• Déan machnamh ar an gCúrsa Spioradálta

    Anois ag deireadh an chúrsa spioradálta seo, is fiú breathnú siar, ar nós mar is fiú breathnú siar ag deireadh ama fhada guí ar bith

    I ngar do thús Shoiscéal Naomh Matha, tráchtann Matha ar roinnt de na nithe a dhéanfas Íosa le linn a mhinistreachta. Déanfaidh sé teagasc sna sionagóga. Leigheasfaidh sé na daoine tinne. Cuirfidh sé fáilte roimh na sluaite. Tabharfaidh sé dúshlán an oilc. Gabhfaidh sé i mbun díospóireachta le daoine ar mór idir a dtuiscint siúd ar Dhia agus a thuiscint seisean. Agus i lár na cruóige seo uile, gabhfaidh sé ar leataobh in san adh-mhaidin go ngabha sé go dtí áit chiúin, fásach, le haghaidh guí. B’fhéidir le cúnamh Dé gur mar seo ar bhealach éigin a bhí an cúrsa spioradálta seo duit-se.

    Anois ag deireadh an chúrsa spioradálta seo, is fiú breathnú siar, ar nós mar is fiú breathnú siar ag deireadh ama fhada guí ar bith.

    Gabh siar ar nóta ar bith a bhreac tú nuair a bheas an deis agat; nó léigh cuid de na sleachta scriptiúrtha arís. Bíodh a fhios agat an bhfuil cuma athraithe ar ghnóthaí anois agus tú tagtha go dtí an stáid seo. Tharlódh go dtugann tú nithe faoi deara anois nár thug tú faoi deara ar an gcéad léamh. Tharlódh go mb’fhéidir gur tábhachtaí rud nó dhó anois ná mar a thuig tú nuair a casadh ort ar dtús iad.

    D’fhéadfadh sé go gcuideodh na ceisteanna seo a leanas leat agus tú i mbun léirmheasa:

    • Céard é an chéad rud is cuimhneach liom faoin gcúrsa beatha agus mé ag breathnú siar inniu?
    • An bhfuil mé in ann cuimhneamh ar amanna le linn an chúrsa beatha, i mbun guí, nó ag amanna eile, nuair a d’airigh mé gar do Dhia agus beo beathaitheach?
    • An raibh amanna ar airigh mé go mba dhúshlán dom an scriptiúr a bhí agam mar áis guí?
    • Céard tá athraithe i mo chaidreamh le Dia ó thosaigh mé ar an gcúrsa spioradálta?
    • Céard is mian liom gan a ligean i ndearmad?
    • Céard é is mó atá uaim ó Dhia agus mé ag gabháil chun cinn?

    Mar atá feicthe againn in sna laethanta seo, is áit áirithe an fásach, tailte gan chónaí taobh amuigh de bhailte agus de shráid-bhailte na Pailistíne. Freisin is áit é ar féidir linn castáil le Dia inniu, ar leataobh ó thranglam na beatha coitianta. Tig le fásaigh den sórt seo a bheith suaimhneach, ach tig leo a bheith dúshlánach freisin. Is deacair, ámh, beatha Chríostaí de chineál ar bith a shamhlú nach mbaineann aistear go dtí an fásach léi, anois is arís. Tharlódh gur thairg an cúrsa spioradálta seo eolas níos doimhne duit faoin gcaoi lena leithéid d’aistear a dhéanamh, i measc rudaí eile. Le linn duit buíochas a ghabháil le Dia babhta amháin eile faoi na bronntanais atá tugtha aige duit sa gcúrsa spioradálta seo, iarr air a bheith ann i gcónaí le castáil leat, gach uile am dtugann tú faoin bhfásach.

  • Aiseolas

    Is brea linn chloisteáil ó dhaoine a bhaineann úsáid as Cúrsa Spioradálta Carghais na bliana seo 'Isteach sa bhFásach'. Bain úsáid as an fhoirm teagmhála seo chun teagmháil a dhéanamh linn. 

Abhaile