• Mórchiúnas

    Dírigh ar an áit a bhfuil tú agus ar an duine is mian leat a bheith ionat ag deireadh an tseisiúin

    Déan iarracaht a bheith socair. Tá bealaí éagsúla leis sin a dhéanamh. Inniu, tabhair aird ar an áit a bhfuil tú i do shuí. Suigh chomh simplí agus is féidir leat, ar chathaoir, le do chosa ar an urlár, agus do shúile dúnta, nó ar an urlár nó ar chathaoir uileann i gcruth a bhfuil a fhios agat gur féidir leat é a choinneáil i gcaitheamh an achair. Airigh an suíochán fút, agus dírigh ar an áit a bhfuil tú agus ar an duine is mian leat a bheith ionat ag deireadh an tseisiúin.

    Ansin, agus tú socair ionat féin, ar feadh scaithimh ar a laghad, iompaigh i leith Dé, agus abair: ‘Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.’

     

  • Cuireadh

    Lig don éagsúlacht labhairt leat i dtaobh shaibhreas fhocal Dé

    Tosaímid an tseachtain seo agus súil dá caitheamh againn ar an scéal iontach a shuíos Matha díreach tar éis na Seanmóra ar an gCnocán. Má tá an tiontú Gaeilge seo éagsúil le leagan ar bith a chuala tú riamh, lig don éagsúlacht labhairt leat i dtaobh shaibhreas fhocal Dé atá thar acmhainn ár samhlaíochta agus a thairgeas dúshlán nua i gcónaí.

  • Scrioptúr

    Matha 8:1-4

    Tháinig sé anuas ón sliabh agus lean sluaite móra é. ‘Agus tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair agus dúirt: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.” Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach. Dúirt Íosa leis ansin: “Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a d’ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”

  • Machnamh

    Cad chuige ar lean na sluaite Íosa i do thuairim-se?

    Molfaidh mé roinnt pointí i dtaobh an téacs duit gach uile sheachtain le smaoineamh orthu. Níl aon chall duit iad uile a úsáid gach uile lá ná cuid ar bith acu go deimhin. Is é an rud is tábhachtaí go leanfaidh tú treoir an Spioraid Naoimh. Ní siollabas é seo a chaitheas tú a chur díot. Is é an chaoi a bhfuil turas dá thabhairt againn tríd an gCarghas go dtí an Cháisc, turas a bheas éasgsúil do gach uile dhuine againn, agus sin é an t-aon rud a chomhaireas.

    • Is é an chéad phointe ar tharla díreach roimhe. Deir Matha linn, tar éis na Seanmóra ar an gCnocán, gur ‘dá dteagasc a bhí sé mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus a scríobhaithe féin.’ Ag tagairt siar atá Matha dá bhfuair sé i Soiscéal Mharcais áit a dtráchtar ar chumas Íosa déileáil le deamhain. Anois ó tá an tSeanmóir tugtha san áireamh ag Matha, tá tábhacht le cois ag roinnt leis an údarás sin. An aithníonn túsa an t-údarás seo sa scéal?
    • Tabhair faoi deara go labhraíonn Matha faoina ‘scríobhaithe féin’, rud a dhealaíos ó chéile  iad. Ar ball feicfear na scríobhaithe mar naimhde Íosa a ndamnaíonn seisean iad go géar crua as ucht a righne, a gceal trócaire, agus iad ag cur an dlí i gcion. An aithníonn tú na daoine seo? An raibh cathú ort féin riamh an dlí a chur i gcion go righin? Cén bhaint atá aige seo le trócaire?
    • Tá tábhacht mhór ag baint le sléibhte i Soiscéal Mhatha. Táimid tar éis ‘an tSeanmóir ar an gCnocán’ a lua, ar ndóigh; ach is áiteanna guí agus leighis iad freisin sa Scoiscéal seo. Freisin is ar shliabh a shuíos Matha slán deireanach Íosa ag an ngrúpa bocht agus trócaire dá taispeáint aige don ghrúpa sáraithe aon duine dhéag. An labhraíonn an ‘sliabh’ leat-sa ar bhealach ar bith?
    • Cloisimid gur lean sluaite móra é. Tagraíonn an focal ‘lean’ don deisceabalacht, ach freisin, is léir, ar nós an Phápa Proinsias, gur aithin na sluaite trócaire Íosa, i gcás righne na n-údarás reiligiúnach atá ina choinne. Cad chuige ar lean na sluaite Íosa i do thuairim-se?
  • Labhair le Dia

