Mórchiúnas
Oscail thú féin don scéal a mbeimid ag déanamh marana ina thaobh inniu
Agus muid ag tosú ar an gceathrú seisiún den chúrsa spioradálta seo againne, tóg d’am agus bí ar do shocracht. Déan socair pé ar bith cé na mothúcháin atá ionat faoi láthair: olc nó fearg, sonas, áthas, nó meascán díobh uile. Aire duit agus oscail thú féin don scéal a mbeimid ag déanamh marana ina thaobh inniu. Tabhair faoi deara na mothúcháin atá ionat anois. Ainmnigh iad agus ansin, lig uait iad.
Ansin, nuair a bheas tú socair, ar feadh scaithimh ar a laghad, iompaigh i leith Dé agus abair: ‘Seo anseo mé. Labhair, a Thiarna – tá do shearbhóna ag éisteacht.’ Féadfaidh tú foirmle ar bith eile is mian leat a úsáid mar chomhartha go bhfuil tú ag gabháil i mbun guí.
Cuireadh
Cén sort duine é seo go dtugann an gaotha agus an fharraige géilleadh dó?
Ní díreach tar éís scéal na máthar céile sa seisiún deireanach a insítear an scéal seo faoi dheamhain dá n-íbirt ag Íosa i dTír na nGadairéanach. Lonnaigh Matha idir an dá scéal seo scéal faoi theagmháil le beirt ábhar deisceabail, nach dtugann Íosa mórán ugaigh do cheachtar acu. Deirtear leis an gcéad duine acu nach bhfuil áit ‘ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.’ Déanann an dara duine acu iarratas réasúnta: ‘A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m’athair a adhlacadh.’ Freagraíonn Íosa: ‘Lean mise, agus lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh.’ Cuirtear an stoirm ina calm ina dhiaidh sin agus cuirtear claidhreacht i leith na ndeisceabal. Cloisimid an méid a deir siad le neart-teann ionaidh: Cén sort duine é seo go dtugann an gaotha agus an fharraige géilleadh dó? An bhfuil tú féin in ann an cheist sin a chur? Cén ort duine é seo? Tosaíonn an scéal anois dáiríre, nuair a théas Íosa caol díreach go dtí tír na nGadairéanach.
Scrioptúir
Matha 8:28:34
Nuair a bhí an taobh eile bainte amach aige, i dtír na nGadairéanach, tháinig faoina dhéin beirt a raibh deamhain iontu ag teacht amach as na tuamaí, agus iad chomh fiata sin nárbh fhéidir do dhuine ar bith an bóthar sin a ghabháil. Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?” Bhí, achar éigin uathu, tréad mór muc ar féarach, agus rinne.na deamhain achainí air: “Má thiomáineann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn.” Dúirt sé leo: “Amach libh.” Tháinig siad amach agus isteach leo sna muca, agus seo an tréad ar fad ina ruathar le fána isteach san fharraige gur cailleadh san uisce iad. Theith na mucaithe, chuaigh siad isteach sa chathair agus d’inis siad an scéal ar fad agus mar gheall ar na deamhnaígh. Agus seo amach muintir na cathrach go léir in airicis Íosa; ach nuair a chonaic siad é, d’iarr siad air a gceantar féin a fhágáil.
Machnamh
Roghnaigh an Pápa Proinsias an bhliain seo a bhfuilimid inti mar Bhliain na Trócaire ionas go bhféadfaidimid-ne trócaire shlánaitheach Dé a thabhairt chucu siúd atá timpeall orainn
- Tugaimid faoi deara, ní hé fearacht Mharcais é, gur beirt deamhnaíoch agus ní hea duine atá i gceist. Beirt dall atá ag Matha freisin in aghaidh an aon daill amháin ag Marcas. Is dóigh gurb é riachtanas an tSean-Tiomna nach mór beirt le haghaidh fianaise a thabhairt is cionsiocair leis seo. An ndéanann sé difear ar bith do scéal Mhatha gur beirt deamhnaíoch atá i gceist?
