An Ochtú lá: Misean Trua agus Taise

Tá spiorad an Tiarna ionam…de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite. (Íseáia 61:1)

Is mian le Dia, Athair Íosa agus ár nAthair, a thaise a chur in iúl don saol trínne agus ionainne, a chairde. Tugtar cuireadh dhúinn ár gcuid féin a dhéanamh d’amharc grámhar an Athar ar an gcine daonna agus gníomhú le Croí Íosa Críost. Sa Nóivíene seo tagaimid le chéile le pobail ó chultúir agus ó thraidisiúin chreidimh éagsúla, daoine atá faoi réir an Spioraid agus ag oibriú le fulaingt na muintire is mó atá faoi anás a mhaolú.

Paidir an nóivéine: A Íosa, a Aonmhic, trí idirghuí do Mháthair naofa, cuirimid le do naomhthoil gnóthai uile an lae seo, gach ni, gach saothar dá gcaithimid a dhéanamh, is iarraimid ort éisteacht len ár n-achanaí  inniu.

Abhaile