Socracht
Lige tú do do rogha bealach tú a chinnireacht go dtí áit shocair chiúin a dtig leat a bheith oscailte i gcomhair gach a dteastaíonn ó Dhia a dhéanamh nó a rá
- Má bhí tú ag gabháil don chúrsa spioradálta seo go dtí seo, beidh cleachtadh agat ar bhealaí éagsúla a thríáil le gabháil isteach i socracht níos mó. Ag éisteacht le fuaimeanna timpeall ort. A bheith airdeallach ar mhothúcháin na colainne. Ag tabhairt airde ar rithim d’análaithe. Ag fanacht socair, nó ag tabhairt áiteanna agus amanna socrachta chun cuimhne. Agus tú ag tosú inniu, pioc an ceann acu seo is fearr a d’oibrigh duit.
- Tóg go réidh é ar feadh cúpla nóiméad sa gciúnas go lige tú do do rogha bealach tú a chinnireacht go dtí áit shocair chiúin a dtig leat a bheith oscailte i gcomhair gach a dteastaíonn ó Dhia a dhéanamh nó a rá.
Scriptiúr
Íseáia 35:1–7
Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir, bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth; tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch, déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol. Maise na Liobáine tugtar dó, scéimh Chairmeil agus Sheárón lena chois sin; beidh maise an Tiarna le feiceáil acu seo agus scéimh an Dé seo againne. Déanaigí láidir na lámha atá faonlag agus cuirigí téagar sna glúine atá ag lúbadh; abraigí le lucht an chroí mhearaithe: “Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh. Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann, tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh; Dia atá ann ag agairt a chúitimh, agus é ag teacht do bhur slánú.” Déanfar a súile do na daill an uair sin agus réiteofar cluasa na mbodhar; beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir. Óir brúchtfaidh uisce aníos sa bhfásach agus srutháin i bhfearann an triomaigh; déanfar linn den talamh spallta agus toibreacha uisce de thír an tarta. Na huaimheanna mar a dtéadh na madraí allta a chónaí, beidh siad ina mothar cíbe agus giolcach.
Marana
Tá sé socraithe ag Dia go mbeidh an saol seo againn lán le dóchas in san am atá le teacht. Beidh an fásach faoi bhláth agus tiocfaidh deireadh le fulaingt an duine
- Na sleachta ar ghuígh muid lena gcúnamh sa gcúrsa spioradálta seo, insíonn siad dhá rud dúinn, ar a laghad, i dtaobh an fhásaigh. Ar an gcéad rud, is áit é a dtéann tú, más mian leat castáil le Dia, le hÍosa agus le Maois, Hágár agus Ismeáéil, Hóiséá agus Íseáia, agus pobal uile Iosrael – casadh Dia orthu uile in sna ceantair seo, atá dearóil, de réir cosúlachta. Agus tú ag gabháil níos doimhne in san am guí seo, bíodh a fhios agat go bhfuil tú i gcomhluadar neart daoine eile a thaistil mar atá tusa anois.
- Is é an dara rud atá feicthe againn nach furasta a bheith in sa bhfásach. D’éirigh pobal Iosrael amach, tháinig éadóchas ar Hágár, agus chuir an diabhal cathú ar íosa Críost. Samhlaigh an fásach mar íomha de na gnéithe dúshlánacha de do shaol féin.
- Gealltar dúinn i sliocht an lae inniu nach ag na dúshláin seo a bheas an lá. Tá sé socraithe ag Dia go mbeidh an saol seo againn lán le dóchas in san am atá le teacht. Beidh an fásach faoi bhláth agus tiocfaidh deireadh le fulaingt an duine. Déan cinnte go bhfuil na gealltanais sin cloiste dáiríre agat sul má fhreagraíonn tú.
- Cén chaoi a léirítear na gealltanais seo i do shaol féin? Céard a chaithfeadh tarlú le go bhféadfá a rá ‘Tá gach ar gheall Dia tugtha aige dom’?
Labhair le Dia
An bhfuil tú in ann a iarraidh ar Dhia tú a sheoladh amach ar an mbealach seo, ag iompar a theachtaireachta dóchais?
- An dtugann gealltanais an tsleachta seo dóchas iontach duit? An dóigh leat go bhfuil siad ró-mhaith le bheith fíor? Ar feadh tamaill anois, tabhair freagra tosaigh do Dhia a dhearbhaíos duit go bhfeicfidh tusa féin a ghlóir ar an mbealach seo.
- Láithreach bonn, i láthair Dé, cuir ainm ar na nithe dearóile i do shaol féin – an caidreamh scoilte, an dóchas nár comhlíonadh, an cliseadh leanúnach. Iarr air cóir leighis a chur ar na nithe sin mar a chuireas sé ar an bhfásach sa scriptiúr seo.
- Nochtann an sliocht seo plean Dé agus iarrann orthu siúd a chloiseas é a sheoladh ar aghaidh mar shoiscéal dóibh siúd a dteastaíonn uathu a chloisteáil. An bhfuil tú in ann a iarraidh ar Dhia tú a sheoladh amach ar an mbealach seo, ag iompar a theachtaireachta dóchais? Cé hiad na daoine a bhfuil aithne agat orthu is mó a dteastaíonn uathu cloisteáil faoi na gealltanais seo?
- Ó tharla gurb é seo an t-am guí deireanach de chuid an chúrsa spioradálta seo, cuir deireadh leis trí bhuíochas a ghabháil le Dia as ucht gach a bhfuil faighte agat in sna hamanna guí seo.