An Dara lá: An croí daonna, corrach, bocht, dealbh, ag cuardach..
“A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim, tá iata tharta ar m’anam chugat, ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leat amhail talamh tur tirim gan uisce.” (Salm 63:2).
Sa nóivéine seo cuirtear conair chreidimh, urnaí agus bheatha os ár gcomhair atá i ngátar spioradálta agus ar mian linn Íosa Críost a ghlacadh isteach inár gcroí. Aithnionn muid ár laige, le nach mbeidh laige ár gcroí ná laige spioraid ina chonstaic orainn, ach ar an gcuidiú is treise againn chun dul i dteagmháil le Dia atá báúil leis an duine bocht.
Tá domhain-tnúthán do chroi rí thábhachtach mar threoirí duit. Iarr ar Íosa a bhfuil uait i do chroí istigh a lorg ón ár n-Athair.
Paidir an nóivéine: A Íosa, a Aonmhic, trí idirghuí do Mháthair naofa, cuirimid le do naomhthoil gnóthai uile an lae seo, gach ni, gach saothar dá gcaithimid a dhéanamh, is iarraimid ort éisteacht len ár n-achanaí inniu.