An Naoú lá: Líonra domhanda urnaí
“Mar gheall ar Shíón ní fhanfaidh mé socair...go lasfaidh a fíréantacht mar an maidneachan is mar lóchrann ag lonrú.” …Sibhse a mheabhraíonn ár gcás don Tiarna, ná tugaigí sos dósan ach an oiread nó go gcuire sé Iarúsailéim ar bun ina duan molta dó go deo ar talamh. (Íseáia 62:1,6,7)
Tá muid ag glacadh páírt i Líonra Domhanda Urnaí san nóivéine seo in éineacht leis an bPápa Proinsias. Leanaimis orainn ag urnaí ar son intinní míosúla an Phápa. Tá fíor-dhúshlán sna hintinní seo don chine daonna agus don Eaglais araon.
Paidir an nóivéine: A Íosa, a Aonmhic, trí idirghuí do Mháthair naofa, cuirimid le do naomhthoil gnóthai uile an lae seo, gach ni, gach saothar dá gcaithimid a dhéanamh, is iarraimid ort éisteacht len ár n-achanaí inniu.