An Cúigiú Lá: Tugann Íosa a chairde orainn
Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; (ghlaoigh mé ort i d’ainm, agus is liomsa thú) …mar is luachmhar thú i mo shúile, is mór liom thú agus is mór é mo chion ort. (Íseáia 43:1 agus 4)
Tugann Íosa Críost a chairde orainn agus tugann Sé cuireadh dhúinn cumann dlúth grá a cheangal Leis. Tugann ár gcairdeas le Críost orainn an saol a fheiceáil lena shúilesean. Beimid ar aonintinn Leis cibé acu faoi lúcháir nó ag fulaingt Dó. Tabharfaidh sin orainn ár saol agus ár saothar a thairiscint Dó ar mhaithe lenár gcomhdhaoine.
Paidir an nóivéine: A Íosa, a Aonmhic, trí idirghuí do Mháthair naofa, cuirimid le do naomhthoil gnóthai uile an lae seo, gach ni, gach saothar dá gcaithimid a dhéanamh, is iarraimid ort éisteacht len ár n-achanaí inniu