Suaimhneas
Déan iarracht a thuiscint go bhfuil Dia gar duit, taobh istigh díot, ag cur faoi i do chroí
Ar feadh cúpla nóiméad suaimhis, bí ar do chompord. Bí ciúin taobh istigh agus éist go h-aireach leis na fuaimeanna éasgúla a chloiseas tú agus leis an nglór istigh ionat féin. Seans go dtig leat bualadh do chroí a aireachtáil. Agus tú do do shocrú féin in san éisteacht, déan iarracht a thuiscint go bhfuil Dia gar duit, taobh istigh díot, ag cur faoi i do chroí.
Scripture
Lúcás 1:11-16
Chonacthas dó aingeal ón Tiarna ina sheasamh ar dheis altóir na túise. Agus nuair a chonaic Zacairiá é, bhí sé buartha agus tháinig uamhan air. Ach dúirt an t-aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zacairiá, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú ‘Eoin’ mar ainm air. Beidh áthas ort agus gairdeas, agus beidh mórán ag déanamh áthais faoina shaolú. Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar, agus iompóidh sé mórán de chlann Iosrael chun an Tiarna a nDia.
Déan marana
Teastaíonn tost uainne go minic leis an bhfírinne a chloisteáil
- Cibé ar bith cé leis ba chosúil an t-aingeal seo scanraigh sé Zacairiá ar dtús. B’fhear Zacairiá ar dhíol ómóis agus ar dhíol náire é. Bhí sé gan sliocht mac ná iníonacha agus b’údar magaidh dá réir sin é féin agus a bhean. Ach b’údar bróid dó go dtoghfaí é le gabháil isteach in san ionad ró-naofa, seomra príobháideach sa Teampall, an áit a raibh an taibearnacal ina shuíomh. Ba chosúil é sin in sa lá inniu le bheith ceaptha mar phríomh-cheiliúraí ag liotúirge mór nó mar phriomh-shacrastóir! Nuair a chonaic Zacairiá an t-aingeal tháinig faitíos air. Mar sin féin, bhí sé fós in ann focail an aingil i dtaobh áthais a chloisteáil. Ar a laghad ar bith, chuala sé agus d’éist sé.
- Bhuail amhras Zacairiá ar ball go bhféadfadh leanbh a bheith aige féin agus ag Eiliosaibeit. Ní hionann agus Muire – a raibh faitíos uirthi ach nár bhuail amhras í –cuireadh pionós air as ucht a bheith amhrasach agus buaileadh balbh é. Cuireadh ina thost é, agus in sa tost sin chuala sé an fhírinne, agus choinnigh ina chroí í no go mbaistfeadh sé a leanbh. Teastaíonn tost uainne go minic leis an bhfírinne a chloisteáil. Tugtar faoi deara go bhfuil na litreacha ceannann céanna in sa dá fhocal Bhéarla ‘listen’ agus ‘silent’.
- Éisteadh le paidir Zacairiá. Bhí a fhios aige go mbeadh leanbh aige, Eoin Baiste, a d’fhógródh an Slánaitheoir agus a réiteodh an bealach ina chomhair trí ‘dhaoine a iompú chun Dé.’ B’éigean do Zacairiá a rún naofa a choinneáil i gciúnas a chroí ar feadh tamaill, thiocfadh an t-áthas a bhain lena inseacht don domhan mór ar ball. Téimis ar leataobh ón gcruóg agus ón réiteach i gcomhair na féile agus tugaimis cluas do Dhia. Is é an chaoi a méadóidh sé sin an t-áthas inár gcroí an Nollaig seo.
Labhair le Dia
Tá Dia le fáil in sa ngnáth-shaol laethúil, an áit a gcónaíonn muid, i bhfuaimeanna daoine agus an nádúir
- Glacann an Tiarna leis an ainm a thug m’athair agus mo mháthair orm agus is é a thugas sé féin orm. Thug siad ainm dom a mhairfeadh ar feadh mo shaoil agus isteach in sa tsíoraíocht. Naomhaíonn an Tiarna é: ‘Scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air…agus m’ainm nua féin’. (Apacailipsis 3:12). Tá a fhios ag Dia m’ainm. Is liom-sa é. Tá ainm gach uile dhuine beannaithe. Cén t-eolas a thugas d’ainm-se ar d’aitheantas féin? An ainm sinsir, naoimh nó duine mór le rá le do linn é?
- Ar feadh cúpla nóiméad suaimhnis anois, tig liom éisteacht le Dia ar mian leis labhairt le mo chroí. Tá Dia le fáil in sa ngnáth-shaol laethúil, an áit a gcónaíonn muid, i bhfuaimeanna daoine agus an nádúir. Airím i láthair é i mo chroí nuair a chiúnaím m’intinn agus nuair a bhím i mo thost. Ba mhinic le hÍosa féin a ghabháil go dtí áit chiúin lena ghuí a dhéanamh faoi thost. Is ann a thagadh misneach chuige an athuair le fairsinge a bheatha i bhfochair a Athar a roinnt le gach uile dhuine.
- Rinne Zacairiá agus Eiliosaibeit guí ar feadh achair fhada go mbronnfadh Dia leanbh orthu. B’fhéidir go raibh deireadh dúile bainte acu de. An bhfuil mise in ann a bheith dílis i mbun guí agus a fhios agam go bhfaighidh mé freagra i gcónaí, agus go mb’fhéidir go mbeidh moill ar an bhfreagra nó go dtiocfaidh sé ar bhealach nach mbeidh súil agam leis? Mar a dúirt an té a dúirt: ‘Ní bhfuair mé tada dár iarr mé ach gach a raibh uaim.’