Suaimhneas
Agus tú ag tarraingt anála isteach, bíodh an focal ‘grá’ mar mhacalla ar an anáil isteach, agus tuiscint agat go séideann Dia grá isteach ionat.
Agus tú ag tosú ar an am marana seo, dean go réidh ar feadh cúpla nóiméad agus bíodh d’aird ar tharraingt d’anála. Tabhair faoi deara an rithim agus tú ag tarraingt anála isteach agus amach go réidh. Agus tú ag tarraingt anála isteach, bíodh an focal ‘grá’ mar mhacalla ar an anáil isteach, agus tuiscint agat go séideann Dia grá isteach ionat. Bíodh an focal ‘buíochas’ mar mhacalla ar an anáil amach. Coinnigh an anáil ar feadh cúpla nóiméad agus lig do na focail seo, ‘grá’ agus ‘buíochas’ tú a líonadh agus macalla a dhéanamh i d’intinn agus i do chroí.
Scriptiúr
Íseáia 52:7-10
Nach álainn ar na sléibhte cosa an té a bhfuil dea-scéala leis, síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige, fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón: ‘Tá do Dhia tar éis teacht i réim.’ Éist! Tá do lucht faire ag ardú a nglór, ag liúireach le háthas in éineacht, óir is léir dóibh lena súile cinn an Tiarna ag filleadh ar Shíón. Scairtigí amach le háthas, a bhallóga Iarúsailéim! mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir, tá sé ag fuascailt Iarúsailéim. Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair shúile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.
Déan marana
An gcuirifidh muid-ne ionadh ar dhaoine eile leis na focail chneasta seo againne, leis na dea-ghníomhatha seo againne, agus leis na gníomhartha gnaíúla seo againne an Nollaig seo?
- Is álainn an rud a bheith ag breathnú romhainn ar nós nuair a bhíos súil le breith sa teaghlach; ag tosú jab nua; ag réiteach chun pósta. Bíonn muid ag brionglóidigh ina thaobh agus ag caint faoi. Bhíodh na fáithe ag bríonglóidigh agus ag trácht ar theacht an Mheisiais. Ba mhór an sásamh a thug sé dóibh a bheith ag breathnú chun cinn. Agus is é a fhearacht sin againn é. Bíonn muid ag súil le bheith páirteach i spiorad na Nollag leis an teaghlach seo againne agus le bheith páirteach sa nguí a dhéanfar sa séipéal.
- Bhí a fhios ag muintir Iosrael céard leis a raibh súil acu: síocháin, compord, agus slánú. Céard fúinne inniu? Tá síocháin uainne freisin. Agus tá aithne againn ar neart daoine a dteastaíonn compord cairde, bua na sláinte, agus teolaíocht an Chreidimh uathu. Teastaíonn tarrtháil uainn ó olc an tsaoil agus geallann breith Íosa an slánú sin.
- An bhfuil a fhios againn go bhfaighidh muid na bronntanais seo? Tá agus níl. Is fíor go mbíonn Íosa seasta ag cur ionaidh orainn le grá, leigheas agus maiteanas. Mar sin féin, tig le daoine a bheith cráite faoi Nollaig. Tig linne bronntanais a thabhairt uainn chomh maith lena bhfáil. An ndéanfaidh tusa rud éigin maith ar son daoine eile an tráth seo bliana? An gcuirifidh muid-ne ionadh ar dhaoine eile leis na focail chneasta seo againne, leis na dea-ghníomhatha seo againne, agus leis na gníomhartha gnaíúla seo againne an Nollaig seo? Tig linn áthas Íosa agus áthas an tséasúir a thabhairt isteach i saol daoine go leor eile. Tig linn ríocht ghrámhar chóir Dé a chur chun cinn agus a fhios a bheith againn go bhfuil an Dia seo again i réim.
Labhair le Dia
An ligfidh tusa do réamh-insint áthas theacht Íosa do chroí a chorraí?
- Tharlódh gur ghoin rud éigin d’aire le linn am na marana. Siod tús maith. Fan leis agus déan pearsanta é. Ná dearmad, ar dtús, tú féin a chur i láthair Dé. Déan go réidh: níl call ar bith le deifir.
- Bíodh aird agat ar an dóchas nó ar an mian a chorrós thú. Tá rud éigin fíor-álainn faoi bheith ag súil leis an Nollaig. Ar nós athar agus máthar a bhfuil ríméad orthu go mbéarfar leanbh dóibh go luath agus iad dá inseacht don saol mór. Agus nach iontach a oiread gliondair agus a chothaíos a ndea-scéal? An ligfidh tusa do réamh-insint áthas theacht Íosa do chroí a chorraí?
- Tá na daoine ag fanacht leis an Tiarna ar nós ‘lucht faire ag faire leis an maidin’. Tá a fhios ag na daoine go bhfuil sé i ndán dó a theacht. Ní thig linn an mhaidin a bhrostú, ach tá a fhios againn go bhfuil sé i ndán dó a theacht. Amanna ní thig linn tada a dhéanamh ach fanacht. Tharlódh gur ag fanacht go dtarlódh rud maith éigin a bheadh muid, nó b’fhéidir gur ag fanacht a bheadh muid go dtiocfadh feabhas ar an saol. Cibé ar bith cén scéal é, tig linn an fhanacht seo againne a thabhairt chuig Dia.