An Chéad lá: I dtús báire bhí Grá
“Ghráigh mé thú le grá síoraí, ar an ábhar sin is dochaite mo ghean ort.” (Irimia 31:3)
Is é an focal tosaigh, agus is buaine sa saol seo againne ná grá síoraí an Athar. “Is é Dia an Grá”(1 Eoin 4:8). Ní thig leis an Athair gan sinn a ghráú. Sin is bunús dár saol. Trín a ghrá a chuirtear tús lenár saol, is trín a ghrá a chothaítear é agus glacfaidh an grá sin chuige féin sinn lá is faide anonn. Aithnimis a ghrá agus beidh deis againn an grá a chúiteamh leis.
Paidir an nóivéine: A Íosa, a Aonmhic, trí idirghuí do Mháthair naofa, cuirimid le do naomhthoil gnóthai uile an lae seo, gach ni, gach saothar dá gcaithimid a dhéanamh, is iarraimid ort éisteacht len ár n-achanaí inniu.