• Socracht

    Tharlódh go samhlófá féin tús an ama guí seo ar nós a bheifeá ag gabháil go croí an fhásaigh inmheánaigh
    • Is minic a shamhlaítear an fásach mar áit chiúin, i bhfad ó thranglam na cathrach nó ó bhéiceach an aigéin. Tharlódh go samhlófá féin tús an ama guí seo ar nós a bheifeá ag gabháil go croí an fhásaigh inmheánaigh. Ar nós a bheifeá ag cuartú áit chiúin taobh istigh díot féin ar féidir leat bualadh le Dia. Tabhair tamall duit féin agus lig do d’aird díriú isteach ionat féin, agus lig don saol mór a ghabháil i mbun a chuid gnóthaí féin.
    • Tabhair aird sa spás inmheánach sin ar rithim d’análaithe. Seachain a bhféachfá lena hathrú! Tarraing anáil isteach agus amach go socair ar feadh cúpla nóiméad.
  • Scrioptúr

    Lúcás 4:1-13

    Tháinig Íosa, agus é lán den Spioraid Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid san fhásach é go ceann daichead lá, á phromhadh ag an diabhal. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta sin, agus nuair a bhí siad caite bhí ocras air. Dúirt an diabhal leis: “Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.” Agus d’fhreagair Íosa é: “Tá scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.’”
    Agus tar éis do é a sheoladh suas ar ard, thaispeáin sé dó ríochtaí uile na cruinne i nóiméad aimsire; agus dúirt an diabhal leis: “Tabharfaidh mé duit an forlámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim dó cibé is áil liom é. Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.” Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’”

    Ansin sheol sé go Iarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith tú féin as seo síos; óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú’; agus: ‘Iompróidh siad ina lámha tú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.’” Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’”

    Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, d’fhág sé é nó go dtiocfadh an uain.

  • Déan marana

    An cuimhin leat féin am ar theastaigh uait féin a bheith ar an uaigneas, ionas go bhfaighfeá tuiscint níos fearr ar gach a raibh ag tarlú i do thimpeall?
    • Tá Íosa go díreach tar éis a bhaiste ag tús a scéil seo. Tá Spiorad Dé tar éis tuirling air, agus tá Dia tar éis Íosa a aithint go poiblí mar a Mhac. Cén chaoi ar airigh Íosa agus é ag imeacht ó bhruach na hIordáine?
    • Insítear dúinn go dtreoraíonn an Spiorad Íosa isteach sa bhfásach. B’fhéidir go dteastaíonn am ó Íosa anois le smaoineamh ar a bhfuil i gceist le gach a bhfuil tarlaithe. An cuimhin leat féin am ar theastaigh uait féin a bheith ar an uaigneas, ionas go bhfaighfeá tuiscint níos fearr ar gach a raibh ag tarlú i do thimpeall?
    • Is mian le hÍosa a bheatha a thiomnú do dhaoine eile agus cúnamh a thabhairt dóibh aithne a chur ar Dhia a dtugann seisean ‘Athair’ air. Tuigeann Seisean go bhfuil droch-bhealaí lena dhéanamh seo chomh maith le bealaí maithe. Is féidir cathú a chur air aicearra a thógáil, nó bealaí níos réidhe a roghnú. An léir duit-se an chontráil a bhaineas leis na bealaí mealltacha seo?
    • Cuireann Íosa suas den smaoineamh gur cheart freastal ar riachtanais ábharaíocha daoine amháin. Ní ligfidh sé i ndearmad gurb é seo fiontar Dé agus ní bheidh sé ag brath ar thaispeántais shuntasacha de chumhacht Dé. Cén cur síos a dhéanfadh tusa ar an gcaoi a gcinneann Íosa ar a mhisiún a chur i gcrích?
  • Labhair le Dia

    Déan iarracht a mhíniú d’Íosa an chaoi a bhfuil do bheatha féin ag iompú amach ag an am áirithe seo. Nocht do chuid mothúchán faoi sin
    • Samhlaigh ar feadh nóiméid go bhfuil tú i do shuí le taobh Íosa an cheád oíche úd sa bhfásach. B’fhéidir go bhfuil sé i bhfad san oíche agus gleadhrach de thine ann. Céard ba mhaith leat a rá leis agus é ag déanamh a mharana ar an gcaoi is fearr le focal Dé a chraobhscaoileadh?
    • Déan iarracht san áit cheannann chéanna, a mhíniú d’Íosa an chaoi a bhfuil do bheatha féin ag iompú amach ag an am áirithe seo. Nocht do chuid mothúchán faoi sin. 
    • Le linn na gcathuithe, aithníonn Íosa cuid de na droch-bhealaí a d’fhéadfadh sé a leanacht. An léir duit-se gur ghabh tú bealach contráilte ó am go ham? An dtig leat iad sin a thabhairt chuig Íosa anois?
    • Ag deireadh an scéil, tá an chosúlacaht ar Íosa go bhfuil sé níos soiléire faoin gcaoi a dtabharfadh sé faoi fhógairt Ríocht Dé.  Agus é ag téisclim lena imeacht as an bhfásach agus triall ar bhailte agus ar shráid-bhailte na Gailíle, an airíonn tú fonn ort a ghabháil in éineacht leis nó rath a ghuí air. B’fhéidir gur mian leat freagairt dá bhfuil feicthe agam san am guí seo ar bhealach éigin eile.
Abhaile