• Mórchiúnas

    Tabhair faoi deara torann ar bith a chloiseas tú timpeall ort mura bhfuil sé ciúin taobh amuigh

    Sul má théimid i gcionn an tríú seisiúin seo de chuid an chúrsa spioradálta Carghais seo againne, déan thú féin socair ar feadh scaithimh. Bíodh intinn shocair agus corp socair agat ionas go mbí tú níos oscailte agus níos airdeallaí ar a mbeimid ag déanamh marana inniu. Tabhair faoi deara torann ar bith a chloiseas tú timpeall ort mura bhfuil sé ciúin taobh amuigh. Céard faoin torann ionat féin, i d’intinn nó i do chroí? Tabhair aird go macánta orthu agus ar rud ar bith a spreagas siad, agus lig tharat iad ansin.

    Ansin agus tú socraithe ar feadh scaithimh ar a laghad, iompaigh i leith Dé agus abair: ‘Tá mé anseo; labhair, a Thiarna, tá do shearbhónta ag éisteacht.’

  • Cuireadh

    An bhfuil tú in ann radharc an leighis a shamhlú?

    Éist anois leis an gcéad scéal eilie. Leanann sé sna sála ag an scéal deireanach, leigheas ghiolla an taoisigh chéid. Seachnaímis go háirithe scéalta barrúla faoi mháithreacha céile ar bronntanas iontach ó Dhia iad d’fhormhór póstaí. An bhfuil tú in ann radharc an leighis a shamhlú?

  • Scrioptúr

    Matha 8:14-15

    Ar dhul isteach i dteach Pheadair dó, chonaic Íosa máthair chéile Pheadair ina luí sa leaba agus an fiabhras uirthi. Chuir sé a lámh ar a láimh, d’fhág an fiabhras í, d’éirigh sí agus rinne sí freastal air.

  • Machnamh

    Ar rud neamh-ghnách an sampla seo de thrócaire shlánaitheach Íosa?
    • Ar rud neamh-ghnách an sampla seo de thrócaire shlánaitheach Íosa? Cad chuige, meas tú, ar luaigh Matha ‘máthair chéile’?
    • Tugaimid faoi deara go ndeachaigh Íosa ‘isteach i dteach Pheadair’. Is ainm Gréagach ‘Peadar’ agus is ainm feiliúnach é do dhuine arbh as cathair phágánach Bhéatsáide dó de réir shoiscéal Eoin. Céard a bhraitheas tusa agus tú ag breathnú ar Íosa ag gabháil isteach i dteach Pheadair?
    • Nuair a d’inis Marcas an scéal seo, is caol díreach tar éis dóibh imeacht as an tsionagóg ar an tSabóid is ea a tharla sé. Anseo in insint Mhatha is caol díreach tar éis d’Íosa casadh le saighdiúir Rómhánach Gintlí is ea a tharlaíos sé lena chur in iúl gur gan choinne a dhéanadh Íosa trócaire shlánaitheach, b’fhéidir. Céard é do bharúil féin faoi na gníomhartha trócaireacha seo agus a ghaireacht a tharlaíos siad dá chéile.
    • I leagan Mharcais ie é teach Pheadair agus Aindriú, in éineacht le Séamas agus Eoin’ a deirtear. Bhí príomh-aspail Íosa uile I láthair. Ach anseo is é Íosa leis féin a chastar orainn. Ansin cloisimid cuntas ar an droch-bhail atá ar an othar. Cuirtear treise leis an donacht atá tar éis an mháthair chéile a bhualadh ar nós ghiolla an taoisigh chéid, nuair a chaitear nó a theilgtear í agus í faoi anáil fórsa cumhachtach dochrach.
  • Labhair le Dia

    Déan iarracht tú féin freastal ar dhaoine eile de réir mar a chuireas tú eolas ar thrócaire shlánaithe Dé le linn an Charghais
    • Ba bhean í ar ndóigh agus bhain a oiread áirithe stádais agus easpa stádais leis an méid sin féin sa gcultúr. Bhí sí i ngreim ag fiabhras. De cheal frith-bheathach bheadh a leithéid d’othar i gcontúirt an bháis. Breathnaigh go géar crua ar an mbean seo agus tabhair faoi deara na mothúcháin a spreagtar ionat.
    • Táimid faoi dhraíocht agus muid ag breathnú ar Íosa ag leagan láimhe ar a lámh sise. Tá dhá chontúirt truaillithe anseo. Is bean í agus thiocfadh di a bheith ina húdar truaillithe de bharr an méid sin. Is gearr uaithi an bás mura bhfuil sí básaithe cheana féin – údar eile truaillithe. Cén chaoi a dtéann gníomh Íosa i gcion ort? B’fhiú duit smaoineamh ar mhisneach leigheas Íosa agus ar an méid a chilallaíos sé sin duit féin. 
    • Agus céard é an toradh? Ar dtús, ardaíodh suas í agus ar ndóigh ciallaíonn sé seo ‘aiséirí’ sa Tiomna Nua. Is saorbhriathar diaga atá i gceist lena léiriú gurb é Dia atá i mbun gnímh. Tosaímid ag freastal nar daoine eile tar éis dúinn aithne a chur ar Dhia ar nós mar a dhéanas máthair bhean Pheadair. Déan iarracht tú féin freastal ar dhaoine eile de réir mar a chuireas tú eolas ar thrócaire shlánaithe Dé le linn an Charghais. Labhair leis an Tiarna faoina ar spreag an mharana seo I do chroí.
Abhaile