Déan machnamh ar an gCúrsa Spioradálta
I gcaitheamh an chúrsa Aidbhintigh seo againne, rinneadh muid teagmháil le h-áthas uathúil tárchéimnitheach Dé, i mbreith Chríost. Is trí fhocail Íseáia agus trí shúile Zacairiá, Eiliosaibeit, Mhuire, Iósaf agus na n-aoirí is ea a chleacht muid an fhanacht, an Aidbhint a tharla roimh an ngníomh iontach grá seo. Tig linn marana a dhéanamh ar an gcúrsa spioradálta seo agus ar nós Mhúire, tig linn na h-imeachtaí a chur i dtaisce agus a bheith ag smaoineamh orthu inár gcroí agus a bhfuil foghlamtha againn a thabhairt chun cuimhne agus féachaint leis an gcaoi a dtig linne a bheith inár dteachtairí áthais a aimsiú.
Sul má chríochnaíonn tú an cúrsa spioradálta seo, tig leat a iarraidh ar Íosa cúnamh a thabhairt duit greim a choinneáil ar na grástaí atá faighte agat. Ar corraíodh do chroí agus tú ag guí? An raibh léamh scriptiúrtha nó íomhá a chuaigh i gcion go mór ort? An bhfuair tú in-fhéachaint nó tuiscint nua ar bhronntanas áthais Dé. Dá mbeifeá le guí arís le téacs an chúrsa spioradálta cén líne nó cén nath a dtriallfá air? Sa dara seachtain de na Cleachtaí Spioradálta, deir Iognáid Loyola go gciallaíonn marana a dhéanamh ar mhistéir na Nollag ‘an bealach as Nazarat go Beithil a shamhlú’. Molann Iognáid go samhlóidh muid suíomh na Breithe, go smaoineoidh muid air agus go dtabharfaidh muid faoi deara a bhfuil na pearsana a rá agus go ndéanfaidh muid ár marana air. Tar a éis seo, molann sé go ndéanfar marana ar an mistéir seo agus tairbhe éigin a bhaint aisti. Caith tamall gearr anois ag déanamh do mharana ar shuíomh Bheithil. Rugadh Íosa i stábla suarach do theaghlach bocht i measc chos-mhuintir na linne. Aoirí simplí ba thúisce a bhí ina bhfinnéithe ar an imeacht seo. Tum thú féin i gciúnas an tsuímh. Fiafraigh díot féin céard a chiallaíos sé duit-se.
Is mian le hÍosa, Dia a rinne duine de féin a rugadh i dtimpeallacht shimplí den sórt seo, is mian leis a bheith páirteach i ngáth-imeachtaí laethúla ár mbeatha. Siod í fíor-theachtaireacht na Nollag: go dtagann Imeánúéil – Dia linn – chugainn i ndoimhne ár gcroí agus iarrann orainn bualadh leis ansiúd. Is muid-ne a chlann mhac ionúin agus a chlann iníonacha ionúin agus tig linn bualadh leis gach uile áit – inár dtithe agus inár láithreacha oibre, in sa gciúnas agus in sa gcaint, ar an uaigneas nó lenár gcairde, in áilleacht na tuaithe agus i dtranglam na cathrach. Cén áit is mó a n-airíonn tú láithreacht Íosa? Lig cead dó stánadh ort anois agus labhair leis ó do chroí amach faoin gcaoi a ndeachaigh cleachtadh an chúrsa spioradálta seo i gcion ort. Roinn leis an t-údar áthais agus an t-údar bróin atá agat, do chuid mianta agus an t-údar faitís atá agat.
Ag breathnú romhat anois, smaoinigh ar an gcaoi a dtig leis an gcúrsa spioradálta seo a bheith ina chúnamh duit. Céard a fhanas leat? An bhfuil rud éigin a mb’fhiú duit greim a choinneáil air? Ar chleacht tú beannacht ar leith nó tuiscint ar an áthas le linn an ama seo? Cén áit ar bhuail dúshláin nó deacrachtaí thú? Ar bhraith tú drogallach? Cén rud is mó a bhfuil tú ag súil leis? Agus an Nollaig agus an Bhliain Nua ag teannadh linn, iarr ar Íosa an grásta a bheith beo beathaitheach ina láthair. An cúnamh, an misneach agus an t-áthas atá uait don am atá le teacht, iar ar Íosa iad. Tuigeann tú go bhfuil tú féin agus Íosa le chéile ar thuras. Tarraing níos gaire d’Íosa anois agus ofráil na nóiméid dheireanacha ghuí seo dó.