• Suaimhneas

    Tabhair é uile do Dhia atá ionat anois mar atá tú, agus a bhreathnaíos ort le grá mór millteach

    Déan go réidh ar feadh cúpla nóiméad agus lig do do cholainn agus do d’intinn a bheith suaimhneach. Bíodh d’aire ar fad ar an gcaoi a bhfuil tú ag aireachtáil anois agus aird agat ar an gcaoi a n-airíonn tú i mbaill éagsúla do cholainne. Agus tú dá dhéanamh, tabhair é uile do Dhia atá ionat anois mar atá tú, agus a bhreathnaíos ort le grá mór millteach.

  • Scriptiúr

    Lúcás 1:39-46

    Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d’imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá, agus chuaigh isteach i dteach Zacairiá agus bheannaigh d’Eiliosaibeit. Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh, agus d’éigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne. Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam? Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas. Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.”

  • Déan marana

    Tógann an fhéile ár gcroí agus cothaíonn buíochas ionainn, bímis dá tabhairt nó ag glacadh léi
    • Thug Muire cuairt ar a col ceathrair Eiliosaibeit ar mhór aici comhluadar agus cúnamh duine a bhí sa gcás céanna léi féin. Bhí áthas orthu le linn an ama a chaith siad le chéile. An dtig leat-sa cuimhneamh ar am a dtáinig duine a chúnamh duit-se nó a ndeachaigh tusa a chúnamh do dhuine éigin eile? Tógann an fhéile ár gcroí agus cothaíonn buíochas ionainn, bímis dá tabhairt nó ag glacadh léi. Nuair a chaitear an t-am go fiúntach, tig le cuairt ar chara a bheith ina cleachtadh ar an áthas, go díreach ar nós am a chaitheamh go fiúntach i dteannta Dé. 
    • Níorbh í cuairt Mhuire amháin a chuir áthas ar Eiliosaibeit ach an tuiscint a bhí aici féin go raibh an Spiorad Naomh i láthair. Nuair a roinneann muid ár láithreacht le daoine eile, roinneann muid freisin buanna an Spioraid, idir bheag is mhór, agus is údar áthais dúinn é sin. Tá sé tábhachtach na buanna a bhronn Dia orainn a admháil agus glacadh leo agus iad a chothú ionas go mbeidh toradh orthu ar son ríocht Dé. “Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht. láchas agus measaracht.” (Galataigh 5:22-23).
    • Léim an leanbh i mbroinn Eiliosaibeit, deirtear linn. Is siombail chumhachtach an íomhá sin. Léiríonn sí an Sean-Tiomna agus an Tiomna Nua ag teacht le chéile. Castar Eoin, fáidh deireanach thraidisiún an tSean-Tiomna leis an Meisias, an fáidh nua, agus léimeann Eoin le teann áthais sa mbroinn. Tá an t-áthas seo, an Dea-scéal seo do na daoine uile, tar éis leathadh i gcaitheamh na n-aoiseanna go dtí an lá inniu.
  • Labhair le Dia

    An mian leat-sa intinn ar leith nó beannacht ar leith a iarraidh ar Dhia?
    • Bhí a fhios ag Eiliosaibeit agus ag Muire go raibh Dia ag cur ladair ina saol ar bhealach fíor-bhunúsach. Tá sé chomh dóigh lena mhalairt gur chaith siad am ag déanamh a marana ar mhistéir an scéil. Is cinnte gur chaith siad uaireanta fada ag cuimhneamh ar na mic seo acu arbh orthu a bheadh a n-aird uile gan mhoill. Cuir thú féin sa gcás agus déan iarracht a bhfuil dá rá ag an mbeirt bhan a shamhlú. An bhfuil tú in ann cuimhneamh ar bhealach a mbeadh Dia ag cur ladair i do shaol féin faoi láthair?
    • Beannú do Mhuire agus buíochas a ghabháil le Dia na chéad fhocail a labhairt Eiliosaibeit. D’admhaigh sí creideamh Mhuire, an chaoi ar chuala sí focal Dé agus ar chreid sí ann. An ghuí a rinne siad le chéile, thug sí misneach do gach aon duine acu creideamh a bheith acu go dtiocfadh ann do gach ar gealladh. Tig leis an nguí seo againnea bheith ina beannacht a sheolas muid chuig gach uile dhuine a gcuimhníonn muid air inniu. An mian leat-sa intinn ar leith nó beannacht ar leith a iarraidh ar Dhia?
    • Ní chloiseann muid faoi Eiliosaibeit agus faoi Mhuire a bheith ag casadh le chéile go deo arís. Chasfaí a gclann mhac ar a chéile agus déarfadh Íosa faoi Eoin nár rugadh riamh duine ní b’fhearr ná é. Bheadh cloiste ag Íosa ó Mhuire faoina cuairt ar Eiliosaibeit. Bheadh a fhios aige go raibh rud éigin ar leith ag baint le hEoin, ar nós atá rud ar leith ag baint le gach uile dhuine againn. Tabhair spás duit féin do chuid sain-bhuanna agus ábaltachtaí a admháil, agus cuimhnigh ar bhealaí a dtig leat iad a úsáid leis an Soiscéal a thabhairt chomh fada leo siúd a chasfar ort an Nollaig seo.
Abhaile