• Socracht

    Lig do d’aireachtáil stopadh go réidh ag áit chiúin éigin i do lár féin.
    • Tá bealaí éagsúla, teicnící éagsúla, le tú féin a dhéanamh níos socra agus níos dírithe agus tú ag tosú ar thamall guí. Inniu, déan iarracht na mothúcháin atá tú a aireachtáil i gcodanna éagsúla de do chorp a thabhairt faoi deara. Teas nó fuacht, meáchan do chuid éadaí nó an t-aer timpeall ort a aireachtáil. Gabh anuas ó bharr do chinn go dtí do chosa, agus tabhair faoi deara gach a n-airíonn tú san am i láthair.
    • Tar éis duit é seo a dhéanamh babhta nó dhó, lig do d’aireachtáil stopadh go réidh ag áit chiúin éigin i do lár féin. Fan in sa tsocracht chiúin sin ar feadh nóiméad nó dhó sul má éisteann muid leis an léamh ó Hóisé Fáidh.
  • Scriptiúr

    Hóisé 2:14-20

    Ar an ábhar sin déanfaidh mé féin í a mhealladh, agus a threorú isteach sa  bhfásach, chun labhairt léi go muirneach. Bronnfaidh mé uirthi thíos ansin na fíonghoirt a bhíodh aici, agus déanfaidh mé doras dóchais di de Ghleann Áchór. Éistfidh sí liom ansin mar a rinne le linn a hóige, nuair a tháinig sí aníos ó chríocha na hÉigipte. An lá sin – an Tiarna a labhraíonn – is é “a fhir liom” a thabharfaidh tú orm; choíche arís ní ghairfidh tú díom “a Bhál”. Glanfaidh mé ainmneacha na mBálaím dá béal, agus ní luafar a n-ainmneacha arís go deo. An lá sin déanfaidh mé conradh thar do cheann, le beithígh an mhachaire agus le héanlaith an aeir, agus le péisteanna na talún. Brisfidh mé bogha agus claíomh agus gléas cogaidh, agus scuabfaidh mé iad as an tír, chun go gcodlóidh tú go suaimhneach sámh. Snaidhmfidh mé liom féin thú i gcleamhnas go brách; Snaidhmfidh mé liom féin thú le ceart agus le cóir, le buanghrá agus le cineáltacht. Snaidhmfidh mé liom féin thú le dílse, agus beidh aithne agat ar an Tiarna.   

  • Marana

    An cuimhin leat féin am a raibh do chaidreamh féin le Dia láidir ar an gcaoi seo?
    • Tosaíonn an sliocht Bíobalta seo, sa leagan seo againne agus Dia ‘ag mealladh’ duine le teacht isteach in sa bhfásach. ‘Ag áitiú’ a deirtear i leaganacha eile. Is léir nach bhfuil Dia ag úsáid a chumhachta le h-iallach a chur ar dhaoine, ach gur mian leis iad a mhealladh le bheith in éineacht leis. Cé mar a réitíos sé sin leis an gcaoi an-oibríonn Dial leat-sa?
    • Bíodh is gur ag trácht ar an gcaidreamh idir Dia agus Iosrael, pobal Dé, atá an sliocht, baineann na h-íomhánna a chleachtar le h-ath-mhuintearas idir fear agus bean. Céard a insíos sé sin duit faoin gcaoi a gcaitheann Dia leo siúd a bhfuil sé mór leo...leat-sa?
    • Breathnaítear siar, sa sliocht, ar an am a raibh an caidreamh seo ní ba láidre, agus nochtar an dóchas go bhféadfar a ath-nuachan. An cuimhin leat féin am a raibh do chaidreamh féin le Dia láidir ar an gcaoi seo? Nuair a bhraith tú slán ann? B’fhéidir gurb in an áit a bhfuil tú anois, nó b’fhéidir eile, go bhfuiln dóchas agat go dtig do chaidreamh a ath-nuachan
    • Anseo, tá ceithre ghné ag baint leis an gcaidreamh seo: an fhíréantacht, an ceart, an grá buan, agus an trócaire. Cé acu seo is tábhachtaí duit-se, inniu?
  • Labhair le Dia

    Agus an tamall guí seo ag teannadh chun deiridh, inis do Dhia céard é is mó is mian leat a thuiscint faoi féin sna laethanta atá amach romhat
    • Léirítear Dia agus é ag tabhairt cuiridh duit-se isteach in sa bhfásach, áit chiúin, le do mharana a dhéanamh ar do chaidreamh leis-sean. Cé mar a thaitníos an cuireadh leat ar áit na mbonn? An mian leat imeacht? An bhfreagróidh tú don ghairm atá Dia a thabhairt duit?
    • Is cinnte go bhfuil caitheamh ina dhiaidh áirithe sa sliocht seo, breathnú siar ar am nuair ab fhearr a bhí an caidreamh seo. An bhfreagraíonn sé se ar chor ar bith don chaoi a n-airíonn tú féin? Déan iarracht labhairt go hoscailte le Dia ar feadh scaithimh ina thaobh sin.
    • Mar sin féin, is tábhachtaí an dóchas ná an caitheamh ina dhiaidh. Tá dóchas ag Dia agus is é a mhian ath-mhuintearas a chur ina shuí. Is láidre a bheas an caidreamh idir Dia agus a phobal, agus is láidre a bheas an caidreamh idir tusa agus Dia, ná a bhí sé riamh. Inis do Dhia faoin gcaoi a dtéann an dearbhú sin i gcion ort.
    • Críochnaítear an sliocht le gealladh go ‘mbeidh aithne agat ar an Tiarna.’ Agus an tamall guí seo ag teannadh chun deiridh, inis do Dhia céard é is mó is mian leat a thuiscint faoi féin sna laethanta atá amach romhat.
Abhaile