User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2018-06-17

Láthair Dé

Moillim ar feadh tamaill ag smaoineamh ar an ngrá atá ag Dia dom.
Dóirteann Dia a ghrásta go fial orm.
Chruthaigh Dia mé ina dheilbh fhéin
agus déanann sé teampall Dé díom.

Saoirse

"Is beag duine a aithníonn an áilleacht a chruthódh Dia
dá ligfidis dó iad a mhúnlú." (Naomh Iognáid)
Iarraim grásta Dé muinín iomlán a bheith agam as a ghrá.

Tabhair faoi deara

Conas atáim ionam féin inniu?
An bhfuilim tuirseach?
An bhfuilim faoi strus?
An bhfuil drochfhonn orm?
Má tá aon cheann acu seo ag déanamh tinnis dom,
an féidir liom scaoileadh leis na buarthaí seo?

Briathar Dé

Marcas 4:26-34

Agus dúirt: “Is amhlaidh atá ríocht Dé, mar a scaipfeadh duine síol ar an talamh, agus go gcodlódh sé féin agus go n éireodh, oíche agus lá, agus go mbeadh an síol ag eascar agus ag fás gan fhios dó. Tugann an talamh toradh uaidh féin, an geamhar ar dtús, an dias ansin, ansin an gráinne iomlán sa dias. Nuair a bhíonn an barr aibí, tugann sé an corrán dó gan mhoill de bhrí go mbíonn an fómhar ar fáil.”

Agus dúirt: “Cad leis a gcuirfimid ríocht Dé i gcomparáid, nó cén parabal a luafaimid léi? Tá sí mar a bheadh gráinne de shíol mustaird, atá ar an ngráinnín síl is lú ar bith de na síolta go léir nuair a bhíonn sé á chur sa talamh, ach nuair a bhíonn sé curtha, fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasraí go léir agus cuireann sé craobhacha móra amach sa chaoi go bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh faoina scáth.”

Is trí mhórchuid parabal den sórt sin a bhíodh sé ag labhairt an bhriathair leo, de réir mar a d’fhéad siad éisteacht leis. Ní labhraíodh sé leo gan pharabal, ach go míníodh sé gach aon ní dá dheisceabail féin os íseal.

 

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Beidh rud éigin i bhfolach i gcónaí faoi ríocht Dé agus beidh sé mistéireach. Faighimid leideanna anois is arís, an lá is fearr a bhímid, faoi cad a d'fhéadfadh a bheith ann nó faoin áit is féidir í a fháil. Agus ár saol laethúil á chaitheamh againn, cuireann an chéad pharabal inniu i gcuimhne dúinn go bhfuil an ríocht ag fás i gcónaí – níl a fhios againn conas! Ní muidne a chuireann i gcrích í ach cumhacht mhistéireach éigin nach léir dúinn. Is teagasc sólásach é seo do phobail Chríostaí faoi ghéarleanúint, nó a chónaíonn i dtimpeallacht naimhdeach tuata, nó a bhfuil a líon ag dul i laghad.
  • Sólásach freisin is ea an dara parabal a dhéileálann le fás freisin. Ní chuireann laghad shíol an mhustaird cosc ​​ar é a bheith ar an gceann “is mó de na glasraí go léir” (áibhéil – ach ní ceacht luibheolaíochta é seo!). Is minic a bhíonn Críostaithe ag iarraidh a bheith ar an reiligiún is líonmhaire, is cumhachtaí, is mó tionchar ar fud an domhain. Fiú dá gcomhlíonfaí dóchas mar é, ní dhearbhódh sé seo go raibh ríocht Dé tagtha. Mar Chríostaithe, is fearr dúinn sinn féin a fheiceáil mar an síol mustaird – beag, ar nós an pháiste, umhal, iontaobhach. Mar a deir Íosa in áit eile: “Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir ba ghnaoi le bhur nAthair an ríocht a thabhairt daoibh” (Lúcás 12:32).

Comhrá

Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cáirde lena chéile.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha