• Socracht

    Tabhair aird ort féin agus tú ag análú isteach agus amach ar feadh cúpla nóiméad
    • Tá daoine go leor ann a gcuidíonn sé leo agus iad ag iarraidh díriú ar rud áirithe má thugann siad aird ar a gcuid análaithe. Seachain a ndéanfá iarracht patrún agus rithim an alálaithe a athrú agus tú dá dhéanamh seo. Tabhair aird ort féin agus tú ag análú isteach agus amach ar feadh cúpla nóiméad.
    • Is é an focal céanna a chuireas ‘anáil’  agus ‘Spiorad’ in iúl san Eabhrais. Samhlaigh thú féin ag tarraingt Spiorad Dé isteach go domhain ionat féin agus tú ag tarraingt anála agus ag díbirt gach a bhféadfadh a theacht sa mbealach idir tú agus Dia agus tú ag análú amach.
    • Cloiseann muid sliocht as Leabhar Eacsadas inniu
  • Scrioptúr

    Eacsadas 16: 1–4, 13–15

    Chuireadar chun siúil arís ó Éilím, agus shroich comh-thionól uile chlann Iosrael fásach Shín, idir Éilím agus Síonáí, ar an gcúigiú lá déag den dara mí tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil. Chrom comh-thionól uile chlann Iosrael ar mhonabhar in aghaidh Mhaois agus Árón sa bhfásach, agus deiridís leo: “Uch gan sinn a fháil bháis ó láimh an Tiarna i gcríocha na hÉigipte agus sinn inár suí ag potaí na feola agus ag ithe aráin go lán boilg. Óir thug tú amach sa bhfásach seo sinn chun an comh-thionól go léir a chur chun báis den ghorta.” Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Anois fearfaidh mé arán anuas ó neamh daoibh. Rachaidh an pobal amach gach lá chun cuid an lae sin a chnuasach, d’fhonn iad a phromhadh féachaint an siúlfaidh siad i mbealaí mo dhlí nó nach ndéanfaidh siad.

    Agus is amhlaidh a bhí; an tráthnóna sin tháinig gearga aníos agus líonadar an campa go léir; agus ar maidin bhí brat drúchta timpeall an champa. Nuair a scaip an drúcht bhí an rud mín plurach, mion mar an sioc liath, ina luí ar dhromchla an fhásaigh. Nuair a chonaic clann Iosrael é dúradar lena chéile: “Cad é seo (man hú)?” mar nárbh fhios dóibh cad é. “Sin é,” arsa Maois, “an t-arán a thug an Tiarna le hithe daoibh.”

  • Marana

    Soláthraíonn Dia a dteastaíonn ó dhaoine don lá inniu
    • Má lean tú an cúrsa spioradálta seo go dtí seo, seans go n-aithníonn tú an blas atá ar thús an tsleachta seo. Ar nós an tsleachta a scrúdaigh muid inné, tá na daoine fós ag falróid in sa bhfásach. Tá siad mí-shásta i gcónaí agus ag gearán faoi Mhaois. An airíonn tú féin riamh gurb é an sean-rud ceannann céanna atá ann in sa gcaidreamh atá agat féin le Dia?
    • An babhta seo, ámh, tugann Dia aird ar ghearáin na ndaoine agus geallann dóibh gach a dteastaíonn uathu. Ní bheidh ocras orthu, ní bhfaighidh siad bás leis an tart, go fiú i lár timpeallachta crua. Cuimhnigh ar am dúshlánach ar fhreastail Dia ar do chuid riachtanas féin uile.
    • Ar dtús, is deacair do na daoine a aithint gurb é an stuf aisteach seo atá ag cumhdach an champa an bia a gheall Dia dóibh. Tig liom féin, guí ar son ruda éigin agus fós féin a bheith dall ar an gcaoi a dtograíonn Dia mo ghuí a fhreagairt. An léir duit féin amanna ar tharla sé seo i do shaol féin?
    • Soláthraíonn Dia a dteastaíonn ó dhaoine don lá inniu. Ní thig leo é a bhailiú ach caithfidh siad a muinín a chur i nDia go soláthraí sé riar a gcáis amárach. Cén chaoi a n-airíonn sé call a bheith agat brath ar Dia ar an gcaoi seo agus a bheith ag brath air go leana sé air ag soláthar gach a dteastaíonn uait?
  • Labhair le Dia

    Agus an t-am guí seo ag teannadh chun deiridh, inis do Dhia i dtaobh na muiníne a chuireas tú nó nach gcuireann tú ann
    • Ceann de cheachtanna na sleachta ar bhreathnaigh muid orthu inné agus inniu is ea nach mbainfidh Dia deireadh dúile dínn in ainneoin ár gcuid gearán. An bhfuil rud ar bith i do shaol féin nó sa saol mór ar mian leat gearán ina thaobh a dhéanamh le Dia inniu? Má tá, déan anois é ar feadh nóiméid!
    • Ar ndóigh, teastaíonn beirt le comhrá ceart a dhéanamh. Cén chaoi a bhfreagraíonn Dia do chuid-se gearán?
    • Cuimhnigh ar feadh nóiméid ar an mbia  atá ite agat nó a bheas dá ithe agat inniu. Ar deireadh thiar, is bronntanas ann féin ó Dhia an bia sin agus Dia ag tabhairt riar do cháis duit inniu, ar nós a d’fhreastail sé ar riachtanais phobal Iosrael. Nuair a aithníos tú gur bronntanas an bia seo, cén chaoi ar mian leat freagairt do Dhia?
    • An furasta duit-se brath ar Dhia ar an gcaoi seo go dtabharfaidh sé riar do cháis duit arís amárach? Agus an t-am guí seo ag teannadh chun deiridh, inis do Dhia i dtaobh na muiníne a chuireas tú nó nach gcuireann tú ann.
Abhaile