Fáilte
Is léir gurb éard atá sna sé seachtainí go leith seo, am le haghaidh réiteach i gcomhair na Cásca
- Fáilte go dtí an Cúrsa Spioradálta seo againne. Is léir, ar leibhéal amháin, gurb éard atá sna sé seachtainí go leith seo, am le haghaidh réiteach i gcomhair na Cásca. Ach ar leibhéal eile tá rud éigin eile ag gabháil ar aghaidh ag an tráth seo ar fud an domhain, rud níos doimhne. Ar lámh amháin, táthar ag tréigean Dé as éadan. San am céanna, ámh, santaítear rud éigin fíor, rud nach dtairgeann na heaglaisí sean-bhunaithe i gcónaí, is cosúil. Is é mo bharúil gur dia bréige an dia atá an domhan saolta a thréigean agus nach é an fíor-Dhia é. Is é mo bharúil freisin gur cúnamh duit Cleachtaí Spioradálta Iognáid leis an rud sin a shantaítear a chur in iúl. Beidh mé ag iarraidh cúnamh a thabhaiart duit a leithéid a dhéanamh sa gCúrsa Spioradálta seo atá roinnte ina shé ‘sheisiún’ ag freagairt do shé seachtainí na Cásca.
- Rud eile de: Tá sampla úr-nua an Phápa Proinsias gafa i gcion ar an saol mór ó dhírigh sé aird ar rud fíor-thábhachtach agus ‘Bliain na Trócaire’ á fógairt aige. De réir cosúlachta, is amhlaidh atá an fíor-Dhia a chruthaigh gach uile dhuine againn sa ngrá agus le haghaidh an ghrá, is amhlaidh ata an Pápa á mheabhrú sin dúinn agus ní hea an caracatúr Dé a bhíos ag breathnú go míchéadfach ar ár gcuid droch-ghníomhartha, mar dhea. Is é an fíor-Dhia atá ar chúla an chúrsa spioradálta Carghais seo.
Praiticiúlachtaí
Tabhair comhartha éigin go bhfuil tú ag gabháil i mbun guí
- Ar dtús, déan cinnte go ndéanann tú rud éigin gach uile lá, agus féach le dóthain ama a thabhairt dó. Mholfainn-se duit fiche nóiméad a chur i leataobh. Mura bhfeileann sé sin duit cuir am níos lú i leataobh agus claí leis an am sin i gcónaí, is cuma cén cathú a thiocfas ort. Gheobhaidh tú amach gur féile Dia ina fhéile.
- An dara rud a mholaim-se, go n-aimseoidh tú ‘áit bheannaithe’ duit féin ar féidir leat do phaidir a rá gach uile lá. Is maith le daoine áirithe é a dhéanamh ar an mbealach chuig a gcuid oibre, agus tamall níos faide le haghaidh marana a chleachtadh ag an deireadh seachtaine. Má oibríonn sé sin duit-se, déan é. An féidir leat suíochán a fháil ar an mbus, ar an Luas nó ar an Meárlíne áit a mbeidh tú ar an uaigneas? B’fhéidir go bhfuil seomra freagrach ag baile agat nó go bhfuil teach pobail gar do do chuid oibre áit a mbeidh ciúnas agat. Ansin nuair a shroicheas tú d’áit bheannaithe, tabhair comhartha éigin go bhfuil tú ag gabháil i mbun guí. Is maith le daoine áirithe comhartha na Croise a ghearradh orthu fein, mar shampla, nó an talamh a phógadh. Ba leor do shúile a dhúnadh, do chloigeann a chromadh agus a rá leis an Tiarna: ‘A Thiarna, seo é do chuid ama-sa, is fút-sa atá é a líonadh.’
- Is é an tríú rud: is mian le hIognáid go n-iarrfaimis a bhfuil uainn sa tamall guí. Is éard atá i gceist aige an grásta áirithe atá muid ag iarraidh a shealbhú de bharr an tseisiúin, go n-iarrfadh muid go misniúil é. Is é a bhfuil de chomhairle agam duit ina thaobh seo nach n-iarrfá ar Dhia ach a bhfuil uait dáiríre, i do chroí istigh. Má dhéanann tú a leithéid, beidh tú ar thóir an fhíor-Dhé, an Dia atáimid a chuartú sa gcúrsa spioradálta seo.