• Suaimhneas

    Bíodh a fhios agat go bhfuil Dia i láthair ionat ar bhealach an-dlúth ar an nóiméad seo, go bhfuil sé i láthair i do chroí, agus i láthair in san áit a bhfuil tú ag guí anois.

    Déan go réidh ar feadh cúpla nóiméad agus cuir bail chompordach ort féin. Dún do shúile agus samhlaigh an imní agus an chruóg uile atá ort ag gabháil ar gcúl. De réir mar a aireos tú an suaimhneas ionat féin, bíodh a fhios agat go bhfuil Dia i láthair ionat ar bhealach an-dlúth ar an nóiméad seo, go bhfuil sé i láthair i do chroí, agus i láthair in san áit a bhfuil tú ag guí anois.

  • Scriptiúr

    Lúcás 2:8-20

    Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir, ag faireacháin oíche i mbun a dtréada. Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo, agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu. Agus dúirt an t-aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile: rugadh Slánaitheoir daoibh inniu – is é Críost an Tiarna é – i gcathair Dháiví. Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.” Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá: “Glóir do Dhia in uachtar neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!” Agus nuair a d’imigh na haingil uathu sna flaithis, dúirt na haoirí le chéile: “Téimis anonn go Beithil, agus feicimis an ní seo a tharla a d’inis an Tiarna dúinn.” Agus d’imigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar. Agus ar a fheiceáil dóibh, d’inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo. Agus cách a chuala, b’ionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo. Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí. Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo.

  • Déan marana

    Bíodh an grá thar cuimse a léiríos Dia dúinne trí bhreith agus trí shaol Íosa ina údar iontais dúinn
    • D’inis na h-aingil, teachtairí neamhaí Dé, d’inis siad scéal iontach do na h-aoirí, go dtiocfadh siad ar leanbh fir ina luí i mainséar, leanbh ar Meisias agus Tiarna, Dia agus Slánaitheoir é! Ghlac na h-aoirí le mistéir seo an ghrá, scéal theacht an Té a shlánaíos. Go fiú na gcaorach, d’airigh siad-san an scéal freisin! Chorraigh an domhan uile le teann áthais an oíche úd i mBeithil. Mar sin féin, b’fhada gur thuig an domhan go mba dhea-scéal don chine daoine uile breith Íosa. Is scéal áthais don domhan an soiscéal – teachtaireacht ghrá, dár ngairm chun na síochána agus na córa, agus chun comóradh na diagachta inár saol. Is é áthas an tsoiscéil an t-áthas is doimhne. Cuimsíonn sé gach uile áthas eile ionas gur aon an t-áthas diaga agus an t-áthas daonna.
    • Is le teann creidimh a d’imigh na h-aoirí leis an méid a d’inis an Tiarna dóibh trí na h-aingil a chloisteáil níos tréine agus ní hea le bheith ag speiceáil. Bíonn teachtaireacht dúinne freisin gach uile bhliain ón Tiarna. Is éard é an Nollaig cuairt Chríost orainne go háirithe. Is í a dhlúth-láithreacht an chéad bhronntanas Nollag dúinne. Scaití, bíonn muid chomh gnóthach sin nach léir dúinn sin. B’fhéidir an Nollaig seo go dtig le gach uile dhuine againn cuairt a thabhairt ar ‘Bheithil’ dár gcuid féin – áit a bhfuil ciall ar leith ann dúinne, am lán le creideamh i dteannta carad, Paidrín Páirteach nó Coróin Mhuire ag baile, marana shuaimhneach. Is i mBeithilí den sórt seo a thig linn teachtaireacht an Tiarna dúinne i mbliana a chloisteáil.
    • Uair annamh a labhraíos Muire sa Soiscéal. Bíonn sí i mbun marana go minic. Ós rud gurb í máthair Dé í, tá neart údair aice le marana agus smaoineamh a dhéanamh. Téann sí i mbun marana in am an áthais agus in am an bhróin, agus bíonn sí i láthair Dé i gcónaí. Is í a chuid seisean gaoise a cuid sise gaoise. Gurab í ár gcuid féin gaoise freisin an Nollaig seo í. Go minic is údar marana agus ionaidh grá duine eile dúinne. Bíodh an grá thar cuimse a léiríos Dia dúinne trí bhreith agus trí shaol Íosa ina údar iontais dúinn.
  • Labhair le Dia

    Ar ár son-na rinne Dia duine de féin, leanbh nua-bheirthe ina luí i mainséar. Déan do mharana ar feadh cúpla nóiméad ar mhéid an mhistéir seo.
    • Breathnaigh i bhfad ar an spéir agus feicfidh tú aingil agus cloisfidh tú a nglór! Is í an chruthaíocht céad fhocal Dé. Meabhraíonn a dath agus a h-áilleacht áilleacht Dé dúinn. Meabhraíonn a stoirmeacha agus a spéirlingí agus haraicíní nach muid-ne atá i gceannas agus gurb é domhan Dé é. ‘Tá gach uile ní foirgthe le glóir Dé’.
    • Rinneadh feoil den Fhocal, lán le beatha agus le ciall agus ba é sin dara focal Dé - páiste le Dia ar ár nós féin. Cuireadh an focal cumhachtach seo in iúl trí thost leainbhín bhig. Ar ár son-na rinne Dia duine de féin, leanbh nua-bheirthe ina luí i mainséar. Tig linn go leor a chloisteáil sa tost, macallaí i bhfuaim an chiúnais. Déan do mharana ar feadh cúpla nóiméad ar mhéid an mhistéir seo.
    • Ní raibh stádas ar bith in sa saol ag na h-aoirí bochta. Ní mórán measa a bhí ag daoine orthu. Níl a fhios againn céard a dúirt siad le Muire, ach cibé ar bith céard é féin, ní dhearna sí dearmad riamh air. Is údar misnigh dúinn focal thall is abhus – focal grá, focal comhairle, focal guí. Cuimhnigh ar am ar labhair duine a raibh grá agat dó d’ainm – siod é focal an Tiarna!
Abhaile