An Ceathrú lá: Cuireann an tAthair a Mhac uaidh a shlánú an domhain

“Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam, tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é?” (Íseáia 43:19)

Nílimid tréigthe ag an Athair sa saol seo. Tá a ghrá dúinn seanráite linn aige, agus ar bhealaigh éagsúla, trí na fáithe, agus anois, sna saolta seo, labhair Sé linn trína Mhac Íosa, an Críost (cf Eabhraigh 1:1). Ina theannta-san cuirtear ar ár súíle dhúinn Spiorad Dé ag feidhmiú sa saol, ag giniúint rud úr, fiú i measc léin agus deacrachtaí.

Tabhair chun cuimhne amanna agus eachtraí a d’ardaigh do chroí, a thug léas dóchais duit, nó imeacht a thugann a chuimhne suaimhneas croí duit. Aithnigh is gabh buíochas.

Paidir an nóivéine: A Íosa, a Aonmhic, trí idirghuí do Mháthair naofa, cuirimid le do naomhthoil gnóthai uile an lae seo, gach ni, gach saothar dá gcaithimid a dhéanamh, is iarraimid ort éisteacht len ár n-achanaí  inniu.

Abhaile