• Mórchiúnas

    Éist le d’análú, tabhair aird ar thuile is ar thráth d’anála

    Don seisiun seo ná déan ach éisteacht le d’análú, tabhair aird ar thuile is ar thráth d’anála. Isteach is amach, isteach is amach, isteach is amach, gan an luas a athrú ar bhealach ar bith, ach gabh isteach sa tost, agus sa ngníomhaíocht míhorúilteach bheatha-bhronnta is tarranigt isteach anála is ligean amach anála. Samhlaigh an Dia beatha-bhronnta seo againne dá dhéanamh sin, agus bain úsáid as an íomhá le tú féin a dhéanamh socair.

    Ansin, agus tú socair ionat féin, ar feadh scaithimh ar a laghad, iompaigh i leith Dé, agus abair: ‘Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.’ 

  • Invitation

    Samhlaigh an eachtra ag tarlú i d’intinn

    Ní miste a fhios a bheith agat gur i Soiscéal Mhatha a chastar an scéal seo orainn go díreach tar éis an scéil faoi leigheas an lobhair a scrúdaigh muid an tseachtain seo caite. Cloisimid i seisiún an lae inniu cuntas ar Íosa ag leigheas ghiolla an taoisigh chéid. Samhlaigh an eachtra ag tarlú i d’intinn...

  • Scrioptúr

    Matha 8:5-13

    Tar éis dul isteach i gCafarnáum dó, tháinig taoiseach céad chuige ag achainí air: “A Thiarna,” ar seisean, “tá mo ghiolla ina luí sa bhaile ina phairiliseach agus é á chrá go léanmhar.” Dúirt Íosa leis: “Rachaidh mé ann á leigheas.” Ach dúirt an taoiseach céad á fhreagairt: “A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí. Ná déan ach an focal a rá agus beidh mo ghiolla leigheasta. Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.” Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: “Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael. Deirim libh, tiocfaidh mórán anoir agus aniar agus beidh siad ina súí chun boird le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i ríocht na bhflaitheas; ach clann na ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.” Dúirt sé leis an taoiseach céad ansin: “Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.” Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla.

  • Machnamh

    Ar impigh tusa rud ar bith ar Íosa riamh?
    • ‘Tar éis dul isteach i gCafarnáum dó’; tugaimid faoi deara nach é seo Nazarat, an áit a raibh cónaí air féin, ach baile iascaigh cruógach ag ceann Loch na Gailíle ar ann a rinne Íosa a cheann-cheathrú le linn a mhisin sa nGailíl. Siod é an áit a gcleachtann sé an trócaire. Cá bhfuil Cafarnáúm duit-se?
    • Is díol iontais dúinne gur taoiseach céid, neamh-Ghiúdach agus ball gairmiúil den arm gabhála, an té a thagas go dtí é. Níl trócaire shlánaitheach Íosa teoranta ‘do dhaoine ar ár nós féin’. Ní hé sin amháin é ach tá an Gintlí seo ar namhaid do na daoine é ag impí ar Íosa rud éigin a dhéanamh dó, agus dá réir sin ar chaoi éigin tá a fhios againn anois go mbeidh gach uile shórt ceart. Ar impigh tusa rud ar bith ar Íosa riamh?
    • Ansin cloisimid cuntas ar an deacaracht atá aige: ní leis féin a bhaineas sí ach lena ghiolla, agus deir sé faoi go bhfuil sé ‘ina luí sa mbaile ina phairiliseach agus é á chrá go léanmhar’. Céard a d’airigh tú agus tú ag éisteacht leis an taoiseach céid?
    • Tugaimis aird ar fhreagairt Íosa: láithreach bonn, gan cuimhneamh air gur ‘leis an taobh eile’ don fhear seo, d’fhreagair Íosa go ciúin misniúil mar ba ghnách leis, “Rachaidh mé ann á leigheas.” Céard deir freagra Íosa leat-sa?
  • Labhair le Dia

    An cuimhin leat-sa trócaire shlánaitheach Íosa a chleachtadh?
    • Cuirtear tuilleadh spreaca sa scéal nuair a deir an taoiseach céid go humhal: ‘A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí.’ Dá mba dhuine fíor-cheart-chreidmheach ó thaobh cleachta de bheadh sé seo fíor, ach bhí a fhios ag an nGintlí seo cé leis a raibh sé ag déileáil: ‘Ná déan ach an focal a rá agus beidh mo ghiolla leigheasta.’ Tá a fhios aige go bhféadann Dia gníomhú trí Íosa agus ní hea ar son Giúdach amháin. Cad chuige, dar leat, a ndearna an taoiseach céid iarracht Íosa a bhac ar a theacht isteach sa teach seo aige-se?
    • Téitear níos doimhne fós ó thaobh creidimh de nuair a deir Íosa, ‘Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael.’ An gcuireann an doimhneacht chreidimh seo duine ar bith i do shaol féin i gcuimhne duit? An dtugann an scéal seo dúshlán do chreidimh féin i dtrócaire shlánaitheach Íosa?
    • Cuirtear barr slachta ar an scéal nuair a thugtar le fios gurb iomaí neamh-Ghiúdach a ndéanfar trócaire air agus gurb é a mhalairt atá i ndán dóibh siúd a chuireas in aghaidh Íosa ó thaobh creidimh de: ‘tiocfaidh mórán anoir agus aniar agus beidh siad ina suí chun boird le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i ríocht na bhflaitheas; ach clann na ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’ An gceapaimid féin uaireanta go bhfuil trócaire Dé teoranta do ‘dhaoine den mhianach ceart’?
    • Cuirtear deireadh fíor-shuntasach leis an scéal: ‘Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.’ Ansin deir an soiscéalaí linn: ‘Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla.’ An cuimhin leat-sa trócaire shlánaitheach Íosa a chleachtadh? Labhair le hÍosa ina thaobh seo agus tugadh sé misneach duit le linn na seachtaine seo den aistear Carghais seo againne.
Abhaile