• Socracht

    Nuair a bheas bail chompordach ort, fan socair agus bain sásamh aisti ar feadh scaithimh
    • Amanna, más mian leat intinn shocair a bheith agat, is fiú do cholainn a dhéanamh socair! Agus an t-am guí seo ag tosú, cuir thú féin i gcruth a fhéadfas tú a choinneáil, sách compordach, ar feadh cúpla nóiméad. Tig leat a bheith i do sheasamh, i do shuí, ar do ghlúine, nó i do luí. Tabhair réidhe an achair duit féin go n-aimsí tú an bhail is fearr a shásaíos thú.
    • Nuair a bheas bail chompordach ort, fan socair agus bain sásamh aisti ar feadh scaithimh sul má fhéachann tú le rud ar bith eile a dhéanamh.
    • Inniu, airíonn muid sliocht as Leabhar na nUimhreacha…
  • Scriptiúr

    Uimhreacha 21:4–9

    D’fhágadar Sliabh Hor ar feadh bhealach mhuir Shúf, ag gabháil timpeall chríocha Eadóm. Bhris ar an bhfoighne ag an bpobal ar an tslí. Labhraíodar in aghaidh Dé agus in aghaidh Mhaois: “Cad ab áil libh dár dtabhairt amach as an Éigipt chun bás a fháil san fhásach? Óir tá an áit seo gan arán, gan uisce, agus is gráin linn an bia gan mhaith seo.” Ansin sheol Dia nathracha tintí i measc an phobail, agus chuireadar a gcealg in sa phobal, agus fuair a lán in Iosrael bás. Tháinig an pobal go Maois agus dúradar: “Pheacaíomar lenár gcaint in aghaidh an Tiarna agus i d’aghaidh-se. Guigh chun an Tiarna á iarraidh air na nathracha a thógáil dínn.” Ghuigh Maois ar son an phobail. Dúirt an Tiarna le Maois: “Déan nathair thintí agus cuir ar chuaille í, agus gach duine ina gcuirfear cealg, nuair a fhéachfaidh sé uirthi, mairfidh sé.” Dhealbhaigh Maois nathair chré-umha dá bhrí sin agus chuir ar chuaille í, agus nuair a chuireadh nathair cealg i nduine, d’fhéachadh sé ar an nathair chré-umha agus mhaireadh.

  • Marana

    Cén chaoi a n-aireofá féin dá mbeifeá sa gcruth sin, meas tú?
    • Ní áit thaitneamhach an fásach de réir an chuntais i sliocht an lae inniu. Níl bia ná deoch ann agus tá daoine ag fáil bháis agus iad ar thuras síoraí chuig an tír a gheall Dia dóibh. Cén chaoi a n-aireofá féin dá mbeifeá sa gcruth sin, meas tú?
    • Is amhlaidh a fhéachas na daoine le ceap milleáin a fháil . Díríonn siad a gcuid feirge ar Mhaois, an té a threoraigh anseo iad, amach as an Éigipt. Cheana ba ghaiscíoch acu é. Anois is é údar gach oilc é. An meon é sin is léir duit-se, sa bpobal seo agat féin, nó i do shaol féin go fiú? Gearrann Dia pionós ar na daoine trí úsáid a bhaint as nathracha nimhe mar fhreagra ar a gcuid réabhlóide. Ní furasta an beart seo a shamhlú le Dia grámhar, foighneach trócaireach a dtugann Íosa ‘Athair’ air. Céard é do bharúil de? Cén chaoi a bhfeáchann tú le ciall a bhaint as?
    • Go fiú anseo, níl pionós Dé gan teorainn. Soláthraíonn Dia féin réiteach do na daoine. Cén chaoi a dtéann deireadh an tsleachta i gcion ort-sa?
  • Labhair le Dia

    Tharlódh sé gur am maith é seo le maiteanas a iarraidh ar Dhia, más dóigh leat go bhfuil tú ina chall
    • An raibh am i do shaol-sa nuair a d’airigh tú nár mhian leat baint ar bith a bheith agat ní b’fhaide le Dia? An bhfacthas duit nach raibh tairbhe ar bith sa gCreideamh duit agus go mba mhó an trioblóid ná an tairbhe an reiligiún? An bhfuil tú sa gcás sinn inniu? An bhfuil tú in ann cur síos a dhéanamh do Dhia air sin ar fead cúpla nóiméad?
    • An dtuigeann tú cé leis a bhfuil sé cosúil milleán a chur ar dhaoine eile i dtaobh do chuid trioblóidí féin? B’fhéidir go bhfuil an ceart agat nó b’fhéidir gur ceap milleáin atá tú a dhéanamh díobh. Bídís siúd ceart nó contráilte, an bhfuil tú in ann paidir ghairid a rá ar a son agus ar son a gcuid riachtanas anois?
    • Faoi dheireadh an tsleachta seo, tá maiteanas iarrtha ag an bpobal ar Dhia, agus tá Dia tar éis a bpeaca a mhaitheamh dóibh. Tharlódh sé gur am maith é seo le maiteanas a iarraidh ar Dhia, más dóigh leat go bhfuil tú ina chall. Ba mhaith an t-am é freisin le buíochhas a ghabháil le Dia faoi na hamanna a dtug sé maiteanas duit san am atá caite.
    • Thaistil muintir Iosrael tríd an bhfásach seo ar feadh blianta fada tar éis  na h-eachtra seo. Agus an t-am guí seo ag teacht chun deiridh, iarr cibé ar bith rud is mó a bhufil tú ina chall ar Dhia agus tú ag leanacht ar aghaidh ar d’aistear féin.
Abhaile