- Is as tuamaí, áiteanna cónaithe deamhnaíoch, a tháinig an bheirt deamhnaíoch. Is bagairt iad don ghnáth-phobal. Deir Matha go raiabh siad ‘chomh fiata sin nárbh fhéidir do dhuine ar bith an bóthar sin a ghabháil.’ Cén tábhacht a bhaineas leis na tuamaí agus gan daoine a bheith in ann a ghabháil an bealach?
- Is údar iontais go mbeannaíonn an deamhnaígh d’Íosa agus go dtugann ‘Mac Dé’ air. An bhfuil an ceart ag na deamhnaígh ‘Mac Dé’ a thabhairt ar Íosa? Cén chaoi a raibh a fhios acu?
- ‘Cad ab áil leat dínn’, d'fhiafraigh siad de. Macalla é seo ar a ndúirt baintreach Zárafat leis an bhfáidh Éilias nuair a bhásaigh a mac, in 1 Ríthe. Deir na deamhnaígh le hÍosa go bhfuil sé tagtha chucu roimh a am le iad a chrá. Sin é a dhéanas deamhain, ar ndóigh. Cránn siad daoine. Is é gnó Íosa trócaire shlánaitheach a dhéanamh agus deireadh a chur le céasadh. An é gnó Íosa deamhain a chrá, dar leat? Céard tá i gceist ag na deamhain nuair a luas siad an t-am ceart? Roghnaigh an Pápa Proinsias an bhliain seo a bhfuilimid inti mar Bhliain na Trócaire ionas go bhféadfaidimid-ne trócaire shlánaitheach Dé a thabhairt chucu siúd atá timpeall orainn. An bhfuil deamhain ar bith do do stopadh-sa ó bheith ag obair ar son Dé?
Labhair le Dia
- Tarraingíonn Matha mion-sonra gan choinne isteach sa scéal: ‘tréad mór muc ar féarach.’ B’ainmhithe neamh-ghlana iad sin sa gcultúr Giúdach, ach ní raibh siad ach ag déanamh mar ba dhual dóibh. Ansin, gan choinne, déanann na deamhain iarratas. Tá a fhios acu go bhfuil an troid caillte acu agus go deimhin an cath féin, agus feachann siad le socrú a dhéanamh : ‘Má thiomáineann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn.’ Freagraíonn Íosa: ‘Seo libh’. Cad chuige a roghnaionn na deamhnaígh na muca, dar leat?
- Is léir gur é Íosa atá i gceannas. Deir Matha linn ansin gur imigh siad amach agus isteach sna muca. Agus féach! Rith an tread uile le fána na haille agus isteach sa bhfarraige agus bádh iad sna huiscí. Siod é deireadh na ndeamhan. Ar raibh nóiméad ar bith bith riamh i do shaol-sa ar bhraith tú go raibh Íosa i gceannas ar chúrsaí go soiléir?
- B’údar grin don phobal Giúdach na muca a fheiceáil ag léimneach isteach sa bhfarraige agus ag marú na ndeamhan san am céanna. Tugann an scéal orainn cuimhneamh ar staid na beirte ar imigh na deamhain astu. Cén chaoi ar airigh siad, dar leat? Traochta, craite, go raibh faoiseamh acu, go raibh siad saor?
- Breathnaigh anois ar ar tharla. Chuaigh pobal uile na cathrach chomh fada le hÍosa. Ní lena mholadh ach, mar a deir Matha linn, lena iarraidh air imeacht go dtí áit eile i bhfad óna gcríocha. Cad chuige, dar leat, a raibh pobal Ghadair chomh míshásta le hÍosa go mba mhian leo é a chur as a gceantar féin? An airíonn tusa mar sin scaití?
- Déan do mharana ar ar airigh agus ar mhothaigh tú agus tú ag smaoineamh ar na ceisteanna seo. Tabhair do chuid mothúchán chuig an Tiarna. Tharlódh gur mothúcháin mhíchompordacha mhíshocra iad seo. Anois agus beagán le cois leath an Chúrsa Spioradálta curtha dínn againn, a bhfuil uait leis an aistear a chríochnúll, an bhfuil tú in ann é a iarraidh ar Dhia?