• Socracht

    Nuair atá an chuimhne chomh glé agus a thig léi a bheith, fan léi ar feadh scaithimh, agus tabhair aird ar an gcaoi a n-airíonn tú
    • Is bealach eile an chuimhne chun na socrachta a shantaíos muid agus am guí ag tosú. Déan iarracht cuimhneamh ar áit agus ar am ar airigh tú socair, ciúin agus slán sábháilte. Agus tú ag cuimhneamh air sin, féach leis an oiread sonraí a thabhairt chun cuimhne agus a thig leat. Cá raibh an áit? Cad chuige a raibh tú ann? Céard a bhí tú a dhéanamh? An raibh aon duine eile in éineacht leat? Lig don chuimhne i dtaobh na háite agus an ama méadú.
    • Nuair atá an chuimhne chomh glé agus a thig léi a bheith, fan léi ar feadh scaithimh, agus tabhair aird ar an gcaoi a n-airíonn tú. An chaoi ar airigh tú nuair a bhí tú in san áit sin agus an caoi a n-airíonn tú anois agus tú ag cuimhneamh air.
    • Anois, réitigh thú féin i gcomhair léamh an lae inniu as Leabhar Gheineasas.
  • Scriptiúr

    Geineasas 21:8–20

    D’fhás an leanbh agus baineadh den chíoch é, agus rinne Abrahám fleá mhór an lá a baineadh Íosác ó dheol. Bhí Sárá ag faire ar mhac Hágár, an tÉigipteach mná, an mac a rug sí d’Abrahám, ag súgradh lena mac Íosác. Dúirt sí le hAbrahám: “Tiomáin chun siúil an daoirseach seo agus a mac, óir ní bheidh mac na daoirsí i bpáirt chun na hoidhreachta le mo mhacsa Íosác. Ghoill an chaint sin go mór ar Abrahám de bharr a mhic, ach dúirt Dia leis: “Ná bíodh ceist an ógánaigh agus na daoirsí ag goilliúint ort; cibé rud a deir Sárá leat a dhéanamh, déan rud uirthi, mar is trí Íosác a mhairfidh d’ainm i do shíol. Ach déanfaidh mé cine de mhac na daoirsí mar an gcéanna mar gurb é do shíolsa é.” D’éirigh Abrahám go moch ar maidin dá bhrí sin agus fuair sé arán agus seithe uisce agus thug do Hágár iad; d’ardaigh sé an leanbh ar a gualainn agus chuir chun siúil í. D’imigh sí léi agus bhí ar seachrán ar fud fhásaigh Bhéar Seaba. Nuair nach raibh braon uisce fagtha sa tseithe chuir sí an leanbh uaithi faoi thor. Ansin d’imigh sí agus shuigh os a choinne sall tamall maith ó bhaile, timpeall raon saighde agus dúirt sí léi féin: “Ní fhéadfainn a bheith ag faire ar an leanbh ag fáil bháis.” Agus shuigh sí os a choinne sall agus bhí an leanbh ag gol go hard agus shil sé na deora. Chuala Dia olagón an linbh agus ghlaoigh aingeal Dé ar Hágár ó neamh: “Cad tá ort, a Hágár?” a d’fhiafraigh sé; “ná bíodh eagla ort óir tá éiste ag Dia le glór an linbh ón áit ina bhfuil sé. Éirigh, tóg an leanbh agus coinnigh greim docht láimhe air, mar déanfaidh mé cine mor de.” Ansin d’oscail Dia súile Hágár agus chonaic sí tobar uisce, agus d’imigh agus líon an tseithe d’uisce agus thug deoch don leanbh. Agus bhí Dia leis an leanbh agus d’fhás sé agus chuir faoi sa bhfásach agus bhí sé oilte ar an tsaighead.

  • Marana

    Samhlaigh thú féin i do shuí lena taobh agus an droch-bhail seo uirthi le linn a haistir
    • Cuireann Hágár agus Ismeáéil tús leis an scéal seo agus iad slán sábháilte i dteach Abrahám. Tá fianaise ann go raibh gean aige orthu agus go ndearna sé cúram díobh. Ach, d’éirigh Sárá éadmhar tar éis scaithimh ghearr, agus d’iarr go ndíbreofaí an bheirt. Cuir thú féin i mbróga Hágár, agus í seolta chun bealaigh isteach in sa bhfasach lena mac.
    • Is gearr go gcaithear bia agus uisce Hágár. Ar an nóiméad seo, tá sí tite in san éadóchas agus í ag fanacht leis an mbás. Samhlaigh thú féin i do shuí lena taobh agus an droch-bhail seo uirthi le linn a haistir.
    • Go tobann, mar a deirtear, osclaíonn Dia a súile, feiceann sí tobar, agus tosaíonn a bhfuil i ndán di ag athrú. Cé leis a bhufil sé sin cosúil – di féin, d’Ismeáéil a mac, agus duitse agus tú ag breathnú ar an gcás?
    • Tagann Ismeáéil in inmhe in san bhfásach, fear a chuir é féin i bhfeiliúint don timpeallacht sin agus atá in ann gach a dteastaíonn uaidh a fháil. Cén sórt duine a bheadh in ann maireachtáil agus a theacht i méadaíocht faoi na coinníollacha dúshlánacha sin?
  • Labhair le Dia

    tugtar cuireadh dúinn lámh Dé a aithint sna himeachtaí seo, agus é ag comhlíonadh na ngeall eagsúil a rinne sé
    • Sa gcuid seo den ghuí a chothaíos comhrá, b’fhéidir go gcaithfeá tamall gearr inniu ag labhairt le gach uile dhuine de na príomh-phearsana. Fiafraigh díobh cad chuige ar ghníomhaigh siad mar a rinne agus fiafraigh díobh cé mar a d’airigh siad faoi? Tosaigh le Sárá, bean Abrahám, a d’éiligh ar dtús go ndíbreofaí Hágár agus a mac.
    • Labhair anois le hAbhrahám. Is cosúil gur cuireadh brú air rogha a dhéanamh idir an bheirt bhan seo agus an bheirt mhac arbh é a n-athair é. Cén bharúil atá aige-sean den chás.
    • Is geall le cóstóir roithleáin aistear Hágár sa sliocht gairid seo. Céard is mian leat a rá léi ag na stáideanna éagsúla agus an scéal seo dá inseacht?
    • Agus céard faoi Ismeáéil, an t-ógfhear a bhí in ann a bhealach a dhéanamh tríd an bhfásach?  Cé leis a mbeadh sé cosúil castáil leis blianta tar éis do na himeachtaí seo tarlú?
    • Ar deireadh thiar, tugtar cuireadh dúinn lámh Dé a aithint sna himeachtaí seo, agus é ag comhlíonadh na ngeall eagsúil a rinne sé. Labhair le Dia, mar sin, i dtaobh gach a bhfuil feicthe agat in sa tamall guí seo.
Abhaile