tusa solas an domhain agus ‘an bealach, an fhírinne agus an bheatha’ seo againne. Taispeáin dom an chaoi le taisteal i do theannta-sa tráth seo na hAidbhinte chun úire solais agus chugat-sa.

  • Scrioptúr

    Matha 2:11-12

    Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.

  • Machnamh

    • Cuirtear críoch le scéal na Saoithe le h-athrú treo. ‘Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.’ I bhfianaise an méid sin, féadfaimid ár marana a dhéanamh ar dhá théama dheireanacha ár gcúrsa spioradálta: Dia dár dtarrtháil ón Olc; agus an chaoi a gciallaíonn teacht ar Chríost maireachtáil ar bhealach eile.
    • Tá áit thábhachtach ag brionglóidí sa mBíobla agus go deimhin i Soiscéal Mhatha. Cuimhnigh ar bhrionglóid Iósaef dá inseacht dó Muire a phósadh. D’uireasa theachtaireacht a mbrionglóide, d’fhéadfadh sé go gcuideodh na Saoithe i ngan fhios dóibh féin le beart marfach Héaróid.  e. Is aistriú bóthar / bealach ar an nGréigis hodos arb ionann é agus focal rúin i gcomhair Críostaithe. ‘a lean an Bealach’ Tráchtar cúpla babhta i nGníomhartha na nAspal orthu siúd ‘a lean an Bealach’ (Achtanna 9: 2). Tig leis na focail dheireanacha seo bealach nó slí mhaireachtála éagsúil a mheabhrú dúinn.
  • Machnamh

    •  ‘Ná lig sinn i gcathú’. An impí dheireanach seo de chuid Phaidir an Tiarna, tugann sí le tuiscint gur minic a bhíos call againn le treoir ó Dhia agus le cumhdach Dé. Más ón taobh amuigh a labhair an réalta leis na Saoithe is on taobh istigh a labhair an bhrionglóid. Cé nach bhfuil sé fíor-shoiléir i dtéacs Mhatha, nochtann an bhrionglóid an chaoi a ngníomhaíonn an Spiorad sa saol seo againne. Gheall Íosa ag an Suipéar Deireanach go seolfadh sé an Paraiclít (an t-abhcóide cosanta) chugainn mar chosantóir i dtrialacha agus i ndeacrachtaí an tsaoil. Go fiú tar éis dóibh aithne a chur ar an Leanbh Íosa, bhí grásta ní ba mhó ag teastáil ó na Saoithe lena dtarrtháil ón Olc, ó Héaród a raibh cuma an ionracais air. Céard iad na nithe mealltacha fealltacha nach miste dúinne iad a sheachaint inniu? ‘Tugaim buíochas don Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom, agus teagasc a thabhairt  do mo chroí san oíche’ (Salm 16:7). Gabh buíochas as ucht na n-amanna ar tarrtháladh thú féin ó chontúirt.
    • Sa tríú cuid den chúrsa spioradálta, ‘Contúirt ar an mBóthar’, luadh bua an bhreithiúnais a aithníos idir an mhaith agus an t-olc. Tig an teannas ar ais anseo ar bhealach níos mó fós. Is éard é creideamh láthair chatha. Tá a oiread grá ag Dia don ‘domhan’ go gcuireann sé a Mhac chuige, ach is focal diúltach ‘domhan’ freisin, áit a gcuirtear suas de Dhia agus a ndiúltaítear dó. Dá réir sin, ní mór don Chreideamh a bheith frith-chultúrtha. Ní hé sin le rá go mbeidh sé in aghaidh gach uile ruda nua ach go n-aithneoidh sé an tseafóid sa saol mór. Féach le do chuid féin a dhéanamh de seo agus féach leis na claontaí mealltacha atá thart ort agus a d’fhéadfadh cáilíocht na beatha Críosta agat a mhilleadh.
  • Labhair le Dia

    • Tugann sé sin go dtí an dara téama marana muid. Is ionann a bheith i do Chríostaí agus a bheith athraithe de bharr caidrimh le Críost agus a bheith sásta cur suas den tslí mhaireachtála atá in uachtar. Is leis an éigeandáil ó thaobh an imshaoil leochailigh a chuir an Pápa Proinsias an treise ina imlitir Laudatio Sí ach mar sin féin mheabhraigh sé dúinn go bhfuil baint ag an dúshlán seo leis an gcaoi a bhfeicimid muid féin sa saol. Má dhéanaimid dearmad ar an gCreideamh agus má chuirimid muid féin i gceart-lár an tsaoil, ansin beidh an rud a bheas feiliúnach in-ghlactha agus ‘beidh gach uile rud eile coibhneasta’ (122) – siod é go díreach cuireadh an dá fhocal dheireanacha de chuid théacs na Saoithe. Is sa gcás seo a mhol an Pápa ‘slí mhaireachtála agus spioradáltacht’ (114) ‘a ghinfeadh cur in aghaidh’ na dtuiscintí fánacha gan bhunús i gcultúr an lae inniu (111).  
    • An féidir linn áit do na dúshláin shóisialta a sholáthar inár nguí phearsanta? An féidir leis an nguí chéanna a bheith ina foinse claochlaithe pearsanta agus freisin ina bealach éagsúil le gníomhú sa saol seo? Cén chaoi ar féidir leat an difear a dhéanas an Chríostaíocht do do shaol a léiriú? Ní furasta na ceisteanna seo a réiteach ach ní mór dúinn iad a fhí isteach i nguí an chúrsa spioradálta seo. An staid ar thug Íosa ‘an Ríocht’ uirthi go minic éilíonn sí tuiscint nua ar Dhia agus ar an réaltacht. Is iad an claochlú pearsanta agus claochlú an tsaoil mhóir leonta bun agus barr gach uile fhíor-reiligiúin.
  • Labhair le Dia

    • Céard é cairt mhór saoirsí Ríocht nua Chríost? Gan amhras ar bith is sna Biáidí a fhaightear an achoimre is dúshlánaí ar an gcíor thuathail a dhéanas Íosa de luachanna saolta. Is anseo seo a fhaightear léargas ar chroí Íosa. Is féidir leat do mharana a dhéanamh ar na Biáidí go mall réidh mar a bheadh cuireadh le do chroí féin a iompú. Seachain a samhlófá ró-mhór leis an saol eile iad. Aisteach go leor tá siad freagrach sa saol seo féin. Is cinnte gur sona a bheas duine ag cothú na míne in áit na gairbhe. Is fearr maiteanas a thabhairt ná an t-olc a choinneáil istigh do dhuine. Is fearr an tsíocháin a chothú in áit an eascaidis.                                                              
    • Scríobh T. S. Eliot dán neamh-choitianta ar thug sé ‘Aistear na Saoithe’ air. Is í tiargáil an aistir agus ní hea áthas an aistir a rud a gcuirtear treise leis sa dán. Ba gheall ‘leis an mbás seo againne’ Breith Chríost a fheiceáil.

    Thriallamar ar ar n-áiteanna, na Ríochtaí seo,
    Ach gan a bheith socair anseo feasta, faoin sean-reacht.
    Tig leis an aistear seo againne muid a fhuascailt agus cur as dúinn ar bhealach folláin san am céanna.

    • Aiseolas

      Is brea linn chloisteáil ó dhaoine a bhaineann úsáid as an Tearmainn agus ár gCúrsa Spioradálta. Bain úsáid as an fhoirm teagmhála chun teachtaireacht a sheoladh chugainn.

    Abhaile