Fáilte agus Gnóthaí Praiticiúla
Fáilte go dtí cúrsa spioradálta na bliana seo. Is deis cúrsa spioradálta a ghabháil ar leataobh ó ghnóthaí práinneacha an tsaoil, marana a dhéanamh ar staid reatha do chaidreamh le Dia, leis na daoine i do thimpeall, agus leis an saol mór. Is am tráthúil séasúr an Charghais lena leithéid de chúrsa spioradálta a dhéanamh agus muid ag réiteach i gcomhair chomóradh Mhistéir na Cásca, pháis, bhás agus aiséirí Íosa Críost ag an gCáisc.
Déanfaidh muid ár marana ar an gciall atá le turas a thabhairt isteach sa bhfásach mar chúnamh agus mar threoir dár nguí i mbliana. Ó thús go deireadh an Bhíobla, is áit réitigh an fásach; áit a bhfaightear an ceann is fearr ar an gcathú; áit a dtreoraíonn Dia daoine go leor go dtí é, Íosa san áireamh sul má thosaigh sé a mhisean poiblí. Tabharfaidh an cúrsa spioradálta deis dúinn marana a dhéanamh ar thamallacha sa bhfásach a luaitear sa Sean-Tiomna agus sa Tiomna Nua, agus freisin ar na fásaigh inár saol féin.
Is é an tsúil atá againn, le linn duit a bheith ag guí leis an ábhar a chuirtear ar fáil anseo, go gcasa tú leis an Tiarna ar bhealach nua domhain agus go raibh anáil mhór chun athraithe ag an gcasadh sin ar do shaol féin.
Tosaímis le roinnt moltaí praiticiúla a chuideos leat mura bhfuil cúrsa spioradálta mar seo déanta agat cheana féin nó a ghníomhós i gcruth meabhruithe duit má tá.Ar dtús bíodh a fhios agat cé méid ama a fhéadfas tú a thabhairt do gach uile sheisiún den chúrsa spioradálta. Is fiú é seo a chinntiú roimh ré agus féáchaint leis an achar céanna a chaitheamh ar gach uile mharana. Ná tabhair suas ró-luath má bhíonnn deacracht agat leis an nguí agus ná lean ar aghaidh ró-fhada má bhíonn ag éirí go maith leat. Maireann a gcuirtear i láthair i ngach uile sheisiún tuairim is cúig nóiméad déag. Tharlódh go mba mhaith leat níos mó ná seo ama a chaitheamh do do réiteach féin, nó ag triall ar smaointe a thiocfas chugat de bharr an chúrsa i gcaitheamh an lae. Má tá tuilleadh acmhainní uait le tú féin a réiteach i gcomhair am na guí, tá cleachtaí análaithe agus socrachta ar an suíomh gréasáin agus aip Guígh mar a théir / Pray as you go.
B’fhiú duit a dhéanamh amach cén t-am den lá is fearr a fheileas duit le haghaidh guí. Ní mar a chéile gach uile dhuine. Is fearr le daoine áirithe guí i dtús an lae, is fearr le tuillleadh guí sa tráthnóna nó san oíche, agus tá daoine eile ar fearr leo guí i lár an lae. Tá sé tábhachtach freisin go smaoineodh tú ar an áit a ndéanfaidh tú an cúrsa spioradálta seo. Is é aidhm an chúrsa spioradálta seo go mbeidh tú in ann guí áit ar bith is maith leat – ar do bhealach chuig do chuid oibre nó ar an mbealach abhaile, le linn siúlóide, nó i gcomhluadar daoine eile. Bíodh a fhios agat cé acu de na roghanna sin is fearr a fheilfeas duit féin.
Ar deireadh, fiafraigh díot féin cad chuige a bhfuil an cúrsa spioradálta seo dá dhéanamh agat. Céard iad na bronntanais agus na grásta is mian leat a fháil ó Dhia le linn na n-amanna guí seo? Bí cinnte go dtosaíonn tú an ghuí á n-iarraidh seo agus cibé ar bith eile is mian le Dia a thabhairt duit.
Sul má thosaíonn tú, bí san airdeall ar fháilte Dé romhat casadh leis ar an gcaoi seo agus orthu siúd ar fud an domhain atá i mbun an chúrsa spioradálta seo i bpáirt leat.
Intreoir
Tugann an Carghas chun chuimhne an ceathracha lá a chaith Íosa sa bhfásach go díreach sul má thosaigh sé ar a chuid seanmóireachta poiblí, mar a insíos na Soiscéil dúinn. Chaith sé a chuid ama ann ag guí agus ag déanamh troscaidh. B’áit le haghaidh an lámh in uachtar a fháil ar an gcathú dó siúd freisin.
B’áit an fásach a dtriallfadh sé air ar ball nuair a bheadh call aige le scíth agus ciúnas. Tá seanchas fada sa Scrioptúr i dtaobh an fhásaigh mar áit le casadh le Dia, i leataobh ó chúraimí an ghnáth-shaoil. Le linn an chúrsa spioradálta seo, tugtar cuireadh duit-se áit agus am a aimsiú a mbeidh tú saor ó chúraimí an tsaoil le casadh le Dia agus le scíth a ligean ina láthair. Breathnóidh muid ar na bealaí éagsúla a ndeachaigh fir agus mná faoi dhéin an fhásaigh sa Sean-Tiomna agus sa Tiomna Nua agus ar gach a bhfuair siad ann. Feicfidh muid an chaoi ar fhreagair siad do Dhia a casadh orthu sna háiteanna ciúine sin; agus freagróidh muid féin do Dhia a choinníos air ag tabhaiart cuirí dá chairde a ghabháil ar leataobh le sásamh a bhaint as a chomhluadar.