    Cuimhnímis ar an gcaoi a gcuireann an Pápa Proinsias grá agus trócaire in iúl trí bharróg a bhreith ar dhaoine atá ar imeall an phobail
    • ‘Féach an lobhar.’ Déantar neamh-shuim den fhocal ‘féach’, ach úsáideann Matha é go minic. Tá sé ceaptha ár n-aird a tharraignt agus ár bhfiosracht. Is iomaí tiontú nach mbacann leis ar chor ar bith. Céard a chiallaíos an focal seo duit-se?
    • Ansin cloisimid gur ‘tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair’. Is focal fíor-thábhachtach ‘umhlú / adhradh’ i Soiscéal Mhatha. Sin é an rún a bhí ag na Saoithe i gcaibidil 2, agus sin é a dúirt Héaród ba mhian leis an dhéanamh (ach tá a fhios againn céard a chiallaigh siesean leis sin.) Agus tú ag gabháil tríd an gcuid eile den Soiscéal, feicfidh tú go léiríonn an focal an cur chuige ceart i leith Íosa. Tá an ceart ag an lobhar agus tugtar faoi deara gurb é an teideal ceart a thugas sé ar Íosa – ‘Tiarna’. Táimid ar thaobh an lobhair láithreach agus tá barúil mhaith againn in ainneoin bail shamhnasach a bheith air go bhuil trócaire an Tiarna i ndán dó.
    • Leanann an lobhar ar aghaidh: ‘A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.’ Is iontach an ráiteas é seo a léiríos cinnteacht go bhfuil cumhacht ag Íosa ar na tubaistí is measa dár gcuid, agus gur féidir leis iad a leigheas. Tugaimid faoi deara go nochtann an lobhar amhras áirithe faoi Íosa a bheith chomh carthabach lena cháil nuair a deir sé ‘más áil’. An gcreideann tusa go bhfuil Íosa cumhachtach agus carthanach? Agus an bhfuil sé trócaireach?
    • Anois a tharlaíos an eachtra iontach choimhthíoch: ‘Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis.’ Chuirfeadh gníomh contúirteach déisteanach den sórt múisiam ar an slua. Ach cuimhnímis ar an gcaoi a gcuireann an Pápa Proinsias grá agus trócaire in iúl trí bharróg a bhreith ar dhaoine atá ar imeall an phobail, daoine a bhuil gach uile chineál galair agus éagrutha orthu. Céard a bhraith tusa nuair a leag Íosa lámh ar an lobhar?
    • Is fada linn go bhfreagraí Íosa…agus freagraíonn: ‘Is áil, glantar thú’. Réitíonn sé sin ceist an charthanais. Cén anáil atá ag trócaire shlánaitheach Íosa ort-sa?
    • Feictear toradh ghníomh Íosa láithreach: ‘leigheasadh ón lobhra é’. Samhlaigh céard a bhraith an lobhar agus é ag éisteacht le treoracha barainneacha Íosa:
      1.  ‘Ná hinis do dhuine ar bith é’ (mar dhea is go mbeadh a leithéid indéanta, ach is dóigh nár mhian le hÍosa an cineál sin poiblíochta)
      2.  ‘taispeáin don sagart thú féin’ (riacahtanas le go nglacfaí ar ais sa ngnáth-phobal é)
      3.  ‘agus déan an ofráil a d’ordaigh Maois’. Is Giúdach maith Íosa, agus é ag gníomhú taobh istigh de theorainneacha an Dlí Ghiúdaigh, go fiú agus é ag dáileadh thrócaire Dé in aghaidh thoil daoine religiúnacha dleathaíocha.
      4.  ‘mar fhianaise dóibh’. Cé hiad? Níl a fhios againn, ach seans go bhfuilimid ceaptha smaoineamh ar an rabhadh ón Sean-Tiomna a deir nach mór cúpla finné a bheith ann.
Abhaile