Socracht
Tosaigh an t-am guí seo, dá réir sin, leis na nithe uile a chloiseas tú san am seo
- Ní furasta áit chiúnais, áit socrachta a aimsiú sa saol cruógach seo againne, gan trácht ar an domhan cruógach. Aisteach go leor, bealach maith le tusú ná a bheith níos airdeallaí ar an torann i do thimpeall. Tosaigh an t-am guí seo, dá réir sin, leis na nithe uile a chloiseas tú san am seo a ainmniú – fuaim na tráchta, glórtha daoine, an ghaoth sna crainn, seabhrán na soilse leictreacha. Cé méid fuaim a fhéadas tú a ainmniú agus tú ag éisteacht le gach uile cheann i ndiaidh a chéile
- Tar éis duit gach a bhféadfaidh tú d’fhuaimeanna a ainmniú, déan neamh-aird díobh de réir a chéile. Ná cuir an iomarca stró ort féin le cosc a chur orthu! Lig leo ach dírigh d’aird ar an scrioptúr a bhfuil tú ar hob a cholisteáil ó Íseáia fáidh.
Scrioptúr
Íseáia 40:3–5
Tá glór ag fógairt: “Réitígí cosán sa bhfásach le haghaidh an Tiarna. Déanaigí díreach thar an machaire bealach mór dár nDia. Líontar isteach gach gleann, agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc; déantar achréidh de na hailteanna agus míntír den gharbhchríoch. Ansin foilseofar glóir an Tiarna agus feicfidh an uile fheoil í in éineacht. Óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.”
Marana
Samhlaigh ar feadh nóiméid, do chairde, do theaghlach, do chomharsana i do theannta ar an saor-bhealach seo chun Dé
- Tosaíonn an sliocht seo go borb agus ar bhealach beagáinín corr: ‘Tá glór ag fógairt’. Cé leis an glór? Ní insítear dúinn. Ar ball, dhéanfadh Eoin Baiste a chuid féin de na focail seo. Faoi láthair, agus Íseáia fáidh dá gcur i láthair níl a fhios againn cé atá ag caint. Céard é do bharúil den ghlór seo agus dá theachtaireacht? An bhfuil an glór tarraingteach, bagrach nó spéisiúil? Nó an bhfuil barúil eile agat dó?
- Labhraíonn an glór i dtaobh tógáil bóthair mhóir ar fud na tíre nach bhfágfaidh rud ar bith sa mbealach roimhe. An bhfuil tusa in ann a leithéid de phictiúr a shamhlú? Mótar-bhealach nó saor-bhealach i do thír féin. Samhlaigh an radharc ar feadh nóiméid.
- Ní gnáth-bhóthar ar bith é seo, ar ndóigh. ‘Bealach mór ár dTiarna’ a thugtar air. Is é barúil an fháidh gurb é Dia an té a shiúlfas ar an mbóthar seo, agus é ag teacht le casadh lena phobal. Ní cheadófar do rud ar bith a theacht sa mbealach ar an gcruinniú seo. Cé mar a thaitníos sé leat a thuiscint go dtiocfaidh Dia faoi do dhéin ar an mbealach seo?
- Ní cruinniú príobháideach aonair is dóigh le hÍseáia a bheas ann ach rud a mbeidh baint ag na daoine uile leis. Samhlaigh ar feadh nóiméid, do chairde, do theaghlach, do chomharsana i do theannta ar an saor-bhealach seo chun Dé. An athraíonn sé sin an chaoi a mbraitheann tú faoi bheith i láthair?
Labhair le Dia
Céard é an chéad rud ba mhaith leat a rá i do ghlór féin leis an nglór a chloiseas an fáidh?
- Is éard a chuireas tús leis an sliocht fógra dá thabhairt ag glór. Is cuireadh chun comhrá glór. Céard é an chéad rud ba mhaith leat a rá i do ghlór féin leis an nglór a chloiseas an fáidh?
- Is éard a gheallas an glór go dtiocfaidh Dia le casadh lena phobal, le casadh leat-sa, agus nach gceadófar do rud ar bith seasamh sa mbealach air. Inis do Dhia an chaoi a n-airíonn tú faoi chruinniú den sórt seo.
- B’fhéidir go léiríonn an sliocht seo duit na bacanna atá sa mbealach idir tusa agus Dia. Más ea, labhair le Dia arb é a ghealladh duit go scuabfaidh sé na bacanna sin chun siúil.
- Agus an t-am guí seo ag teannadh chun deiridh, smaoinigh ar na focail dheireanacha ba mhian leat féin, le do chairde, le do theaghlach, agus le do chomharsana a rá le Dia ar an mbóthar mór seo.