An Tríú lá: Táimid in ár gcónaí i saol, éidreorach, ar leathchois.
“Rinne mo phobalsa coir dhúbalta: thréig siad mise, foinse an uisce bheo, agus thochail siad dabhcha dóibh féin, dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.” (Irimia 2:13)
Tá saol na linne seo gonta ag contrárachtaí pianmhara a tharraingíonn bás agus fulaingt. Is minic a phlúchtar idir bheatha agus ghrá trí fhoiréigean agus leithleachas. Tá conairí an Tiarna tréigthe againn go minic, maille lena phlean grámhar don chine daona.
“Tá ríocht Dé i ngar dúinn, déanaimis aithrí is criedimis i ndeáscéal a ghrá.”
Paidir an nóivéine: A Íosa, a Aonmhic, trí idirghuí do Mháthair naofa, cuirimid le do naomhthoil gnóthai uile an lae seo, gach ni, gach saothar dá gcaithimid a dhéanamh, is iarraimid ort éisteacht len ár n-achanaí inniu.