“Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n éistfear leo. Ná déanaigí aithris orthu; mar is eol do bhur nAthair na nithe a theastaíonn uaibh sula n iarrann sibh air iad. Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí:
Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d’ainm; go dtaga do ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh. Ár n arán laethúil tabhair dúinn inniu; agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin; agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.