An Seachtú lá: Ofráilimid ár mbeatha in éineacht Leis-sean
Deirimse…gur mó a chaith an bhaintreach bhocht seo isteach ná mar a chaith aon duine eile dár chaith ann…chaith sise isteach as a huireasa a raibh aici go léir, a cuid den saol. (Marcas 12:43–44)
Ag druidim níos dlúithe le Críost tugann sé sin orainn ár saol a chaitheamh ar son daoine eile, faoi mar a rinne Seisean. Faighimid amach go bhfuil ár saol fóinteach do dhaoine in ainneoin ár laige agus ár lochtanna. Nuair is léir dúinn go bhfuil cion Aige orainn, gur roghnaigh Sé sinn agus go gcónaíonn Sé ionainn uaislíonn sin muid, líonann le buíochas agus cuireann ar ár gcumas freagairt don raidhse maitheasa bronnta orainn trínár saol féin a ofráil mar a rinne Muire Nazareth.
Paidir an nóivéine: A Íosa, a Aonmhic, trí idirghuí do Mháthair naofa, cuirimid le do naomhthoil gnóthai uile an lae seo, gach ni, gach saothar dá gcaithimid a dhéanamh, is iarraimid ort éisteacht len ár n-achanaí inniu.