Fáilte
Do chéad fáilte go dtí an cúrsa spioradálta Aidbhinteach ‘Teachtairí Áthais’. Is ón bhfocal Laidin ‘adventus’ a chiallaíos ‘teacht’ don fhocal ‘Aidbhint’. Tugann an Aidbhint deis dúinn scíth a ligean agus muid ar bís ag fanacht agus súil ghliondarach againn le teacht Íosa arb é Imeánúéil é, Dia linn. Teacht Dé isteach sa saol i gcruth linbh, meabhraíonn sé ceann de nithe luachmhara an Chreidimh seo againne: áthas. Tugann séasúr na hAidbhinte deis dúinn a ghabhail ar leataobh ó chúraimí an tsaoil, a thógáil níos réidhe, fanacht agus marana a dhéanamh, ionas go dtig linn páirt áthasach ghliondarach a ghlacadh i mistéir na Nollag, am áirithe ceiliúrtha agus comórtha do gach uile Chríostaí.
Déanfaidh muid ár marana ar roinnt eachtraí de chuid scéal na Nollag atá sean-chloiste againn le treoir a thabhairt dár nguí. Is insintí as Leabhar Íseáia agus as Soiscéal Lúcáis a mbainfidh muid úsáid astu. Le linn na fanachta seo, tugtar cuireadh dúinn am a chaitheamh i mbun guí agus marana agus muid ag smaoineamh níos doimhne ar mhistéir na Nollag ionas go mbí muid réidh dáiríre i gcomhair theacht Íosa isteach inár saol. Ar bís is ea a fhanas muid i dteannta phobal Dé uile le teacht Chríost. Fanann muid go háirithe ina dteannta siúd a raibh páirt acu ina theacht – Íseáia, Zachairiá, Eiliosaibeit, Muire agus na h-aoirí – agus tugann muid aird ar an gcaoi ar nochtadh scéal áthais an Teachta ar dtús.
Ba réamh-insint fíor-áthasach tairngreacht Íseáia i dtaobh bhreith Íosa. Nocht sí plean Dé ó am an tSean-Tiomna Meisias a chur go dtí an domhan. Is le teachtaireacht áthais freisin a tháinig aingeal an Tiarma a nocht é féin do Zachairiá dá fhógairt go ndéafadh go leor gairdeas faoi bhreith Eoin Baiste, an té a réiteodh an bealach don Tiarna.
Go deimhin nocht Eoin Baiste féin, agus é ina leanbh sa mbroinn, nocht sé áthas mór nuair a thug Muire cuairt ar a mháthair Eiliosaibeit. Agus arís ar ais, nuair a rugadh an Slánaitheoir do Mhuire, is mar ‘dhea-scéal áthais mhóir’ a d’fhógair na h-aingil do na h-aoirí é.
Is trí na scéalta seo a chloisteáil as an nua a thuigfeadh muid, b’fhéidir, cé leis a bhfuil a mbeadh sé cosúil a bheith inár ‘dteachtairí áthais’. Agus muid ag tosú air an gcúrsa spioradálta seo, tharlódh go mba mhaith leat scrúdú a dhéanamh ar do chuid smaointe agus do chuid mothúchán i dtaobh an téama seo. An airíonn tú áthasach faoin gcomóradh ar bhreith Chríost atá ar na bacáin? Nó arbh é an chaoi a bhfuil cruóg agus strus an tséasúir ina scáilí anuas ort faoi láthair?
Tugann muid cuireadh duit, an Aidbhint seo, eolas a chur an athuair ar áthas Chríost a leath na fir agus na mná suntasacha seo an chéad Nollaig úd.
Cúrsaí Praiticiúla
Tosóidh muid le roinnt moltaí praiticiúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcúnamh duit mura bhfuil cúrsa spioradálta mar seo déanta agat cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ina meabhruithe duit má tá. Tá ceithre sheisiún sa gcúrsa spioradálta. Is é an moladh atá againn go bhféadfá do mharana a dhéanamh ar sheisiún amháin i aghaidh gach uile sheachtaine den Aidbhint. Ní miste an cheist seo a fhreagairt i dtús báire: Cén t-achar is dóigh leat a fhéadfas tú a thabhairt do gach uile sheisiún den chúrsa spioradálta? Is fiú é seo a shocrú roimh ré agus féachaint leis an achar céanna a chaitheamh le gach uile mharana. Maireann an t-ábhar a chuirtear i láthair i ngach uile sheisiún tuairim is cúig nóiméad déag nó fiche nóiméad. Tharlódh go mba mhaith leat níos mó ná sin ama le tú féin a réiteach, nó le ath-chuairt a thabhairt ar smaointe a d’éireodh as an gcúrsa spioradálta i gcaitheamh an lae.