An Seú lá: Maireann Críost ionainn.
An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilimse i m’Athair agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus mise ionaibh. (Eoin 14:20)
I ngeall ar a ghrá gan teorainn dúinn, is mian le Dia cónaí inár gcroíthe. Bímidne ag tnúth leis chomh maith, iarraimid é le croí umhal, agus a fhios againn nach n-éireoidh linn choíche é a bhaint amach as ár stuaim féin. Tagann Críost chugainn san Eocairist a dhéanamh a Chroí féin dár gcroí!
Paidir an nóivéine: A Íosa, a Aonmhic, trí idirghuí do Mháthair naofa, cuirimid le do naomhthoil gnóthai uile an lae seo, gach ni, gach saothar dá gcaithimid a dhéanamh, is iarraimid ort éisteacht len ár n-achanaí inniu.